Joanne Cantwell roghnaithe mar láithreoir ar The Sunday Game Live

Beidh Cantwell ar an gcéad bhean a chuirfidh príomhchlár CLG RTÉ i láthair

Joanne Cantwell roghnaithe mar láithreoir ar The Sunday Game Live

Is í Joanne Cantwell a thiocfaidh i gcomharbacht ar Michael Lyster mar láithreoir ar The Sunday Game Live ar RTÉ.

Beidh Cantwell ar an gcéad bhean a chuirfidh príomhchlár CLG RTÉ i láthair.

D’fhógair RTÉ tráthnóna gurb í an láithreoir as Baile Átha Cliath, a bhí ar an gcéad fhoireann ón gcontae sin a bhuaigh craobh shinsir na hÉireann i bpeil na mban, a chuirfidh The Sunday Game Live an samhradh seo chugainn.

Is í Cantwell a chuireann an clár irise rugbaí Against the Head i láthair ar RTÉ.

Tuairiscíodh go raibh iarchaptaen peile Chiarraí, an craoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta Dara Ó Cinnéide, ar ghearrliosta na láithreoirí a d’fhéadfadh teacht i gcomharbacht ar Michael Lyster ar The Sunday Game Live ar RTÉ.

Dúirt Joanne Cantwell go raibh “lúcháir” uirthi faoin scéal go mbeadh sí ag teacht i gcomharbacht ar Lyster.

“Táim an-tugtha dár gcluichí dúchasacha, is le The Sunday Game Live, mar thuairisceoir taobhlíne a thosaigh mé le RTÉ 11 bliain ó shin agus tá lúcháir orm go mbeidh mé mar phríomhláithreoir ar an seó mórchlú seo.

“Tá Michael Lyster sa Táin ar fad sa chraoltóireacht agus bhí ardmheas riamh agam air. Tá sé i bhfeighil an tí le 34 bliain anuas agus a stíl shainiúil féin aige.  Táim ag súil go mór le teacht i gceannas in 2019,” a dúirt Joanne Cantwell.

Fág freagra ar 'Joanne Cantwell roghnaithe mar láithreoir ar The Sunday Game Live'