Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Gernika na tragóide agus an aiséirí

Is baicle bhródúil iad na Bascaigh agus is deacair pobal níos bródúla a aimsiú ná muintir Gernika

Mural_del_Gernika

Baile beag, stairiúil é Gernika, scór mílte soir ó chathair Bilbao. Tá samhaItas láidir ag baint leis an mbaile seo, ar chúpla cúis, agus is ann is féidir le duine tuiscint níos fearr agus níos doimhne a fháil ar oidhreacht agus ar mheon na mBascach.

Is baile bríomhar é Gernika, go háirithe ar an Luan nuair a bhailíonn an saol is a mháthair ann do mhargadh traidisiúnta ina ndíoltar iliomad táirgí áitiúla do mhuintir an bhaile agus dóibh siúd atá ann ag lorg blaiseadh de bhia na mBascach. Go deimhin, ní lucht na siopadóireachta amháin a bhaineann súp as an margadh seo. Ócáid chultúrtha agus oidhreachta í chomh maith agus tapaíonn muintir Gernika an deis ceol, rince agus spórt na mBascach a cheiliúradh go poiblí agus go spleodrach. ‘Lunes gernikés, golperik ez’, a mhaítear i nath cainte áitiúil; ní dhéantar pioc oibre ar Luan an mhargaidh! Fearacht an scéil i mbailte beaga, tuaithe eile ar fud Thír na mBascach, is í an Bhascais a chloistear ar shráideanna Gernika mar phríomhtheanga labhartha i measc an phobail den chuid is mó.

Is ar lá an mhargaidh, faraor, ar an 26 Aibreán 1937 a tharla ceann de na heachtraí is uafásaí agus is tromchúisí i stair na mBascach, na Spáinne agus na hEorpa. Ar an lá cinniúnach úd scrios fórsaí na Gearmáine an baile le bombardú aeir fíochmhar, fuilteach a mharaigh na céadta – nó na mílte ag brath ar an bhfoinse staire a léitear – duine laistigh de chúpla uair an chloig. Thosaigh Cogadh Cathartha na Spáinne bliain roimhe sin agus thug ceannaire na Nacionalistas, Franco, deis do Hitler a airm nua a thástáil chun díoltas a imirt ar na Bascaigh. Roghnaíodh Gernika (agus baile eile, Durango, cúpla lá roimhe sin) don slad marfach seo de thoisc na tábhachta siombalaí a bhain leis an mbaile. B’é an chéad uair riamh i stair na hEorpa a ionsaíodh pobal sibhialtach, gan chosaint ar an gcaoi sin. Le blianta fada, mhaígh rialtas Franco gurb iad na Poblachtaigh, nó na ‘reds’ mar a tugadh orthu go maslach, a loisc a mbaile féin.

D’ainneoin na staire gruama seo, atógadh foirgnimh agus athnuadh anam Gernika agus ní áirítear aon rian d’fhaltanas sa bhaile. Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Gernikako Bakearen Museoa (Músaem na Síochána) le léargas cumhachtach a fháil ar an méid a tharla sa bhaile le linn na buamála agus conas mar atá an baile athraithe ó shin. Taispeántar go leor ábhair ón mbaile féin a scriosadh ar lá an ionsaithe mar aon le fothraigh tí, tuairiscí nuachta agus íomhánna den sléacht a tharla ar na sráideanna. Gan dabht an taispeántas is cumhachtaí agus is maoithní atá acu sa mhúsaem, áfach, ná seomra amháin ina dhéantar athchruthú ar sheomra suí in Gernika sa bhliain 1937. Cloistear bean óg ag caint faoina saol agus a clann, agus ansin cloistear na heitleán agus na buamaí. Croitheann an seomra, múchtar na soilse agus is féidir imeagla na ndaoine a bhrath. Fágann tú an taispeántas seo faoi chian ach is fiú agus is gá do dhuine é féin a chur ar an eolas faoi eachtraí uafásacha den chineál seo. Ina theannta sin, mínítear go mion saothar ealaíne clúiteach de chuid Picasso, dar teideal Gernika, a chruthaigh sé i ndiaidh na buamála in ómos dóibh siúd a cailleadh.

San iomlán, cuirtear teachtaireacht an chairdis agus an mhaithiúnais chun cinn sa mhúsaem seo. Dírítear mórchuid na dtaispeántas ar chúrsaí síochána go ginearálta agus ar an bpróiseas síochána i dTír na mBascach agus i dtíortha eile, Éire san áireamh. Is deacair gan a bheith dóchasach agus do chuairt chuig an músaem ag teacht chun críche.

Cúpla nóiméad siúlóide ón músaem agus sroichtear an áit ina bhfuil an tsiombail is tábhachtaí d’fhéinriail na mBascach; Crann Gernika. Fadó bhuail ionadaithe de chuid na mbailte éagsúlacha in Bizkaia le chéile fé chrann darach in Gernika chun dlíthe a chumadh, fadhbanna a réiteach agus cinneadh a dhéanamh ar ábhair a bhain lena mbailte agus a muintir féin i gcoitinne. Níl fágtha den seanchrann sin anois ach stalcán, ach cuirtear crann nua, a shíolraíonn ón gcéad chrann sin, go rialta. Taobh leis an gcrann tá an Casa de Juntas agus is ann a shuíonn parlaimint na Bioscáine ó am go chéile sa lá atá inniu ann. Ní féidir an trombhrí a bhaineann leis an áit seo do mhuintir Thír na mBascach a shéanadh. Bhí lucht Franco ag iarraidh anam na mBascach a loit nuair a ionsaíodh Gernika i 1937 ach, íorónta go leor, ní dhearnadh damáiste ar bith don gcrann ná do Thithe an Oireachtais ach an oiread le linn na buamála.

Éinne a bhfuil dúil aige i gcúrsaí staire, stair na mBascach agus na hEorpa araon, nó dóibh siúd ar mian leo tuilleadh a fhoghlaim faoi mheon na ndaoine stairiúil seo, is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Gernika. Níos fearr fós más ar lá an mhairgaidh a ráiníonn tú a bheith ann.

 

Fág freagra ar 'Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Gernika na tragóide agus an aiséirí'

  • Dónall

    Alt den scoth maith thú a Stephen

    • Stephen

      GRMA a Dhónaill.