Is mór an spórt é a bheith ag éisteacht leis an DUP ag gearán faoi chaint mhaslach Donald Tusk

Bhí an DUP bródúil riamh as a bheith ag maslú daoine

Is mór an spórt é a bheith ag éisteacht leis an DUP ag gearán faoi chaint mhaslach Donald Tusk

Nigel Dodds MP, Gregory Campbell MP, Arlene Foster MLA, Edwin Poots MLA. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

An raibh dianphlé san DUP roimh a gcinneadh tacú le feachtas an Bhreatimeachta?

Ar phléigh an páirtí na himpleachtaí d’fheirmeoirí, do thionsclóirí, d’oibrithe, don easpórtáil agus an iompórtáil?

An ndearna an DUP measúnacht ar an tionchar a bheadh ag fágáil an Aontais Eorpaigh ar an eacnamaíocht abhus, ar an tsíocháin agus ar cheisteanna na teorann?

An ndearna an DUP aon anailís ar an éifeacht a bheadh ag imeacht as an Aontas Eorpach ar an saol i dTuaisceart Éireann?

Cuireadh na ceisteanna sin ar Theachta Tionóil de chuid an DUP, Jim Wells ar BBC Raidió Uladh maidin Déardaoin.

A fhreagra: tháinig na feisirí Parlaiminte agus na Teachtaí Tionóil le chéile agus rinneadh an cinneadh d’aon ghuth. Ní raibh gá le dianphlé mar bhí taithí againn ar an Aontas Eorpach le breis is dhá scór bliain agus bhí a fhios againn nárbh é ár leas é a bheith páirteach ann. Páirtí Eorasceipteach ab ea an DUP riamh, fearacht Shinn Féin. D’athraigh Sinn Féin a bport cé nár chuir siad mórán stró orthu féin ag feachtasaíocht in aghaidh an Bhreatimeachta le linn an reifrinn, tá siad éirithe i bhfad níos diongbháilte ó shin.

Más cruinn cuimhne Wells níor rith sé leis an DUP a phort frithEorpach a athrú. Níor thóg sé ach nóiméid chun a gcinneadh faoin mBreatimeacht a dhéanamh agus ní raibh lá aiféala ar éinne san DUP ó shin, a deir sé.

Cruthúnas go raibh an ceart ag Donald Tusk. Níor chaint mhín ná caint taidhleora a raibh le rá aige faoi áit a bheith in ifreann d’ailtirí an Bhreatimeachta mar nach ndearna siad plean ar bith chun imeacht go sábháilte as an AE. Ach b’fhíor dó nár deineadh anailís, machnamh ná pleanáil roimh ré.

Is fíor nach é Jim Wells fear straitéise an DUP. Is fíor freisin go raibh sé ag caint ar chlár raidió a ndéanann an DUP baghcat air agus go mbeadh Wells inséanta mar urlabhraí. Ach ní hé Teachta an Dúin Theas an chéad duine san DUP gur bheag a shuim sna himpleachtaí. Dúirt Nelson McCausland gur chuma leis féin cén toradh a bheadh ar an mBreatimeacht abhus fhad is go bhféadfadh sé an tAE a fhágáil.

Bhíothas den bharúil nuair a d’fhógair an DUP a seasamh san reifreann go raibh siad patuar go maith faoi, gur ar mhaithe leis an gceann is fearr a fháil ar an UUP a hí siad agus go raibh daoine sinsearacha sa pháirtí a bhí i bhfabhar fanacht san AE. Nuair a ghlac siad leis an maoiniú ar a dtugtar “an t-airgead salach” chun páirt a ghlacadh sa bhfeachtas sa Bhreatain Mhór ba léir go raibh rud éigin eile ar siúl. Ag an am sin ní raibh tuairim ag go leor i Londain cérbh iad an DUP nuair a chonaic siad a bhfógra ag moladh imeacht as an AE sa saornuachtán an Metro.

Nach mór atá athraithe ó shin. Tá a fhios anois cé hiad féin, ceangal na gcúig gcaol acu ar an bPríomh-Aire May agus iad i gcomhghuaillíocht leis an ERG, an grúpa is diongbháilte sna Caomhaigh ar son an Bhreatimeachta. Bhí cumhacht an pháirtí in Westminster le tamall as compás leis an uimhríocht. Deichniúr feisirí as 650, tionchar as cuimse acu agus súil acu gur mar sin a d’fhanfadh cúrsaí. Tá a fhios ag an saol conas a tharla sé, toghchán tubaisteach gan ghá a ghairm ag Theresa May agus a thug ról dóibh nár samhlaíodh riamh don DUP. I Meitheamh 2017 nuair a chaill May an móramh beag a bhí ag na Caomhaigh, bhí an DUP lena ndeich suíochán in ann dianmhargadh a dhéanamh as muinín agus soláthar. Ní nach ionadh is breá leis na feisirí an ardchéim atá acu.

Cé go bhfuil cogarnaíl ar siúl le tamall go mb’fhéidir go mbeadh an DUP níos solúbtha an mhí seo chugainn, ach a bpraghas a íoc, is léir go bhfuil dearcadh ag roinnt daoine sa pháirtí gur cheart don Aontas Eorpach gach a bhfuil uathu a ghéilleadh dóibhsean agus do na Tóraithe, saorthrádáil a bheith acu ach saoirse ó rialacha an AE. Dúirt Jim Wells ar an gclár raidió sin nach raibh uathu ach margadh trádála roimh imeacht, agus deireadh leis an gcúlstad. Dúirt sé freisin gur léirigh caint ainmheasartha Donald Tusk an chúis nár mhór an tAE a fhágáil mar nach raibh sé ag géilleadh do vóta na Parlaiminte i Londain. Bhí an tAE, ar sé “totally unresponsive to the needs of their members”. Níor léir dó, is cosúil nach mbeadh tír a bhí ag fágáil i dteideal na gcearta atá dlite do bhallstáit.

Is mór an spórt é a bheith ag éisteacht leis an DUP ag gearán faoi chaint mhaslach Donald Tusk. Caint mar seo ó pháirtí a bhí bródúil riamh as a bheith ag maslú daoine. ‘Drochmheas orainne a vótáil go daonlathach,’  arsa Arlene Foster, an bhean a thug rógairí agus fealltóirí ar a comhghleacaithe a bhí tofa go daonlathach as Sinn Féin agus an SDLP in Stormont, agus a thuill cáil as a caint ar chrogaill. Gan a dhul i bhfad scéil leis, ní gá dianchuardach chun a theacht ar dhaoine a bhlais faobhar maslach an DUP i gcaitheamh na mblianta, Caitlicigh, daoine aeracha, Ioslamaigh agus Gaeilgeoirí.

Bíonn an fhírinne searbh. Más fíor gur leor an teicneolaíocht chun teorainn chrua a sheachaint nach ionann sin agus a rá nach dtiocfadh an cúlstad i bhfeidhm in aon chor? Nó an é go gceapann lucht molta na teicneolaíochta nach fíor? Má tá comhghéilleadh le haimsiú caithfear a bheith réalaíoch agus obair a dhéanamh seachas a bheith i mbun glafairte.

Fág freagra ar 'Is mór an spórt é a bheith ag éisteacht leis an DUP ag gearán faoi chaint mhaslach Donald Tusk'

  • An Teanga Bheo

    Cé rinne an cinneadh imeacht as an AE ………………an ríocht easaontaithe is cosuil ?