Tá trí cinn de cheantair Ghaeltachta tite ó Chatagóir A go Catagóir B de réir an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011 atá á fhoilsiú ar maidin – An Spidéal, Co na Gaillimhe, Ceathrú Thaidhg, i Maigh Eo, agus Cill Chuimín, i nGleann Trasna na Gaillimhe.
155 toghroinn ar fad atá sa Ghaeltacht.
21 toghroinn Ghaeltachta atá anois i gCatagóir A, de réir dháileadh na faisnéise a bhaineann le torthaí Dhaonáireamh 2011, agus 26 agus 108 toghroinn atá i gCatagóirí B agus C faoi seach.
24 toghroinn a áiríodh i gCatagóir A sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch a foilsíodh i 2007.
Le go mbeadh ceantar áirithe mar cheantar ‘Catagóir A’ ní mór do 67% den phobal ann a bheith ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.
Ó thit Ceathrú Thaidhg go Catagóir B, fágann sé nach bhfuil aon toghroinn fágtha i gcontae Mhaigh Eo atá i gCatagóir A. Tá 12 toghroinn i nGaeltacht na Gaillimhe, cúig cinn i gCorca Dhuibhne agus ceithre cinn i nGaeltacht Thír Chonaill atá i gCatagóir A.
Áirítear Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill le toghroinn Anagaire i gCatagóir B ach maítear sa tuarascáil go mbeadh an ceantar ar aon dul le ceantair Chatagóir A “dá bhféadfaí scagadh poiblí a dhéanamh ar fhaisnéis teanga” na mbailte fearainn sa cheantar.
Tá an bhearna idir na ceantair a bhí ag bun Chatagóir A agus ag barr Chatagóir B sa bhliain 2007 fós le tabhairt faoi deara sa taighde nua. Tá méadú le feiceáil, áfach, i líon na gceantar atá anois i gCatagóir B, go háirithe i gCiarraí agus i Múscraí. Tá méadú tagtha chomh maith ar líon na gcainteoirí laethúla i gceantair áirithe i gCatagóir B, ina measc Ráth Chairn na Mí agus Béal Átha an Ghaorthaidh i gCorcaigh.
Tá 26 toghroinn i gCatagóir A agus 108 toghroinn i gCatagóir C, de réir an uasdátaithe.
Cuimsíonn Catagóir A na toghranna a bhfuil breis agus 67% den daonra iomlán ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Deirtear sa tuarascáil gur ionann 67% den phobal a bheith ina gcainteoirí laethúla agus tairseach chinniúnach theangeolaíoch.
Is iad na ceantair i gCatagóir B na toghranna sin a bhfuil idir 44%-66% den daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Tá úsáid na Gaeilge le sonrú sna ceantair seo ach is léir go bhfuil úsáid an Bhéarla in uachtar iontu. Is i gcomhthéacs scoile is mó atá an Ghaeilge á húsáid ag daoine óga sna ceantair seo.
Rangaítear i gCatagóir C ceantair ina bhfuil faoi bhun 44% den daonra ina gcainteoirí laethúla. Sa chás seo, úsáidtear an Ghaeilge fós i gcuid de na gréasáin aitheantais agus de na hinstitiúidí oideachais agus pobail sna ceantair ach baintear leas an-teoranta aisti mar theanga phobail.
Deirtear sa tuarascáíl nua go bhfuil “bearna shuntasach idir líon na gcainteoirí gníomhacha Gaeilge i measc an aosa óig agus líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa phobal trí chéile i gcás na Limistéar Pleanála Teanga ar fad”.
Maítear leis nach féidir “talamh slán a dhéanamh de” go dtugann stádas mar cheantar Chatagóir A le fios “go bhfuil bonn seasmhach faoi chinniúint na Gaeilge” sa cheantar sin.
Tugtar le fios chomh maith go mbíonn meascán de “thoghranna a fhreagraíonn do phróifílí Chatagóirí A, B nó C” laistigh den Limistéar Pleanála Teanga céanna.
NA CEANTAIR I gCATAGÓIR A AGUS NA CEANTAIR A THIT Ó CHATAGÓIR A GO B
NA CEANTAIR I gCATAGÓIR B
Coiste Pobail na Tulaí
Mar eolas tá ceantaireacha Na Minna agus An Tulach san áireamh i dtoghroinn Chill Chuimín chomh maith le Ros a Mhíl – níor mhór é sin a cheartú.
Donncha Ó hÉallaithe
Ceartú beag eile: Figiúirí ón Daonáireamh i 2002 atá liostáilte don bhliain 2007 thuas. Deineadh an catagóiriú i 2007 ceart go leor bunaithe ar figiúirí Daonáirimh 2002!