‘Is ionann cur i bhfeidhm na Cairte Eorpaí agus cur i bhfeidhm an Chomhionannais’ – Carál Ní Chuilín

Ceist cearta teanga agus agus cúrsaí toghcháin pléite ag ócáidí Chonradh na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas

Caral_Ni_Chuilin_cropped

Caithfear an comhionannas a bhunú ar dhea-chleachtas. B’shin an teachtaireacht ba mhó a d’eascair as an gComhdháil ar Chur Chuige Dátheangach sna hOllchomhairlí nua a reáchtáladh in Ard Mhacha an tseachtain seo.

Ag labhairt di ag an gcomhdháil, dúirt an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín (SF) gurb “ionann cur i bhfeidhm na Cairte Eorpaí do Theangacha Mionlaigh agus Réigiúnacha agus cur i bhfeidhm an chomhionannais.”

Pléadh an ról a bheadh ag na 11 Ollchomhairle nua a thiocfaidh in áit na 26 comhairle atá i dTuaisceart Éireann i gcur chun cinn na Gaeilge. In éineacht leis an Aire Ní Chuilín bhí an tAire Timpeallachta Mark Durkan (PSDL), Daniel Holder ón gCoiste um Riaradh an Cheartais ar chur i bhfeidhm na Cairte Eorpaí, Seán Ó Coinn ó Fhoras na Gaeilge agus an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Labhair Daniel Holder faoi chearta teanga agus cearta na ndaoine nach n-aithníonn an Ghaeilge mar chuid dá gcultúr. Dúirt sé nach bhfuil sé de “cheart” ag na daoine sin gan an Ghaeilge a fheiceáil nó a chloisteáil ach nach bhfuil an ceart ag an té a déarfadh gur ionsaí é comhionannas a thabhairt don Ghaeilge agus don Bhéarla.

I láthair ag an gcomhdháil bhí beirt bheirt bhan ón eagraíocht Menter Iaith a chuireann an Bhreatnais chun cinn sa Bhreatain Bheag. Rinne Elin Mahaer agus Emily Cole cur síos ar ról an dátheangachais i gcomhairlí áitiúla na tíre sin.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge go raibh sé sásta leis an gcomhdháil ach go raibh gá le hAcht Teanga ó thuaidh go gcuirfí ar pléadh in Ard Mhacha i bhfeidhm.

“Má bhíonn Acht ann, beimid in ann é seo a bhrú chun tosaigh i bhfad níos mó. Cé go bhfuilimid ag caint air seo a chur i bhfeidhm agus go bhfuil dualgas reachtúil i leith na Cairte Eorpaí ar na comhairlí, níl dualgas orthu go fóill maidir le reachtaíocht stáit ó tharla nach bhfuil Acht ann,” a dúirt Ó Tarpaigh.

Idir an dá linn, tá tús curtha ag Conradh na Gaeilge le Fóram Gnímh. Le seachtain anuas reáchtáladh fóraim i Luimneach, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Tá sé i gceist ag an gConradh Fóram Gnímh a reáchtáil i chaon Dháilcheantar in Éirinn, thuaidh agus theas. Pléifear ceisteanna Gaeilge roimh Olltoghchán na Poblachta agus an tAcht Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Tá sé mar aidhm ag an gConradh an t-aos polaitíochta a chur ag smaoineamh faoi mhórcheisteanna na Gaeilge roimh an Olltoghchán. I measc na n-ábhar a chuirfear chun cinn, tá an maolú ar mhaoiniú na Gaeilge le blianta beaga anuas agus an stádas polaitiúil atá ag an teanga.

Díreofar ar an bpróiseas comhairliúcháin atá ar bun i láthair na huaire i dTuaisceart Éireann faoin Acht Teanga agus fóraim sna Sé Chontae.

Fág freagra ar '‘Is ionann cur i bhfeidhm na Cairte Eorpaí agus cur i bhfeidhm an Chomhionannais’ – Carál Ní Chuilín'