Is í an fhadhb dháiríre ná go bhfuil ‘rogha an oideachais lán-Ghaeilge á ceilt ar na mílte páiste de bharr easpa físe na Roinne Oideachais’

Deir Ardfheidhmeannach Gaeloideachas go bhfuil ‘fáilte ag Gaelscoileanna roimh gach páiste agus nach mbeadh aon chaint ar a bpolasaithe iontrála dá mbeadh dóthain scoileanna lán-Ghaeilge ann

Is í an fhadhb dháiríre ná go bhfuil ‘rogha an oideachais lán-Ghaeilge á ceilt ar na mílte páiste de bharr easpa físe na Roinne Oideachais’

Deir Ardfheidhmeannach Gaeloideachas Bláthnaid ní Ghréacháin nach mbeadh aon chaint ar pholasaithe iontrála Gaelscoileanna dá gceadódh an Roinn Oideachais dóthain scoileanna lán-Ghaeilge le freastal ar an éileamh atá ar an oideachas lán-Ghaeilge.

Tá Gaeloideachas agus eagraíochtaí teanga eile míshásta leis an tslí a bhfuil tuairisciú á dhéanamh ar an scéala go bhfuil an tAire Oideachais i mbun athmhachnaimh ar reachtaíocht nua ionas nach gcuirfeadh sí isteach ar cheart an pháiste atá á thógáil le Gaeilge chun oideachas lán-Ghaeilge a fháil.

‘Pre-school children may face admission interviews in Irish’ an teideal a bhí ar thuairisc an Irish Times faoin scéal inné, tuairisc a bhfuil plé á dhéanamh ó shin air ar mheáin eile.

“Údar díomá atá san amhras agus sa mhíshástacht atá cruthaithe sna meáin maidir le próiseas iontrála scoileanna lán-Ghaeilge,” a dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.

Dúirt Ní Ghréacháin go raibh “doiléire” “amhras” agus “míshástacht” ann de bharr tuairiscí sna meáin a thabharfadh le fios go gcuirfí agallamh feasta ar pháistí a mbeadh a dtuismitheoirí ag iarraidh áit dóibh i scoil lán-Ghaeilge.

“Níl fírinne ansin, ná ní bheadh aon ghlacadh leis sin ag Gaeloideachas, ná ag aon eagraíocht eile sa tír,” a dúirt Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.

Dúirt Ní Ghréacháin go leagtar amach amach sa Bhille nua na cleachtais iontrála a bheidh ceadaithe sa chás go mbeadh ró-éileamh ar áiteanna i scoil.

“I gcás an 30% de scoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil ar a gcumas glacadh le gach iarratas de bharr teorainn spáis sa scoil agus an cleachtas atá ann tús áite a thabhairt do shiblíní, níl de dhara rogha ag na scoileanna sin ach critéir iontrála a leagan amach.

“Le linn an chomhairliúcháin chuimsithigh a rinneadh ar an gceist le roinnt blianta anuas, shoiléirigh Gaeloideachas agus na heagraíochtaí Gaeilge eile thar ceann phobal na scoileanna lán-Ghaeilge gur córas é an córas lán-Ghaeilge a chuireann fáilte roimh gach páiste, beag beann ar a chumas ná a chúlra teangeolaíoch agus go gcreidtear gur seoid luachmhar atá sa teanga agus sa chóras oideachais lán-Ghaeilge ar ceart é a bheith ar fáil do gach páiste, ar mian leis nó léi é,” a dúirt Ní Ghreácháin.

Dúirt Ardfheidhmeannach Gaeloideachas go raibh “rogha an oideachais lán-Ghaeilge á ceilt ar na mílte páiste gach bliain de bharr easpa físe agus tacaíochta ón Roinn Oideachais agus Scileanna”.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, bheadh impleachtaí tromchúiseacha ag an reachtaíocht nua oideachais do pholasaithe teanga scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil.

Baineann an reachtaíocht nua le scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, mar a tharlaíonn níos minice i gcás Gaelscoileanna ná scoileanna eile.

Cé nach bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge ná an Ghaeilge féin luaite go sonrach sa reachtaíocht nua, tá lucht an ghaeloideachais buartha faoi dhá fhoráil de chuid an Bhille go háirithe.

Faoi alt 64 den Bhille bheadh ar an Aire Oideachais agus Scileanna rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna a mbeadh ró-éileamh orthu diúltú do dhalta bunaithe ar ‘academic ability, skills or aptitude’.

Chuirfeadh rialachán dá leithéid cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a gcumas teanga.

Dúirt Ardfheidhmeannach Gaeloideachas nach mbeadh aon ghá leis an bplé seo faoin reachtaíocht agus faoi pholasaithe iontrála scoileanna lán-Ghaeilge “dá mbeadh fíor-rogha ar fáil do gach teaghlach” ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí.

“Bheadh freastal á dhéanamh ar mhianta tuismitheoirí, bheadh buntáistí an oideachais lán-Ghaeilge ar fáil ar bhonn níos forleithne agus bheadh cosaint agus tacaíocht ann don Ghaeilge mar phríomhtheanga bhaile,” arsa Bláthnaid Ní Ghréacháin.

Ní bhainfeadh an leasú ach le páistí atá á dtógáil le Gaeilge i nGaelscoileanna a bhfuil ró-éileamh ar áiteanna iontu, mionlach fíorbheag, dar le Cearta Oideachais agus Gaeloideachas a mhaíonn gur cainteoirí dúchais iad níos lú ná 5% de na leanaí a bhíonn ag freastal ar Ghaelscoileanna.

Fág freagra ar 'Is í an fhadhb dháiríre ná go bhfuil ‘rogha an oideachais lán-Ghaeilge á ceilt ar na mílte páiste de bharr easpa físe na Roinne Oideachais’'