‘Nach mise do chol seisear, cén tseafóid atá ort?’ Custaiméir sa mbanc i gConamara. Bhí ceist curtha ar an bhfear: ‘An bhfuil ID agat?’
Bhí bean an bhainc ag déanamh a gnó de réir an chórais oifigiúil. Mhínigh an bhean go dteastódh deimhniú oifigiúil. ‘Níl sé ach dhá shoicind ó shin ó chuir tú tuairisc mo dhearthár,’ arsa an fear. Chroith sé a chloigeann. Is iomaí cloigeann atá croite de bharr oifigiúlachas na linne seo.
Is minic go gcliseann an t-oifigiúlachas seo ar an gcéad iarraidh – easpa soiléireachta agus flúirse foclaíochta.
Cuireann mearbhall an fhir seo sa mbanc eachtra i gcuimhne dom nuair a bhí gnó beag éigin idir lámha agam. Míníodh dom sa mbanc áitiúil go gcaithfí an scéal a phlé leis an gceannáras i mBaile Átha Cliath. Bhí bosca teileafóin sa bhfoirgneamh agus d’fhéadfainn glaoch as sin go Baile Átha Cliath. Rinneas amhlaidh – Connemara Calling! ‘Caithfidh tú an gnó sin a dhéanamh i do bhanc áitiúil féin,’ a deir fear Bhaile Atha Cliath. ‘Tá mé sa mbanc,’ a deir mé féin. ‘Ó tá tú sa mbanc, cuirfidh mise teachtaireacht chuig an mbanc.’ ‘Nach bhféadfainn féin é a rá leo?’ ‘Ó cuirfidh mé ríomhphost chucu, nílim ag iarraidh aon mheascán mearaí a tharraingt.’
Tuigim, a dúirt mé féin!
Idir an chaint oifigiúil agus an scríobh oifigiúil, níl éalú ar bith ón doiléire. Cuir i gcás na coinníollacha a bhaineann le fostaíocht. Chonaic mé le gairid conradh fostaíochta do dhuine a fuair tairiscint ar phost. Eagras stáit a chuir an conradh, agus an fhoclaíocht seo ar fáil. Faighigí faoi réir le bheith faoi mhearbhall:
Tosca nach bhfeictear ag an tús, m.sh. easpa cistithe nó cistiú neamhleor, cinntí Rialtais, stailceanna san ionad oibre nó lasmuigh de a
dhéanfadh difear don Eagraíocht, nó más amhlaidh nach féidir obair nó
tionscadal a chur i gcrích ar aon chúis eile nó mura bhfuil gá leis a thuilleadh, agus ar fhorais shubstaintiúla eile.
Ach amháin i dtosca ina mbeadh sé inchosanta don Eagraíocht Feidhmithe do phost a fhoirceannadh láithreach, beidh tú i dteideal
tréimhse chuí fógra a fháil faoi mar atá leagtha amach thuas, nó íocaíocht
ina leaba.
Cén bhrí atá leis seo?
Mura bhfuil mearbhall ormsa, seo a bhí i gceist:
‘Má tharlaíonn sé nach bhfuil an t-airgead againn, nó nach féidir- nó nach fiú- an obair a bhí leagtha síos a dhéanamh, scaoilfear leat.
‘Murar féidir linn scaradh leat láithreach, tabharfar fógra duit, agus íocfar thú i do leaba!’
Ach d’fhéadfadh an ‘dúirt bean liom gur dhúirt bean léi’ mearbhall a chur ar dhuine freisin.
Tráth dá raibh, cluineadh tuairisc i mbaile amach faoi na cnoic go raibh fear áirithe as ceantar na gcladach imithe ar shlí na fírinne, go raibh suaimhneas síoraí aige. Bhí beirt dhearthár sa teach a raibh an bás tuairiscthe ann. Bhí an fear áirid seo sna cnoic, agus b’fhada leis go ngabhfadh sé chuig an marglann go bhfaigheadh sé tuairisc cheart ar an scéal. Bhí a chuid fiosrachta gafa in aimhréidh ina intinn, agus cé a d’fheicfeadh sé chuige ach duine de na deartháireacha. ‘Ó maise céad fáilte….ach ar tusa nó do dheartháir a bhásaigh?’
Is dóigh nach féidir brath ar an ‘dúirt bean liom gur dhúirt bean léi’ ceart go leor, is fearr a dhul go bun an údair ar nós fear na gcnoc. Ach leis an gceart a dhéanamh, is de thimpiste a oibríonn an chumarsáid scaití.
Bhíodh col ceathrar liom ag caint ar oíche spéirghealaí a dtáinig sé abhaile mall ó dhamhsa. Chonaic sé go raibh a dheartháir- mar a cheap sé – ag tarraingt fhéir as coca. By dad, ach bhí fuadar faoina dheartháir ag tarraingt as an gcoca. D’éirigh mo chol ceathrar mífhoighdeach sa deireadh agus d’fhógair ar ‘a dheartháir’:
“Óra, tá do dhóthain agat anois”.
Léim an fear a bhí in éadan an choca agus rith chomh maith agus a bhí sé in ann ag dul thar chlaíocha, agus thar dhraenacha, ar nós leathcholpach a scaoilfí as scioból san earrach. Comharsa ag tógáil sláimín féir leis go ‘neamhoifigiúil’ gan súil aige le cumarsáid meán oíche.
Rith mar sin a theastódh nuair a d’fheicfeá cáipéisí oifigiúla na linne seo.
Peter
Píosa seoigh amach is amach.