Is ‘siombail oiriúnach’ é an ‘seanbhád’ an ‘Queen of Aran’ do chur chuige an Rialtais i leith na Gaeltachta

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gur ‘béalghrá agus cur i gcéill’ amháin a bhíonn ar bun ag an Rialtas maidir le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go bhfuil an baol ann gur ‘ag marú na Gaeilge le ‘platitudes’ agus le neamhaird’ a bhíonn polaiteoirí na Dála

Is ‘siombail oiriúnach’ é an ‘seanbhád’ an ‘Queen of Aran’ do chur chuige an Rialtais i leith na Gaeltachta

Tá ráite ag urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín gurb ionann cur chuige an Rialtais i leith na Gaeilge agus “béalghrá agus cur i gcéill”. 

Agus ráitis á dtabhairt ag polaiteoirí sa Dáil inné do Sheachtain na Gaeilge, dúirt Tóibín gur “siombail oiriúnach” do chur chuige an Rialtais i leith mhuintir na Gaeltachta í an ‘Queen of Aran’, an bád is cúis leis an gconspóid atá faoi láthair ann maidir le seirbhís farantóireachta oileán Thoraí.

“Cuireann sé an t-amhrán i gcuimhne dom. Tá báidín an Teachta McHugh diúltaithe ar Thóraí. Nuair a smaoinítear ar an gcuma atá ar an seanbhád sin agus go bhfuil an tAire Stáit agus an Rialtas ag iarraidh go mbeidh sé ag freastal ar phobal beo Gaeltachta, is siombail eile oiriúnach í don tslí ina mbíonn an Rialtas ag déileáil le riachtanais mhuintir na Gaeltachta,” a dúirt Peadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

Mháigh Tóibín nach dtuigeann baill an Rialtais “an phráinn atá i gceist mar gheall ar an Ghaeilge agus an Ghaeltacht” agus nach bhfuil tuiscint “ar chor ar bith” acu ar cad ba cheart a dhéanamh chun teacht i gcabhair ar an teanga.

“Mura bhfuil muid ionraic faoin fhadhb ní bheimid in ann dul i ngleic léi. Tá contúirt ann go gcaithfimis ár gcuid ama ag marú na Gaeilge le ‘platitudes’ agus le neamhaird uirthi istigh anseo,” a dúirt Tóibín.

Thagair an Teachta Dála de chuid Shinn Féin don titim 11% a tháinig idir 2001-2016 ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht.

Dúirt sé nach raibh ach 502 páiste idir trí bliana agus ceithre bliana d’aois sa Ghaeltacht a labhraíonn Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais agus gur ar an líon beag sin páistí atá a bhfuil i ndán don Ghaeltacht ag brath.

“Tá sé dochreidte. Tá tromlach na réamhscoileanna sna ceantair Ghaeltachta ag feidhmiú trí Bhéarla agus déanfaidh sé seo an-chuid dochair do chur i bhfeidhm an pholasaí don oideachas Gaeltachta,” a dúirt Tóibín. Luaigh sé chomh maith na ciorruithe móra a rinneadh ar eagraíochtaí teanga le linn bhlianta na géarchéime eacnamaíche.

“Bhí titim 70% ar mhaoiniú caipitil d’Údarás na Gaeltachta ó 2007 agus ní raibh dada nua sa bhuiséad is déanaí.  Bhí ardú 66% ar mhaoiniú caipitil an IDA agus ardú 42% ar mhaoiniú caipitil Fiontraíocht Éireann sa tréimhse chéanna. Taispeánann sé sin an dá shlí ina ndéileálann an Rialtas leis an Ghaeltacht agus leis an Ghalltacht.

“Mar a luaigh an Teachta Ó Cuív an tseachtain seo caite, tá maoiniú caipitil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht tite ó €71 milliún in 2008 go dtí €10 milliún i mbliana. Ba é an Teachta Ó Cuív an tAire ar a raibh freagracht as an Ghaeltacht ag tús na gciorruithe déine sin,” arsa urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Peadar Tóibín.

Fág freagra ar 'Is ‘siombail oiriúnach’ é an ‘seanbhád’ an ‘Queen of Aran’ do chur chuige an Rialtais i leith na Gaeltachta'