Dé Sathairn seo a chuaigh thart, rinne na céadta léirseoir ionsaí ar bhialann bricfeasta i gceantar Shoreditch, in oirthear chathair Londan.
Caitheadh péint leis an bhfuinneog; rinneadh imeaglú ar fhoireann agus ar chustaiméirí araon. B’éigean do na póilíní círéibe deireadh a chur leis an léigear.
Céard a bhí déanta mícheart ag bunaitheoirí an chaifé agus ag na custaiméirí?
Bhí babhlaí calóga arbhair á ndíol ag an gcéad dream ar luach chomh hard le £4.40 (€6); bhí an dara dream sásta iad a cheannacht.
Do na léirseoirí, siombal atá sa Cereal Killer Café den ‘uaisliú’ (gentrification) atá ag tarlú in Shoreditch agus i gceantair eile ar imeall lár na cathrach i Londain.
Dar liom go bhfuil iarracht den tsoineantacht ag baint leis an leagan Gaeilge ‘uaisliú’. Ní dóigh liom go dtugann sé slán an débhríochas a bhaineann leis an téarma Béarla ‘gentrification’, focal a fhágann drochbhlas i mbéal an-chuid daoine.
Óir is coincheap débhríoch é ‘uaisliú’. Bogann aos ealaíne isteach i gceantar dearóil ar thóir cíosa ísil agus búis. Thar oíche, éiríonn an ceantar faiseanta. Bogann lucht an airgid isteach. Cuirtear móroibreacha infreastruchtúrtha i bhfeidhm. Tagann sluaite turasóirí ar líne thraenach úrnua. Imíonn seanphobal an cheantair toisc nach bhfuil siad in ann double soy latte a íoc sna tithe caife áitiúla, gan trácht ar chíos a n-árasán féin.
Tosaíonn sé le caifé beag gleoite, críochnaíonn sé le bialann bricfeasta ina bhfuil £4.40 ar bhabhla calóga arbhair.
Gan amhras, ba í an eachtra a tharla ag an Cereal Killer Café Dé Sathairn seo caite an léirsiú frithuaislithe ba fhíochmhaire a chonacthas go dtí seo agus ní haon ionadh é gur in Shoreditch a tharla sí, ceantar atá buailte ar cheann de lárionaid chumhachta an domhain, ‘an City’.
Ach is iomaí áit ar domhan a bhfuil uaisliú ar siúl ann: ó Rio de Janeiro, áit a bhfuil lucht an airgid ag bogadh isteach in favelas a bhfuil síochánú déanta orthu, go Corca Dhuibhne, mar a mbíonn sé deacair ar aos óg na háite teach a cheannacht toisc ‘blow-ins’ a bheith ag ceannacht tithe saoire ann.
Thiocfadh le duine a rá, fiú amháin, gur seift iontach, iontach cliste é togra ‘An Cheathrú Ghaeltachta’ in iarthar Bhéal Feirste chun uaisliú a dhéanamh ar an gceantar sin.
Go hiondúil, bíonn spiorad pobail ar leith i gceantar a dtarlaíonn uaisliú ann; spiorad pobail a mheallann daoine, a chothaíonn bús. Ach faoin am a mbíonn ‘double soy latte’ ar fáil ag gach cúinne sráide agus cosán dearg á dhéanamh ag sluaite turasóirí ann, bíonn an bús sin imithe. Tabharfaidh an t-aos ealaíon na cosa leo chuig ceantar dearóil eile, níos faide amach, áit a bhfuil an cíos saor agus a ndéantar caife orgánach cóirthrádála as sléibhte Ruanda i scagaire, agus tosóidh an próiseas ar fad as an nua.
‘Dlithe an mhargaidh’ a déarfadh roinnt. ‘Glanadh aicmeach’ a déarfadh cuid eile.
Tharlódh sé, i ngan fhios dúinn féin go minic, go n-imrímid féin ról i bpróiseas uaislithe éigin: mar dhuine gnó, mar chustaiméir, mar áitritheoir. Feicimid deis agus tapaímid í.
Tráth de mo shaol, bhí teach caife agam i gcuid de chathair na Gaillimhe a mbeadh uaisliú tarlaithe ann murach gur thit an tóin as an ngeilleagar. Dhíol mé an caifé sin sular tharla ceachtar den dá rud – an t-uaisliú a bhí ar na bacáin agus an ghéarchéim – ach ar feadh na gcúig bliana go leith go raibh an áit agam, bhí mé ag súil leis an ‘athbheochan’ sa cheantar a thabharfadh na sluaite isteach.
Bliain nó dhó ina dhiaidh sin bhog mé isteach i mbruachbhaile bocht Brasaíleach. Chonaic mé féin agus mo leathbhádóir ag an am deis ansin chun togra turasóireachta a bhunú, ach ní dheachamar ar aghaidh leis. Níor theastaigh uainn tús a chur le próiseas a bhféadfadh ardú cíosa agus imeacht an tseanphobail – scrios an cheantair, go bunúsach – a bheith mar thoradh air in am trátha.
Tuigim d’úinéirí an Cereal Killer Café in Shoreditch; chonaiceadar deis agus thapaíodar í. Ach – cé nach n-aontaím lena gcur chuige imeaglach beag ná mór agus cé go gceapaim go bhfuil a n-agóid á díriú ar an dream mícheart acu – tuigim dóibh siúd a chuaigh ag léirsiú i gcoinne an uaislithe in oirthear chathair Londan freisin.
Ceist chasta í ceist an uaislithe, go háirithe toisc go dtarlaíonn uaisliú i ngan fhios dúinn go minic. Ar a shon sin, ach an oiread le ceist na timpeallachta, mar shampla, ní féidir linn a shéanadh go bhfuil ról á imirt againn ar fad sa phróiseas. Agus go bhfuil freagracht orainn ar fad dá réir.
PólRéamonn
“uaisliú ‘i Shoreditch? – Tá na lucht agóide 10 mbliana rómhall.