‘Is there another Ballyferriter?’ – 50 coir i mBaile an Fheirtéaraigh le 5 bliana anuas in ainneoin tuairiscí sna meáin

Caitheann anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh tuilleadh amhrais ar an scéal go bhfuil an baile beag in Iarthar Duibhneach i measc na gceantar is measa sa stát ó thaobh na coiriúlachta de

Garda 2 FP

Níor taifeadadh ach 50 coir ar fad i stáisiún na nGardaí i mBaile an Fheirtéaraigh i gCiarraí le cúig bliana anuas, in ainneoin an baile beag Gaeltachta a bheith á lua sna meáin i measc na n-áiteanna is airde sa tír ó thaobh ráta coiriúlachta de.

Cé go raibh Baile an Fheirtéaraigh áirithe ar an tríocha ceantar is measa sa tír ó thaobh na coiriúlachta ar liosta a foilsíodh san Irish Independent inné, léiríonn an anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh gur níos lú ná coir amháin in aghaidh na míosa a taifeadadh sa bhaile beag in Iarthar Duibhneach le cúig bliana anuas.

Dealraíonn sé go bhfuil an ráta coiriúlachta a d’fhág Baile an Fheirtéaraigh ar liosta an Irish Independent bunaithe ar an gcás go mbeadh 100,000 duine ag maireachtaint ann.

De réir na hanailíse a rinne Tuairisc.ie ar an Neighbourhood Crime Survey 2015 a d’fhoilsigh The Times níos túisce an mhí seo, bhí Baile an Fheirtéaraigh ar an 60 ceantar is sabháilte sa stát agus ráta coiriúlachta 0.9% aige, figiúir i bhfad níos lú ná an meánráta náisiúnta, 4.7%. Léiríonn na figiúirí chomh maith nach coireanna a d’áireofaí mar choireanna tromchúiseacha a bhí i gceist i bhformhór na cásanna a deineadh a thaifeadadh i mBaile an Fheirtéaraigh.


Tábla – Líon agus cineál na gcoireanna a taifeadadh i mBaile an Fheirtéaraigh ó Eanáir 2010 go Meitheamh 2015

Table Ballyferriter
Foinse- An Phríomh-Oifig Staidrimh

B’ionann an ráta coiriúlachta sa suirbhé sin agus líon na gcoireanna in aghaidh gach 100 duine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar.

De réir na hanailíse a dhein Tuairisc.ie ar líon na gcoireanna a taifeadadh i ngach ceann den 563 stáisiún Gardaí sa Stát, bhí gach ceantar Gaeltachta go maith faoi bhun an mheánráta náisiúnta ó thaobh coiriúlachta de.

Ba sa Daingean, baile mór turasóireachta, a bhí an ráta coiriúlachta in aghaidh an duine is airde sa Ghaeltacht, cé go raibh an Daingean féin go maith faoi bhun an mheánráta náisiúnta.

Tuairiscíodh ar an Irish Independent inniu go raibh ‘mearbhall’ ar mhuintir Bhaile An Fheirtéaraigh faoin scéala go raibh an baile go hard ar liosta na n-áiteanna is measa a bhí buailte ag an gcoiriúlacht.

Bhí amhras mór ar Thomás Mac Gearailt, Cathaoirleach Chomharchumann Chorca Dhuibhne, faoin liosta a foilsíodh inné.

“Is there another Ballyferriter?” a d’fhiafraigh Mac Gearailt den Irish Independent ar chloisteáil dó an scéal.

Fág freagra ar '‘Is there another Ballyferriter?’ – 50 coir i mBaile an Fheirtéaraigh le 5 bliana anuas in ainneoin tuairiscí sna meáin'