Is mór an trua nárbh ann do GAAGO ar an 25 Lúnasa 1985

Ach oiread le gach aon rud eile sa saol caithfear an chothromaíocht cheart a aimsiú maidir le híoc ar amharc

Is mór an trua nárbh ann do GAAGO ar an 25 Lúnasa 1985

Paidi O'Se. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Tá cuimhne ghrinn agam ar a bheith bailithe timpeall an raidió ar an 25 Lúnasa 1985 le héisteacht leis an tráchtaireacht ar athimirt chluiche leathcheannais peile na hÉireann idir Muineachán agus Ciarraí. Is cuimhin liom dath oráiste an raidió a bheith ábhairín tréigthe agus bhí an aeróg lúbtha de bheagán.  Dhein sé an bheart. Gaiscí ár laochra á samhlú i scioból ár samhlaíochta.

D’aon léitheoir faoi bhun tríocha bliain d’aois níl aon oidhre ar an gcuntas beag thuas ach rud éigin as Bailiúchán na Scol. B’amhlaidh a bhí an uair sin. Ní chraoltaí beo ach na babhtaí deireanacha agus leis sin fiú ní chraoltaí cluichí athimeartha. D’imigh sin agus tháinig seo. Le seachtain anuas táthar ag cur is ag cúiteamh agus ag cnáimhseán faoin ardán ar a mbeidh an bhreis is 200 cluiche a chraolfar ar RTÉ, TG4, BBC agus GAAGO i mbliana.

Bhí muc ar gach mala ag sciar áirithe de lucht leanta CLG nuair a deineadh cleamhnas le Sky. Nuair a d’imigh sin chinn RTÉ agus GAA ar chleamhnas dá gcuid féin a dhéanamh agus tháinig GAAGO ar an bhfód. Íoc ar amharc faoi chló eile atá ann dar le mórán, agus an ceart acu. Tá daoine eile ann a bhfuil ríméad orthu mar go mbeidh níos mó cluichí ná riamh á gcraoladh.

Ach oiread le gach aon rud eile sa saol caithfear an chothromaíocht cheart a aimsiú maidir le híoc ar amharc.

Mar gheall go bhfuil an comórtas caide athraithe ó bhonn agus an bhiaiste ciorruithe, ní raibh an séasúr riamh chomh teanntaithe agus cluichí ag teacht sa mhullach ar a chéile. Beidh cúig cinn déag de chluichí ar siúl an deireadh seachtaine seo amháin. Nuair a bheidh babhtaí an tseisir déag faoi lán seoil beidh dhá dheireadh seachtaine againn in mbeidh na piardaí móra ag tabhairt aghaidh ar a chéile in ocht gcluiche.

Faoi mar a luas thuas beidh breis agus 200 cluiche CLG á gcraoladh in 2023. Ní féidir le haon chraoltóir seirbhíse poiblí an t-ualach sin a iompar ó thaobh airgeadais. Mura dtaitníonn íoc ar amharc leat an réiteach a bheidh ar an scéal ná gan an oiread sin cluichí a chraoladh beo. Siad na contaetha is laige agus comórtas nua Tailteann a bheadh thíos leis. Tá sé chomh simplí sin.

Le haon fhorbairt fágfar daoine ar an trá fholamh, sin nádúr an tsaoil. Óir gur seirbhís é GAAGO atá bunaithe ar an idirlíon tá na ceantair nach bhfuil teacht acu ar leathanbhanda nó daoine nach bhfuil an teicneolaíocht acu san fhaopach. Níl aon dul as sin ach cúnamh ó dhaoine muinteartha. Tá daoine ag cnáimhseán faoi bpraghas, €79 ar shíntiús bliana. Tá 38 cluiche á gcraoladh go heisiach ar an ardán, sin beagán sa bhreis ar €2 an cluiche. Tá €160 sa bhliain ar an gceadúnas teilifíse. Cinnte, dhéanfaí an buile a mhaolú dá mbeadh praghas níos lú ná €50, go mórmhór don chéad bhliain.

Ós ag caint ar thús mé níor chabhraigh sé gur thosaigh an séasúr i gceart le dhá chluiche iontacha iománaíochta idir piardaí Chúige Mumhan ar GAAGO amháin.

Cuireadh an lasair sa bharrach agus gan sinn ach tosnaithe amach. Dá mbeadh ceann acu sin fiú ar RTÉ mhaolófaí an drochmhianach. Sna seachtainí atá romhainn beidh Ciarraí agus Maigh Eo agus Gaillimh agus Tír Eoghain ar GAAGO amháin chomh maith. Tosnóidh an cnáimhseán in athuair.

Níl an socrú seo idéalach ach níl a fhios agam ar ann do shocrú atá.

Fág freagra ar 'Is mór an trua nárbh ann do GAAGO ar an 25 Lúnasa 1985'

  • Carraig53@protonmail.com

    Fan go n-éireoidh muintir Mhuigheo agus na Ríochta in airde ar a gcosa deirdh chúcu!