Is mó duine a fuair ‘start’ sa Taibhdhearc, ach tá dúshláin roimpi i gcónaí

D’fhill ár gcolúnaí ar amharclann náisiúnta na Gaeilge le déanaí chun cíoradh a dhéanamh ar staid na drámaíochta Gaeilge sa lá atá inniu ann

Is mó duine a fuair ‘start’ sa Taibhdhearc, ach tá dúshláin roimpi i gcónaí

Uair amháin bhíodh go leor cainte faoi chúrsaí lucht féachana sa Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge. Níl aon chailleadh ar an lucht féachana ar chor ar bith na laethanta seo, ach amháin nach mbíonn an deis chéanna acu iad féin a nochtadh os comhair an tsaoil.

Tá sé le maíomh agam gur ghlac mé páirt i roinnt drámaí ann, san am atá caite. Ceann a fhanann in mo chuimhne is ea Teaghlach Bhernarda Alba le Lorca, a stiúir Seán Stafford. Oíche amháin bhí níos mó daoine ar an ardán ná mar a bhí sa lucht féachana. Ach ba chuma linne, bhaineamar an-sult as an léiriú.

Bhain Seán an-phléisiúr as na díospóireachtaí a bhíodh againn le linn cleachtaí. D’inis sé dom nuair a labhair mé leis an lá cheana gur minic a shuíomar síos ar an ardán ag plé an téacs.

Bhí mé ag cur agallamh ar Sheán don chlár 7Lá ag cíoradh staid na drámaíochta Gaeilge sa lá atá inniu ann. Is cuid de stair na Taibhdheirce é Seán agus a bhean Máire agus go deimhin an chlann uile. Tháinig a mhac Maelíosa ar ais ón Astráil chun an seó Taibhdhearc@90 a stiúradh le gairid.

Bhí sé soiléir nach mbíonn aon deacracht ag an Taibhdhearc an amharclann a líonadh na laethanta seo – bhí an teach lán. Mar a bhí freisin, nuair a d’fhreastail mé ar Baoite le Darach Mac Con Iomaire i rith Fhéile Ealaíne na Gaillimhe i mí Iúil.

Ní cheapfadh éinne go raibh fadhb ar bith ag an amharclannaíocht i nGaeilge ag breathnú thart ar an lucht féachana na hoícheanta úd. Tá a cuid ‘stars’ féin ag an earnáil sin anois agus iad le feiceáil sa lucht féachana agus ar an stáitse don chomóradh 90 bliain – aisteoirí as Klondike, Ros na Rún, lucht TG4 féin, stiúrthóirí scannán agus teilifíse le feiceáil gach áit thart ann.

Ach bhí an tráth ann go mbíodh suas le naoi léiriú sa mbliain ag an Taibhdhearc, ceoldrámaí agus siamsaíocht Nollag san áireamh. Dream amaitéarach, ar nós na Staffords, a thug suas a gcuid ama a choinnigh an seó ar an mbóthar. Ba í aisling Sheáin, a dúirt sé liom, go mbeadh sórt ‘lárchomplacht’ ann sa Taibhdhearc agus go mbeidís in ann, b’fhéidir, beirt aisteoirí proifisiúnta a híreáil i gcomhair gach dráma.

Bríd Ní Neachtain, aisteoir

Ach roinnt mhaith blianta ó shin – thart ar an Mhílaois, chinn an Taibhdhearc go mbeadh aisteoirí proifisiúnta acu as sin amach. Chinntigh sé sin nach mbeidís in acmhainn níos mó ná ceithre léiriú a dhéanamh sa mbliain ón lá sin amach.

An toradh – caighdeán níos airde sna léiriúcháin ach níos lú drámaí ar stáitse.

Labhair mé le Cathaoirleach na Taibhdheirce Aodh Ó Coileáin, fear a bhfuil taithí na mblianta aige a bheith ag plé le drámaíocht, leis an léiriú teilifíse agus leis an léachtóireacht ollscoile. Is léir go bhfuil Aodh ag obair go dian chun bonn nua láidir a chur faoin amharclannaíocht i nGaeilge ar stáitse na Taibhdheirce.

Dar leis, is í an scríbhneoireacht, agus cothú na scríbhneoirí, todhchaí na hamharclannaíochta Gaeilge. Fuair an Taibhdhearc 15 iarratas ar dhrámaí nua a scríobh an fómhar seo. Déanfar iarracht cuid de na scríbhneoirí sin a chothú agus a gcuid scripteanna a thabhairt chun cinn.

Caithfear eagarthóirí scripte a chothú freisin, dar leis. Cuirfidh siad sin stiúir ar obair na scríbhneoirí. Agus mé ag caint le hAodh agus le Bríd Ní Neachtain, an t-aisteoir, ba mhinic a labhair siad faoi na rudaí a dhéantar i saol na hamharclannaíochta Béarla. Tugtar deontais mhóra do na hamharclanna Béarla, ar nós an Abbey agus an Druid. Ach tá leibhéal an deontais don Taibhdhearc tite go mór le blianta beaga anuas. Uair amháin, roimh an lag trá eacnamaíochta, bhíodar ag fáil €420,000 sa mbliain. Tá sin tite anois go €320,000 sa mbliain. Is deacair a fheiceáil cén chaoi a gcuirfidís leis an líon léirithe ar an gcineál sin airgid.

Cé go raibh Bríd Ní Neachtain ar ais ar an stáitse le gairid agus í breá sásta na páirteanna cáiliúla a rinne sí blianta  ó shin, a athchruthú do Taibdhearc@90, is fada ó fuair sí aon tairiscint  a bheith páirteach i ndráma Gaeilge. Nach n-insíonn sé sin a scéal féin?

Bhíodh sé ráite faoin Taibhdhearc uair amháin go raibh sé ag brath an iomarca ar bhaicle bheag daoine as cathair na Gaillimhe chun an áit a choinneáil ag imeacht. Ní raibh an chosúlacht sin ar an stáitse le linn an tseó comórtha le gairid. Aisteoirí Gaeltachta den chuid is mó  a bhí ann: Bríd Ní Neachtain (Ros Muc), Macdara Ó Fátharta (Inis Meáin), Eoin Geoghegan (Camas), agus Sorcha Ní Chéide (Leitir Móir).

Is iomaí duine i saol na hamharclainne agus na scannán  a fuair an chéad ‘start’ ar stáitse na Taibhdheirce. Cuimhním ach go háirithe ar mo sheanchara Mick Lally a bhíodh sa bpríomhpháirt ann go minic agus mé ar an ollscoil i nGaillimh. Nuair a bhí mise ag glacadh páirte i ndrámaí le Druid, chuir mé aithne níos fearr air.

Agus ní inniu ná inné a tugadh faoi lucht féachana a mhealladh ann. Nuair a tháinig Siobhán Nic Cionnaith go Druid chun páirt ‘Mommo’ a dhéanamh i Bailegangaire le Tom Murphy, thapaigh mé an deis agallamh a chur uirthi don chlár Bunscéalta agus Barrscéalta ar Raidió na Gaeltachta. Seán Ó Cuirreáin agus Seosamh Ó Cuaig a bhí ina bhun ag an am.

D’éist mé siar leis an agallamh agus mé ag réiteach an phíosa do 7Lá. Dúirt Siobhán Nic Cionnaith san agallamh gur cuireadh de dhualgas uirthi uair amháin sa Taibhdhearc dul amach agus lucht féachana a ghríosú chun teacht ag dráma éigin. Chuala sí go raibh de Valera le bheith i nGaillimh thart ar an am céanna. Agus thug sí leide do chuile dhuine go mbeadh Dev ag an dráma.

‘Bhuel,’ a dúirt sí. ‘Níor tháinig sé, ach bhí an teach lán.’

Fág freagra ar 'Is mó duine a fuair ‘start’ sa Taibhdhearc, ach tá dúshláin roimpi i gcónaí'