‘Is geall le crann darach eile ag titim é’ – an file Derek Mahon ar shlí na fírinne

Tá ómós léirithe ag Uachtarán na hÉireann agus go leor eile don fhile Derek Mahon a bhásaigh in aois a 78 bliain

‘Is geall le crann darach eile ag titim é’ – an file Derek Mahon ar shlí na fírinne

Tá Derek Mahon, duine de mhórfhilí na hÉireann, tar éis bháis. Cailleadh i gCorcaigh aréir é i ndiaidh tinnis ghairid. Bhí sé 78 bliain d’aois.

Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn gur “sárfhile” a bhí ann.

“Léirigh saothar Derek Mahon gur file é a bhí breá ábalta tarraingt ar na clasaicí ach ar éirigh leis greann agus úire a chur iontu a bhí grinn agus corraitheach araon.

“Fearacht a chomhfhilí tuaisceartacha, nasc sé an saol clasaiceach agus saol an lae inniu agus rinne sé sin le faobhar nár cheil an chruálacht ná an t-olc.

“An bua is mó gur cuimhin liomsa a bheith aige ná an mianach a bhí ann mar fhile an daonnacht ionainn a aimsiú, an chuid di a bhí contráilte chomh maith leis an gcuid a bhí lán le deiseanna.

“Is geall le crann darach eile ag titim bás Derek Mahon, agus ealaíontóirí go leor eile imithe uainn le tamall. Údar dóchais dúinn anois torthaí na n-airní a fágadh mar oidhreacht againn ina saothar,” arsa Uachtarán na hÉireann.

Os cionn 20 cnuasach a d’fhoilsigh Derek Mahon, a rugadh i mBéal Feirste, ó chuir sé Night-Crossing amach i 1968.

I measc na gcnuasach mór le rá eile a tháinig óna pheann bhí Beyond Howth Head, The Hudson Letter, The Yellow Book agus Harbour Lights.

Ball d’Aosdána ab ea é agus is mó duais litríochta a bhuaigh sé as feabhas a shaothair.

Dúirt Éigse Éireann gur údar mór bróin dóibh bás an fhile.

“Níl teora leis an tionchar a bhí aige ar fhilí na hÉireann, ar shaol na litríochta agus ar an tír i gcoitinne agus is iontach a oidhreacht,” a dúradh i ráiteas Éigse Éireann.

I ráiteas ón Gallery Press, a d’fhoilsigh cuid dá shaothar, dúradh gur “máistirfhile” agus “ealaíontóir go smior” a bhí ann.

I measc na ndánta ba cháiliúla leis bhí ‘A Disused Shed in County Wexford’, ‘A Refusal to Mourn’ agus ‘Beyond Howth Head’. Bhí dán eile leis Everything Is Going To Be Alright’ go mór i mbéal an phobail le linn na paindéime.

Foilseofar Washing Up, cnuasach deireanach Derek Mahon an mhí seo.

Fág freagra ar '‘Is geall le crann darach eile ag titim é’ – an file Derek Mahon ar shlí na fírinne'