Údar ‘díomá’ tuairiscí faoi ‘agallaimh iontrála’ do Ghaelscoileanna

Tá an tAire Oideachais i mbun machnaimh ar leasú a dhéanamh ar reachtaíocht nua ionas nach gcuirfeadh sí isteach ar cheart an pháiste atá á thógáil le Gaeilge chun oideachas lán-Ghaeilge

Údar ‘díomá’ tuairiscí faoi ‘agallaimh iontrála’ do Ghaelscoileanna

Údar díomá d’eagraíochtaí teanga an tslí a bhfuil tuairisciú á dhéanamh ar an scéala go bhfuil an tAire Oideachais i mbun machnaimh ar leasú a dhéanamh ar reachtaíocht nua ionas nach gcuirfeadh sí isteach ar cheart an pháiste atá á thógáil le Gaeilge chun oideachas lán-Ghaeilge a fháil.

Tuairiscíodh ar an Irish Times ar maidin go bhfuil an leasú sin ar Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 á dhréachtú anois ag an Roinn Oideachais agus an tAire Richard Bruton i mbun a mharana faoin scéal agus faoin gcomhairle a fuair sé ón Ard-Aighne faoi.

‘Pre-school children may face admission interviews in Irish’ an teideal a bhí ar thuairisc an Irish Times faoin scéal, tuairisc a bhfuil plé á dhéanamh air ar mheáin eile inniu.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, bheadh impleachtaí tromchúiseacha ag an reachtaíocht nua oideachais do pholasaithe teanga scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil.

Baineann an reachtaíocht nua le scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, mar a tharlaíonn níos minice i gcás Gaelscoileanna ná scoileanna eile.

Cé nach bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge ná an Ghaeilge féin luaite go sonrach sa reachtaíocht nua, tá lucht an ghaeloideachais buartha faoi dhá fhoráil de chuid an Bhille go háirithe.

Faoi alt 64 den Bhille bheadh ar an Aire Oideachais agus Scileanna rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna a mbeadh ró-éileamh orthu diúltú do dhalta bunaithe ar ‘academic ability, skills or aptitude’.

Chuirfeadh rialachán dá leithéid cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a gcumas teanga.

Dúirt urlabhraí ón eagraíocht Cearta Oideachais, grúpa tuismitheoirí atá ag éileamh go leasófaí an Bille chun cosaint a thabhairt do chearta páistí atá á dtógáil le Gaeilge, le Tuairisc.ie ar maidin gur “údar díomá” é an tslí a bhfuil an scéal á thuairisciú.

“Tá díomá orainn leis an gcineál tuairisciú atá á dhéanamh ar an scéal ach ní cúis iontais dúinn é. Níl aon cheist anseo faoi agallamh ná scrúdú ná brú ar bith a chur ar pháistí. Ní bheadh i gceist anseo ach páistí atá á dtógáil le Gaeilge. An rud atá i gceist ná go dtabharfaí aitheantas sa reachtaíocht do chleachtas seanbhunaithe sa tír seo agus i dtíortha eile.

“Táimid ag moladh go mbeadh coinne ag páiste agus a thuismitheoirí leis an scoil. Thabharfaí bréagáin don pháiste agus bheadh comhrá beag ann. Ní bheadh brú ar bith ar aon duine mar  bheadh sé an-soiléir ó bheith ag éisteacht leis an bpáiste agus na tuismitheoirí gurb í an Ghaeilge an teanga baile. Ní agallamh ná scrúdú a bheadh i gceist ná ní bheadh aon mheasúnú á dhéanamh ar chumas acadúil an pháiste. Bíonn páistí níos fearr ná a chéile ó thaobh na cainte agus ní thabharfaí tosaíocht d’aon duine ar an mbonn sin,” a dúirt urlabhraí ó Chearta Oideachais.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur údar díomá don eagraíocht sin chomh maith an tuairisciú atá á dhéanamh ar an éileamh go mbeadh cead i gcónaí ag Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge sa chás go bhfuil ró-éileamh ar áiteanna.

“Táimid sásta go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an tAire ag breathnú ar an moladh seo agus tacaíonn Conradh na Gaeilge leis an múnla atá á chur chun cinn ag Cearta Oideachais. Is trua linn, áfach, go bhfuiltear ag tabhairt le fios gur agallamh acadúil nó scrúdú cainte acadúil atá i gceist anseo nuair nach bhfuil ann ach bualadh le tuismitheoirí agus páiste. Ba thrua dá gceapfadh aon duine go mbaineann sé le gach páiste seachas leis an mionlach beag atá á dtógáil le Gaeilge i gcás scoil a mbeadh ró-éileamh uirthi, ” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Ní bhainfeadh an leasú ach le páistí atá á dtógáil le Gaeilge i nGaelscoileanna a bhfuil ró-éileamh ar áiteanna iontu, mionlach fíorbheag, dar le Cearta Oideachais a mhaíonn gur cainteoirí dúchais iad níos lú ná 5% de na leanaí a bhíonn ag freastal ar Ghaelscoileanna.

Moladh i dtuarascáil a d’fhoilsigh Coiste Oideachais agus Scileanna an Oireachtais anuraidh go dtabharfadh an tAire Richard Bruton “aitheantas cuí” do chearta an chainteora dúchais Gaeilge sa Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 agus nach gcuirfeadh an reachtaíocht isteach ar cheart an pháiste atá á thógáil le Gaeilge chun oideachas lán-Ghaeilge.

“Access to Irish speaking schools – It is recommended that due regard be given to the right of native Irish speakers to receive their education through the medium of Irish and that the Bill must not interfere with this right,” a deirtear i dtuarascáil An Chomhchoiste um Oideachais agus Scileanna.

Deir lucht Cearta Oideachais go gcaithfear an Bille a leasú lena chinntiú go dtiocfaidh an Ghaeilge agus múnla an tumoideachais slán.

De réir breithiúnais a tugadh san Ard-Chúirt in 2016, bhí sé de cheart ag Scoil Lorcáin, Baile na Manach, diúltú do dhalta a mheas an scoil nár shásaigh a cumas sa Ghaeilge a polasaí iontrála.

Agus a bhreithiúnas sa chás sin á thabhairt aige, chuir an Breitheamh Gerard Hogan ar “neamhní” cinneadh na Roinne Oideachais go gcaithfeadh an scoil glacadh le páiste a mheas siad nach raibh dóthain Gaeilge aici.

Thug Scoil Lorcáin, Baile na Manach, ceann de na Gaelscoileanna is aitheanta sa tír, dúshlán na Roinne Oideachais maidir le ceart na scoile, de réir a bpolasaí iontrála, diúltú do dhalta.

Fág freagra ar 'Údar ‘díomá’ tuairiscí faoi ‘agallaimh iontrála’ do Ghaelscoileanna'