Is lú an baol go mbeimid ‘bowling alone’ a bhuí le CLG

Is eagraíocht é CLG a thrasnaíonn inscní, glúnta agus aicmí sóisialta, sórt gliú é a nascann an pobal le chéile

Is lú an baol go mbeimid ‘bowling alone’ a bhuí le CLG

Lucht tacaíochta Chora Finne. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tamall de bhliana shin léas leabhar dar teideal Bowling Alone: The Collapse and Revival of American Community, leabhar ina bpléann an t-údar Robert Putnam an meath atá tagtha ar shaol an phobail sna Stáit Aontaithe ós na seachtóidí ar aghaidh.

Pléadh an t-ábhar go mion ag an am agus cuireadh teoiricí éagsúla chun cinn maidir leis na fáthanna go mbíonn i bhfad níos lú daoine sásta obair dheonach a dhéanamh ná mar a bhíodh.

Deir an t-údar gur mó go mór an seans go mbeadh daoine a bhíonn sáite i saol an phobail sásta vóta a chaitheamh, obair dheonach a dhéanamh, cairde a bheith acu, níos mó airgid a thuilleamh agus a bheith níos sásta i gcoitinne.

Anseo in Éirinn tá an t-ádh linn go bhfuil mórán eagraíochtaí againn ina bhfuil an chuid is mó de na daoine atá páirteach iontu á dhéanamh sin ar bhonn deonach. Agus an bhfuil aon eagraíocht eile atá ag brath chomh mór ar oibrithe deonacha ná Cumann Lúthchleas Gael, eagraíocht ina nglacann páistí, fir agus mná, aithreacha, máithreacha agus seantuismitheoirí páirt. Is eagraíocht é CLG a thrasnaíonn inscní, glúnta agus aicmí sóisialta. Is sórt gliú é a nascann an pobal le chéile. Caithfidh go bhfuil rialtas na tíre go mór faoi chomaoin ag CLG mar gheall ar an maitheas atá déanta aige do chreatlach shóisialta na tíre ó bunaíodh in 1884 é. 

Bíonn an-bhród ag baint leis an gclub i ngach aon pharóiste sa tír.

Chaitheas seal i mo chónaí in San Francisco i lár na n-ochtóidí nuair a bhí  cúlú eacnamaíochta anseo sa bhaile. Bhí na céadta Éireannach ag teacht go dtí an chathair álainn cois cuain sin, go háirithe i 1985.

Chonaic mise ansin an tionchar a bhí ag Cumann Lúthchleas Gael ar shaol na nÉireannach ansin. Ní raibh mórán clubanna ann an uair sin ach bhí cuid maith des na himircigh nua seo an-sásta a bheith mar bhaill de cheann éigin díobh. Bhí mórán buntáistí ag baint le bheith páirteach i gclub éigin agus tú ar thóir oibre. Agus bí cinnte de go raibh na Gaeil a bhí ann thar a bheith dílis dos na leaids nua seo a bhí ar thóir dollar, áit le maireachtaint agus cairde sa domhan nua seo.  Rud a chuir ionadh orm go minic ná an méid daoine nach raibh aon suim acu sa CLG sa bhaile a bhí sáite sa chlub nua, agus gan mórán moille, iad sáite san eagrúchán nó san imirt agus iad an-bhródúil as sin.

Agus amhail a bhíonn sa bhaile ba é CLG an gliú nó an snáth ceangail a tharraing agus a nasc na hógánaigh nua seo le chéile i Meiriceá.

Scríobh mé an tseachtain seo caite faoin gcaoi a bhfuil easpa cluichí ag cur isteach ar imreoirí club sa bhaile. Bhuel, ní raibh an fhadhb sin acu ar chósta thiar Mheiriceá. Dúshlán eile a bhí le sárú: páirceanna a fháil a bhí mór go leor dos na cluichí Gaelacha.

Bhíodh an-fháilte i Meiriceá  roimh na foirne, na réaltaí agus seaimpíní na hÉireann sna seachtóidí, tráth a mbíodh turas ón tír seo ann beagnach gach bliain.

Le tamall anois tá an fháilte chéanna á cur roimh fhoirne na réaltaí gach re bliain go tíortha éagsúla ar fud na cruinne, tíortha ina bhfuil Gaeil lonnaithe agus ina bhfuil na cluichí Gaelacha á n-imirt agus na cluichí sin ag fás i measc cuid de phobal dúchais na dtíortha sin. 

Sea, tá Cumann Lúthchleas Gael speisialta. Is beag dabht nach mbeadh Michael Cusack thar a bheith sásta agus bródúil  as toradh an chruinniú a reáchtáil sé in Óstán Hayes i nDurlas Éile in 1884. Rinne sé éacht. 

Fág freagra ar 'Is lú an baol go mbeimid ‘bowling alone’ a bhuí le CLG'