Is gearr uainn lá na náisiúnaithe ó thuaidh agus ba cheart é sin a aithint

Léiríonn pobalbhreith go bhfuil móramh na n-aontachtaithe ag dul i léig

Is gearr uainn lá na náisiúnaithe ó thuaidh agus ba cheart é sin a aithint

Pictiúr: RollingNews.ie

Tá dul amú, is cosúil, ar aontachtaithe má chreideann siad go dtabharfaidh an greim sealadach atá acu ar rialtas na Breataine cosaint dóibh amach anseo ar an athrú ar chúrsaí polaitíochta ó thuaidh.

Léiriú eile air seo is ea torthaí na pobalbhreithe is deireanaí ó LucidTalk. De réir an tsuirbhé seo, tá an DUP agus Sinn Féin beagnach ar comhchéim ó thaobh tacaíochta de (33.6% in aghaidh 32.4%)  agus na páirtithe eile go mór taobh thiar díobh.

Ach nuair a bhreathnaítear ar na figiúirí do dhaoine óga, iad siúd atá idir 18 agus 44, tá Sinn Féin go mór chun cinn (38.7% in aghaidh 29.2%) agus má chuirtear vótóirí Shinn Féin, an SDLP agus Pobal seachas Brabús le chéile tá os cionn 50% den vóta iomlán acu.

Mar sin, mura bhfuil lá na náisiúnaithe tagtha go fóill, tiocfaidh an lá sin – más ceadmhach dom a leithéid a rá!

Ní léir ámh go dtuigeann pobal na n-aontachtaithe, nó an DUP, é sin. Ná ní léir go bhfuil aon difear idir an DUP (agus a lucht tacaíochta) agus an UUP, páirtí measartha, dar le tráchtairí an Deiscirt.

Tógaimis Acht na Gaeilge mar shampla. Tacaíonn 78% de vótóirí an DUP le seasamh diúltach an pháirtí i leith an achta, agus bheadh 46% díobh míshásta dá ngéillfeadh an páirtí don éileamh ar acht ar mhaithe le margadh a dhéanamh. Tá móramh de vótóirí an UUP ag teacht leis an meon sin, 55% díobh ag aontú le meon lucht an DUP faoin scéal, agus 40% díobh ag rá go mbeidís míshásta dá ngéillfeadh an DUP.

Ní thuigeann siad, is léir, nach mbeidh móramh acu a thuilleadh taobh istigh de fiche bliain nó mar sin agus nach mbeidh aon dul as acu ach glacadh le cothromas do náisiúnaithe, dá gcultúr agus dá gcuid siombailí féiniúlachta. Ní chosnóidh a neart i Westminster iad sa bhfadtéarma.

Is fiú a rá go bhfuil lucht vótála an Alliance, na nGlasach agus na  neamhspleách go láidir in aghaidh pholasaí an DUP, bíodh is go bhfuil na páirtithe sin fós ar an imeall maidir le líon na vótaí acu.

Ach ní hiad na hAontachtaithe amháin nach dtuigeann an scéal seo. Tá tráchtairí ann go forleathan ó dheas a bhíonn ag cáineadh Shinn Féin toisc nach bhfuil siad sásta (nó in ann?) géilleadh maidir le ceist an achta Gaeilge. Is í an chasaoid a bhíonn acu, shílfeá, nach dtuigeann na Poblachtánaigh, gur tábhachtaí an Breatimeacht ná cothrom na Féinne?

Agus is ait gurbh iad Fianna Fáil is nimhní sa gcáineadh seo, i gcomparáid, mar shampla,  le Leo Varadkar a deir go bhfuil sé tábhachtach acht Gaeilge a bheith ann, agus le Simon Coveney atá ag iarraidh leagan nua den chomhriail idir an dá rialtas.

Ar ndóigh, tá dearcadh chomh naimhdeach sin ag Fianna Fáil i leith Shinn Féin toisc go gcreideann siad go bhfuil siad i gcomórtas lena chéile le haghaidh vótaí. Tá sin amhlaidh, in ainneoin go léiríonn an phobalbhreith seo go bhfuil an pobal náisiúnach féin go láidir ar son achta Gaeilge agus brú á chur dá réir acu ar Shinn Féin gan géilleadh faoin gceist.

Tacaíonn 78% de vótóirí Shinn Féin, an SDLP agus PbP leis an seasamh diongbháilte sin –nach ndéanfaí aon mhargadh maidir le hathbhunú Stormont d’uireasa gealltanais faoi acht Gaeilge. Anuas air sin, bheadh 37% de lucht tacaíochta Shinn Féin an-mhíshásta dá gcuirfeadh an páirtí an t-éileamh ar leataobh ar mhaithe le margadh a dhéanamh leis an DUP faoi athbheochan an fheidhmeannais.

Léiríonn na figiúirí seo an deighilt mhór atá idir bunaíocht an deiscirt agus náisiúnaithe ó thuaidh agus is léir nach bhfuil an bá céanna ag an mbunaíocht ó dheas leis an éileamh ar acht don Ghaeilge.

Léiriú eile air sin, ar ndóigh, is ea an chaoi a mbítear ag trácht ó dheas faoi pháirtithe ‘measartha’. Mar atá léirithe agam thuas níl tada measartha faoin UUP, agus ní fheicim aon staonadh ag teacht ar mheath an SDLP i gcomparáid le Sinn Féin.

Sampla eile den easpa tuisceana ar ndóigh ná an tseafóid a bhaineann le bheith ag cur brú ar Shinn Féin dul isteach i bparlaimint Westminster. Bhí an rogha ag náisiúnaithe vótáil don SDLP ach roghnaigh siad Sinn Féin agus fios acu nach nglacfaidís páirt sa bparlaimint sin.

Agus is léir go bhfuil náisiúnaithe an tuaiscirt ag tacú go láidir leis an tuairim nach ceart dlisteanach é ag Sasanaigh a bheith ag cur isteach ar pholaitíocht na tíre seo, agus nach ceart dlisteanach againne a bheith ag cur isteach ar chúrsaí polaitíochta thall.

Fiú dá mbeadh tionchar cinniúnach againn ar vóta Westminster i dtaobh an Bhreatimeachta, tá an ceart ag muintir Shasana a gcinneadh féin a dhéanamh faoi sin.  Ar an láimh eile, níl an ceart acu cinneadh a dhéanamh dúinne – in aon chuid den tír seo.

Ach fiú mura bhfuil bunaíocht an stáit ó dheas sásta seasamh lena gcomhnáisiúnaithe ó thuaidh, ba chóir go dtuigfidís gur ag meath atá móramh na n-aontachtaithe agus nach fada uainn an lá go mbeidh náisiúnaithe an tuaiscirt ag glacadh páirt, i ndáiríre, i bpolaitíocht an stáit seo.

Fág freagra ar 'Is gearr uainn lá na náisiúnaithe ó thuaidh agus ba cheart é sin a aithint'