Is gá na tinte a bhainistiú ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, agus tá sé thar am é sin a aithint

Is minic a bhíonn costas mór le reic an mhaidin dár gcionn i ngeall ar an damáiste a dhéantar nó mar gheall ar eachtraí frithshóisialta a tharlaíonn ag na tinte

Is gá na tinte a bhainistiú ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, agus tá sé thar am é sin a aithint

Fadó, fadó nuair a bhí mise i mo pháiste in Iorras, ócáid mhór bhliantúil ab ea an tine chnámh Oíche Fhéile Eoin. Chuirtí gach cineál ábhair ar an tine, scrobarnach, bruth faoi thír agus dramhaíl. Ba chuid dhílis den chultúr é an cleachtas fiú má bhí cuid d’ábhar na tine contúirteach. Le himeacht aimsire cuireadh srian ar an dóchán ar mhaithe le sláinte agus an timpeallacht. Lastar tine chnámh gach bliain fós ach déantar é de réir rialacha sábháilteachta agus baintear sult as díreach mar a rinneadh nuair a bhí mise i mo ghirseach.

Ní dúshlán mór é go mbeadh tine shábháilte ann.

Ní hé sin a shílfeá ag breathnú ar na cairn ollmhóra ábhair a thógtar i dTuaisceart Éireann le haghaidh tinte cnámh dílseacha an aonú hoíche dhéag, an ceiliúradh roimh mhórmháirseálacha bliantúla na nOráisteach ar an 12 Iúil. Is minic iad róghar do thithe. 

Anuraidh, chuir splancanna ó thine chnámh trí theach i gCearnóg Hopewell i gceantar na Seanchille i mBéal Feirste trí thine. Bhí an t-ádh ar áitritheoirí go raibh na seirbhísí éigeandála in ann iad a tharrtháil. Bíonn ar an tseirbhís dóiteáin sciath chosanta a thógáil go rialta idir tinte in oirthear Bhéal Feirste agus sraith tithe ina bhfuil cónaí ar phinsinéirí.

D’ainneoin na bhfíricí sin, tá cuid de lucht eagraithe na dtinte dubh dóite in aghaidh rialacháin sábháilteachta. Deir siad gur gné luachmhar dá gcultúr é tinte cnámh an 11 Iúil agus leatrom ar dhílseoirí/aontachtaithe é iarracht ar bith rialacha a chur i bhfeidhm. ‘Gné luachmhar’ eile de na tinte is ea é go gcuirtear trídhathach na hÉireann trí thine orthu chomh maith le pictiúirí de pholaiteoirí náisiúnacha agus poblachtacha agus amanna siombail Chaitliceacha ar nós dhealbh na Maighdine Muire.

Cé gur ghlac eagraithe na dtinte i roinnt áiteacha le srianta áirithe le tamall de bhlianta, stop le dóchán bonn cairr i ngeall ar an nimh ón ruibéar dóite, cur i gcás, agus láthair oifigiúil shábháilte don tine, tá daoine eile éirithe níos trodaí ina gcosaint ar thinte neamh-smachtaithe. Le seachtain anuas agus na bailiúcháin deiridh ar siúl don oíche anocht, bhí cuid de na cairn chomh hard le foirgintí trí agus ceithre stór. Cuireadh fógraí ar charrchlóis de chuid na Comhairle Cathrach i mBéal Feirste go raibh siad dúnta mar go raibh an spás tógtha le haghaidh tinte cnámh.

Nocht an nuachtán an Irish News go raibh cuid d’ábhar na dtinte á stóráil ag an gComhairle (ar mhaithe le seirbhísí a choinneáil oscailte) go dtí lá na dtinte. Nocht an páipéar freisin go raibh ábhar goidte i measc an ábhair tine sin a bhí á choinneáil ag an gComhairle Cathrach. Náire mhór a bhí ann don Chomhairle, a chuir fiosrúchán ar bun faoin scéal. I ndiaidh an fhiosraithe, chuaigh an Chomhairle i muinín na cúirte. Fuair siad urghaire ArdChúirte chun bac a chur ar éinne a thuilleadh ábhair a bhailiú le loisceadh ar cheithre láthair sa chathair. Rialaíodh gur díspeagadh cúirte a bheadh ann an urghaire a shárú, coir a mbeadh príosún nó fíneáil le gearradh as.

Is minic a bhíonn costas mór le reic an mhaidin dár gcionn i ngeall ar an damáiste a dhéantar nó mar gheall ar eachtraí frithshóisialta a tharlaíonn ag na tinte. I mbliana, seans go mbeidh éisteachtaí cúirte i gceist freisin.

D’eisigh an DUP agus an PUP comhráiteas ag rá gur chath cultúrtha de chuid Shinn Féin ar an gcultúr dílseach ab ea beart dlíthiúil na Comhairle. Gan dabht cáinfear Comhairle Cathrach Bhéal Feirste sna hóráidí Oráisteacha amárach mar gheall ar an urghaire chúirte ach ní mór a rá gur gá na tinte a bhainistiú ar mhaithe le sábháilteacht an phobail. Tá sé thar am ag gach duine é sin a aithint.

Fág freagra ar 'Is gá na tinte a bhainistiú ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, agus tá sé thar am é sin a aithint'