Is túisce a déarfadh duine a bhfuil Gaeilge aige go bhfuil dea-shláinte aige – taighde nua

Tá léargas nua ar chás na Gaeilge agus cás na hUltaise sa Tuaisceart i dtuarascáil taighde nua ó Ollscoil na Banríona agus Áisíneacht Staitisticí agus Taighde Thuaisceart Éireann (NISRA)

Is túisce a déarfadh duine a bhfuil Gaeilge aige go bhfuil dea-shláinte aige – taighde nua

Léiríonn mórstaidéar nua as Tuaisceart Éireann, Profiling the Irish language in Northern Ireland, go bhfuil chomhchoibhneas idir daoine a bhfuil Gaeilge acu agus daoine a deir go bhfuil dea-shláinte acu.

Ríomh taighdeoirí as Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste na tosca is mó a bhfuil nasc idir iad agus eolas ar an nGaeilge a bheith ag duine, tar éis dóibh tosca eile a chur san áireamh. 

Agus iad ag scrúdú chumas Gaeilge an phobail i dTuaisceart Éireann fuair siad amach gur daoine óga idir 11 agus 15 bliain d’aois an dream is mó a raibh eolas ar an nGaeilge acu. 

Dreamanna eile ar dóichí dóibh eolas ar an nGaeilge a bheith acu iadsan a tógadh ina gCaitlicigh nó a tógadh gan aon reiligiún, daoine a raibh céim ollscoile acu agus daoine a dúirt gur Éireannaigh iad. Ba mhó seans freisin go mbeadh labhairt na Gaeilge acusan a bhí ina gcónaí le daoine eile a raibh Gaeilge acu. 

Dúirt beagnach dhá dtrian (62.6%) de na daoine a raibh eolas ar an nGaeilge acu go rabhadar ina gcónaí le duine nó daoine eile a raibh Gaeilge acu. Bhí 26.5% díobh in aon tíos le Gaeilgeoir amháin eile, 15.5% le beirt eile agus 20.6% acu le triúr eile nó níos mó. 

Bhí cúig uaire níos mó seans ann go mbeadh Gaeilge ag daoine a rugadh ó dheas den teorainn agus bhí sé ceithre uaire níos dóichí go mbeadh Gaeilge ag Caitliceach ná ag Protastúnach. Daoine a raibh reiligiún éigin eile acu nó nach raibh aon reiligiún acu bhí dhá uair níos mó seans ann go mbeadh Gaeilge acusan ná ag Protastúnaigh. 

Na daoine sin a chuir iad féin in iúl mar Éireannaigh bhí a dhá oiread seans ann go mbeadh Gaeilge acu agus daoine a dúirt gur Éireannaigh Thuaisceart Éireann iad bhí sé 6% níos dóichí go mbeadh Gaeilge acusan. Na daoine a dúirt gur Briotanaigh iad féin bhí 39% níos lú de sheans ann go mbeadh Gaeilge ar eolas acu. 

Na daoine a bhí ina gcónaí sna ceantair is boichte nó a bhí ina gcónaí in iarthar nó i ndeisceart Thuaisceart Éireann ba mhó an seans go mbeadh Gaeilge acu. Mar sin féin laghdaigh an dóchúlacht sna ceantair sin féin nuair a cuireadh reiligiún, féiniúlacht náisiúntachta agus comhchónaitheoirí an tí san áireamh. 

Tar éis do na taighdeoirí na tosca eile ar fad a chur san áireamh, d’aithin siad go raibh ceangal dearfach ag an dea-shláinte le heolas ar an nGaeilge. 

Dúirt 82.3% de na daoine a dúirt go raibh eolas ar an nGaeilge acu go raibh dea-sláinte nó sláinte iontach acu, rud nach raibh le rá ach ag 78.2% de na daoine ar fad a scrúdaíodh sa taighde. 

Na daoine a dúirt nach raibh a sláinte ach maith go leor, bhí 16% níos lú de sheans ann go raibh Gaeilge acu agus na daoine a bhí i ndrochshláinte bhí 19% níos lú de sheans ann go raibh aon Ghaeilge acu. 

Daoine idir 3-74 bliain a raibh deacrachtaí cumarsáide acu, bhí 49% níos lú de sheans ann go raibh Gaeilge acu. 

15.5% de na daoine ar fad a scrúdaíodh sa taighde a dúirt go raibh eolas éigin ar an nGaeilge acu.

Na daoine a mhaígh i ndaonáireamh 2001 go raibh Gaeilge acu, beagnach an coibhneas céanna díobh a choinnigh greim uirthi (31.6%), a dhearmad í (32.7%) nó a d’fhoghlaim í (35.7%) sna deich mbliana idir an dá dhaonáireamh. 

Is iad na leanaí idir 3-10 mbliana an céatadán is mó a d’fhoghlaim Gaeilge idir 2001 agus 2011. D’fhoghlaim 13.6% de na leanaí san aoisghrúpa sin an teanga sna blianta sin agus d’fhoghlaim 13.3% de na déagóirí idir 11-15 bliain Gaeilge.

Ollscoil na Ríona a bhí i bhfeidhm an taighde seo ar chumas Gaeilge agus fuarthas tacaíocht ó thaighdeoirí Áisíneacht Staitisticí agus Taighde Thuaisceart Éireann (NISRA) le cead na Roinne Pobal. 

Bhain na taighdeoirí leas as sonraí daonáirimh trí Staidéar Fadaimseartha Thuaisceart Éireann (NILS), sampla mór (28%) de dhaonra Thuaisceart Éireann. 

Na daoine a dúirt go raibh eolas ar an Ultais acu, bhí beagnach dhá dtrian (65.1%) díobh ina gcónaí le cainteoirí Ultaise eile. Bhí 36.1% díobh in aon tíos le hUltaiseoir amháin eile, bhí 13.0% le beirt eile agus 16.0% le triúr nó níos mó. 

Nuair a chuir an lucht taighde na tosca eile ar fad sa gcomhaireamh, d’aithin siad na tosca is mó a raibh nasc eatarthu agus eolas a bheith ag duine ar an Ultais in 2011. 

Is dóichí go mbeadh eolas ar an Ultais agat má tá tú ag dul in aois, go háirithe má tá an leathchéad sáraithe agat. Is mó seans go mbeadh Ultais agat más fear tú nó má tá tú ag cónaí i líon tí ag bhfuil an Ultais, nó má tá tú i do Phrotastúnach.

Is mó seans freisin go mbeadh Ultais ag an té a mbíonn féiniúlacht Albanach nó Bhriotanach á mhaíomh aige, ag an té a bhfuil cáilíocht tríú leibhéal aige agus ag an té atá ina chónaí sa gcoirnéal thoir thuaidh de Thuaisceart Éireann. 

Agus chuile shórt curtha san áireamh ag an lucht taighde ba léir dóibh nasc idir cumas Ultaise agus sláinte mhaith. Bhí tionchar diúltach ag deacrachtaí cumarsáide ar chumas Ultaise ach nasc dearfach a fuair siad idir deacracht éisteachta agus cumas Ultaise. 

Fág freagra ar 'Is túisce a déarfadh duine a bhfuil Gaeilge aige go bhfuil dea-shláinte aige – taighde nua'

  • Dónall Mór Mac Billings/Bille

    Sláinte an Bhradáin — Labhair í (An Ghaeilge) agus mairfidh tú !!! Comh folláin le breac

    Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís —agus biseach a chur ar do chuid sláinte.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile agus sláinte níos fearr i gceist.

    Cothaigh suim sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille agus tiocfaidh an leigheas i bhfeidhm.

    Sa Tír ar fad fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    Lean ar aghaidh le cúrsaí acadúla ina dhiadh sin.

    Labhair í agus mairfidh tú .

    Is mise le dóchas agus sláinte mhaith
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga, Polaitíochtaí agus Slainte.

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

    Focal scoir : Níl mo shláinte thar mholadh beirte ná taighde !!!