Jimmí Chearra as Cois Fharraige, duine de mhórsheanchaithe na hÉireann, ar shlí na fírinne

Rugadh Séamus (Jimmí) Chearra i gClochar na Locha, ó thuaidh den Lochán Beag in Indreabhán, i nGaeltacht Chonamara i 1927

Jimmí Chearra as Cois Fharraige, duine de mhórsheanchaithe na hÉireann, ar shlí na fírinne

Tá Jimmí Chearra as Cois Fharraige, duine de sheanchaithe agus scéalaithe móra na hÉireann, tar éis bháis.

Rugadh Séamus (Jimmí) Chearra i gClochar na Locha, ó thuaidh den Lochán Beag in Indreabhán, i nGaeltacht Chonamara i 1927.

Bhí Jimmí Chearra aitheanta ar dhuine de scéalaithe móra na Gaeltachta agus tugadh éachtaint ar fhairsinge agus ar shaibhreas a chuid scéalaíochta sa leabhar Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige a chuir a mhac Pádraic Ó Cearra in eagar.

Déantóir poitín den scoth ab ea é freisin, mar a bhí ina mhuintir roimhe, agus ba é a mhúin an cheird sin dá gharmhac Pádraic Ó Griallais a bhunaigh an comhlacht Micil Poitín.

Maireann a bhean Bríd agus a gcúigear clainne.

Tabharfar a chorp óna theach cónaithe ag 11.15am amárach, Dé Máirt an 22 Meán Fómhair, go dtí Séipéal an Chnoic, mar a mbeidh an tAifreann sochraide ar siúl ag meán lae. Cuirfear é tar éis an Aifrinn i Reilig an Chnoic.

De bharr na dtreoirlínte faoin tsláinte phoiblí Aifreann don chlann amháin a bheidh ann ach is féidir teacht air ar líne anseo.

Fág freagra ar 'Jimmí Chearra as Cois Fharraige, duine de mhórsheanchaithe na hÉireann, ar shlí na fírinne'

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh Anam uasal.