‘Is féidir linn an t-ocras sin a bhíonn ar dhaoine roimh chluichí móra a shásamh’ – Dara Ó Cinnéide ar fhilleadh ‘Seó Spóirt’

Agus ‘Seo Spóirt’ ag filleadh ar TG4, labhair an láithreoir Dara Ó Cinnéide le Tuairisc faoi thábhacht a leithéid de chlár agus faoin gcinneadh conspóideach deireadh a chur leis an tsraith cúig bliana ó shin

‘Is féidir linn an t-ocras sin a bhíonn ar dhaoine roimh chluichí móra a shásamh’ – Dara Ó Cinnéide ar fhilleadh ‘Seó Spóirt’

Deir Dara Ó Cinnéide go bhfuil Seó Spóirt ag filleadh ag am tráthúil agus é tábhachtach suim an phobail i gcluichí agus i spórt a spreagadh arís théis na paindéime.

Tá sé deimhnithe go bhfuil an clár irise spóirt le filleadh ar TG4 mí an Mheithimh, cúig bliana ó cuireadh deireadh leis. Is iad an bheirt a bhí ag cur an chláir i láthair in 2017, Dara Ó Cinnéide agus Gemma Ní Chionnaith, a bheidh ag cur na sraithe nua i láthair.

Tá sé i gceist naoi n-eagrán den chlár a dhéanamh an samhradh seo agus cuirfear tús arís le Seo Spóirt an mhí seo chugainn nuair a chraolfar clár speisialta ó Chomórtas Peile na Gaeltachta 2022 a bheidh ar siúl i Leitir Móir i gConamara. An comhlacht Iris Productions, a bhfuil obair déanta acu ar sholáthar rugbaí TG4, a bheidh i mbun léirithe ar an tsraith nua de Seo Spóirt.

Ag labhairt dó le Tuairisc, deir Ó Cinnéide go bhfuil an-áthas air go bhfuil Seo Spóirt le filleadh agus go deir sé go bhfuil sé caoithiúil go bhfuil an clár ag teacht ar ais tráth a bhfuil na sluaite ag filleadh i gceart ar chluichí timpeall na tíre.

“Le dhá bhliain anuas, tharla an phaindéim, a d’athraigh an saol ó bhonn. D’athraigh an tuiscint atá againn ar spórt ó bhonn chomh maith. D’fhéadfadh na cluichí dul in aon treo anois,” a deir an Cinnéideach. “D’fhéadfadh daoine a rá ’Níor bhraitheas uaim dul go dtí na cluichí chomh mór sin’ nó d’fhéadfadh daoine a rá ‘Bhraitheas uaim go mór é seo agus táim chun dul chuig na haon chluiche.’ Sílim go bhfuil ról anseo ag Cumann Lúthchleas Gael féin agus sinne mar chraoltóirí an rud a dhíol leo arís. 

“Ceann de na freagraí ar sin ná margaíocht, poiblíocht, bolscaireacht, caint, comhrá, cur agus cúiteamh. Nuair a thosaíonn tú ag caint ar rud, cothaíonn tú spéis ann.”

Tá athrú tagtha ar chlúdach na gcluichí gaelacha fiú sa chúig bliana a bhí Seo Spóirt imithe ón aer agus neart podchraoltáí agus ábhair eile ann anois dóibh siúd ar spéis leo na cluichí, ach tá Ó Cinnéide den tuairim go bhfuil bearna ann go fóill do chlár cainte ar an teilifís.

“Bhí an-chaint fé nuair a d’imigh an clár agus bhraith an-chuid daoine ag an am, agus braitheann fós, go bhfuil folús ann, nach mbíonn sásamh ar fáil ar an ocras sin a bhíonn ar na haon duine oíche Dé hAoine, agus cluichí móra ag teacht,” a deir sé.

“Tá an-chuid rudaí athraithe ó d’imiomar ach fós, is dóigh liom go bhfuil gá le rud éigin ar an dteilifís agus ansan míreanna a chur amach ar na meáin shóisialta ina dhiaidh sin. “‘Cad a dúirt sé seo mar gheall ar seansanna Bhaile Átha Cliath Dé Domhnaigh? An bhfuil Cill Chainnigh chun teacht aniar a dhéanamh?’ Tabharfaidh na cluichí ábhar cainte duit i gcónaí.”

Bhain conspóid le cinneadh TG4 deireadh a chur le Seo Spóirt in 2017 mar chuid d’athstruchtúrú a bhí ar bun ag an stáisiún. Bhí imreoirí mór le rá ina measc siúd a dúirt gur trua leo go raibh deireadh curtha leis.

Deir Ó Cinnéide nár aontaigh sé leis an gcinneadh deireadh a chur le Seo Spóirt ach nár theastaigh uaidh ach an oiread cur leis an gconspóid.

“Cheapas riamh gur botún a bhí ann [fáil réidh leis an gclár] ach níor theastaigh uaim a bheith sáite I ndíospóireacht sin a bhí chomh poiblí agus chomh polarizing. Sin é an nós a bhíonn agam i gcónaí, ní haon chabhair díosal a chaitheamh isteach sa tine. Bhí díomá orm féin ag an am, níor theastaigh uaim an díospóireacht a bheith agam fiú.”

Rud amháin a léiríodh don Chinnéideach cúig bliana ó shin ná an tóir a bhí ar an gclár, rud nach raibh sé b’fhéidir ag súil leis.

“An chéad dá bhliain, fiú nuair a bhíos ag dul timpeall na tíre agus timpeall an domhain le Pat Comer [ag déanamh na sraitheanna GAA Nua agus GAA Eile], bhíodh daoine ag rá ‘That show that ye had on, it was an awful loss’. Nuair a bhí na comhráití ann chun deireadh a chur leis den chéad uair, ní dóigh liom gur thuigeas féin an lé a bhí ag daoine leis. Le rud seanbhuntaithe, téann tú i dtaithí air ach ní raibh aon choinne agam leis an stoirm a leann é sin [an cinneadh deireadh a chur leis].”

Deir sé go bhfuil an-chuid rudaí athraithe ina shaol ó 2017, ó thaobh cúrsaí oibre de agus ó thaobh cúrsaí peile. Cé nár tháinig aon athrú ar an suim a bhí aige sna cluichí, bhí Ó Cinnéide gafa níos mó le cúrsaí club. Chaith sé sealanna ag plé le foirne Chumann caide na Gaeltachta agus tá sé anois ina chathaoirleach ar a an gcumann.

“Is dóigh liom go bhfuil níos mó cluichí club feicthe agam ná cluichí idirchontae [le cúig bliana anuas]. Bhí sampla maith ann Dé Domhnaigh seo caite. Bhíos amuigh ag cluiche club, An Ghaeltacht in aghaidh an Léigiúin, agus chailleas Tír Eoghain agus Doire. Beidh orm dul siar ar an RTÉ Player anois chun é sin a fheiscint. Sin í an difríocht mhór ó thaobh na gcluichí le cúig bliana anuas.”

Mar sin féin, tá Ó Cinnéide ag súil leis na dúshláin a bhainfidh le filleadh an chláir agus na comhráití a spreagfaidh filleadh Seo Spóirt.

“Déarfadh Micheál Ó Muircheartaigh i gcónaí nuair a bhíodh sé ar an raidió, leath den ndraíocht a bhaineann leis na cluichí atá againn ná a bheith ag caint ar na cluichí agus a bheith ag súil agus ag tnúth leis na cluichí agus is dóigh liom go bhfuil sé sin fíor, is cuma cén ré lena bhaineann tú.”

Fág freagra ar '‘Is féidir linn an t-ocras sin a bhíonn ar dhaoine roimh chluichí móra a shásamh’ – Dara Ó Cinnéide ar fhilleadh ‘Seó Spóirt’'