Agus an leathanach deiridh de Sa Pholl Báite le hAnna Heussaff á iompú agam an oíche cheana dúirt mé liom féin – agus ní den chéad uair – go gcaithfidh sé nach mbíonn scríbhneoirí scripte na gcláracha agus na scannán Gaeilge ag léamh leabhar.
Is é Sa Pholl Báite an ceathrú leabhar i dTeitrealóg Aoife Nic Dhiarmada (agus tá súil agam go ndéanfar peintealóg den teitrealóg go luath), sraith a tosaíodh in 2004 le Bás Tobann agus a thug Buille Marfach agus Scáil an Phríosúin dúinn ina dhiaidh sin.
An geábh seo, tá an Garda Réamonn Seoighe fós lonnaithe i gCill Mhaighneann san ardchathair (mar a bhí in Scáil an Phríosúin) agus Aoife sa bhaile sna ‘Bánchnoic’ i mBéarra.
Ó tharla nach léirmheas ar an ngála is deireanaí ó pheann Heussaff é seo ach caoineadh faoin tobar gan tarraingt atá i litríocht na Gaeilge, ní déarfaidh mé a thuilleadh faoin leabhar féin ach gur thaitin sí liom agus gur fiú í a léamh.
Tá borradh faoi earnáil na teilifíse agus an chineama Gaeilge le breis agus deich mbliana anuas. Tá mé ag cuimhneamh ar na sraitheanna teilifíse Corp + Anam (2011), Rásaí na Gaillimhe (2009), agus An Bronntanas (2014) agus ar na scannáin mhóra ar an scáileán mór, ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud an domhain ó cuireadh tús le Cine4 – Arracht (2019) agus An Cailín Ciúin (2022). Go deimhin, tá mé ag baint an-sult as Crá (2024) atá á chraoladh ar TG4 an mhí seo.
Ach mar sin féin, nuair a leag mé uaim Sa Pholl Báite bhí díomá orm gur dócha ná a mhalairt nach bhfeicfidh mé Tara Breathnach i ról Aoife Nic Dhiarmada ná Dónall Ó Héalaí ina gharda i ról Réamoinn Sheoighe. B’amhlaidh an scéal nuair d’fhág mé slán le Lúcás Ó Briain (Domhnall Ó Braonáin Ros na Rún?!) ag deireadh Bealach na Spáinneach le Liam Mac Cóil agus le Máirtín Dubh Caomhánach (Seán T Ó Meallaigh, b’fhéidir?) in L’Attaque le hEoghan Ó Tuairisc.
B’fhéidir nach dtuigfeadh an té atá ag breathnú ar chartlann mhór cláracha Netflix gur ó thobar na litríochta a tarraingíodh go leor leor de na teidil mhóra atá amach roimhe – Orange is the New Black: My Year in a Women’s Prison le Piper Kerman, The Vampire Diaries le LJ Smith, Gossip Girl le Cecily Von Ziegasar, The Queen’s Gambit le Walter Tevis, agus Bridgerton le Julia Quinn, gan ach dornán a lua.
Tá tobar domhain againn i litríocht na Gaeilge agus gan ach an méaracán suarach tumtha againn ann. Tá sé in am lán an bhuicéid a tharraingt aníos agus cuid de scéalta agus carachtair iontacha an dúigh agus an pháipéir a chur ar an scáileán.
Is mór an t-iontas nach bhfacthas Fionn Mac Cumhaill ná Cú calma cróga Chulainn ar an scáileán mór go dtí seo tar éis a bhfuil de scannáin atá bunaithe ar mhiotaseolaíocht na Róimhe agus na Gréige feicthe againn i gcaitheamh na mblianta. An faitíos a bhí orm cúpla bliain ó shin ná go mbeadh ‘Meb’ agus ‘ChooChoo Lane’ á gcur inár láthair ag Natalie Portman agus Chris Hemsworth, ach anois agus tionscal maith scannán againn i nGaeilge agus líon mór aisteoirí cumasacha ann tá seans ann scannáin bhreátha Ghaeilge a dhéanamh de Táin Bó Cuailgne Dharach Uí Scolaí nó Béal na Péiste Fhionntáin de Brún.
Agus mé ag breathnú ar mo leabhragán atá ag cur thar maoil le húrscéalta agus gearrscéalta breátha Gaeilge a foilsíodh le céad bliain anuas, déanaim impí ar scríbhneoirí scripte na Gaeilge an buicéidín a tharraingt chucu féin agus braon a thaoscadh.
Diarmuid
Sách ráite!
Roibeárd
Ceart ar fad agat