Is fearr uaireanta athscríobh le peann ná a bheith ag útamáil le ‘cóipeáil’ agus ‘greamú’…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: thuig an seandream go raibh a leithéid de rud ann agus aonacht téacs, ach seans go bhfuil an tuiscint sin caillte againne a mhaireann i ré an ‘cóipeáil agus greamú’

Is fearr uaireanta athscríobh le peann ná a bheith ag útamáil le ‘cóipeáil’ agus ‘greamú’…

Tá radharc amháin san úrscéal atá idir lámha agam a bhí ag tabhairt níos mó trioblóide dom ná ceann ar bith eile. D’fhill mé ar an radharc céanna arís is arís eile thar thréimhse bliana, nach mór. Shíl mé go raibh an lámh in uachtar faighte agam air sa bhabhta eagarthóireachta deireanach, ach nuair a léigh mé an téacs agus é priontáilte amach ar pháipéar agam den chéad uair ba léir dom go raibh dul amú orm. Bhí rud éigin aisteach cearr leis, rud nach raibh mé in ann mo mhéar a leagan air ar dtús. 

Ansin, rith sé liom go raibh mé tar éis a bheith ag plé leis an radharc seo chomh minic sin thar thréimse bliana gurb éard a bhí in easnamh ná aonacht an téacs. Bhí sé le haithint ar an sliocht nach d’aon iarraidh amháin a scríobhadh é, an chuma ar an radharc gur ina mhíreanna beaga aonair a shamhlaigh mé é, seachas mar radharc iomlán.

Ní fhaca mé ach leigheas amháin ar an scéal. Rug mé ar pheann agus páipéar agus scríobh mé amach an radharc arís is arís eile, ag déanamh athruithe beaga anseo is ansiúd, ag gearradh agus ag cur leis.

Dhá lá a thóg an próiseas sin orm agus ag amanna mhothaigh mé cosúil le Bart Simpson agus líne á scríobh amach ar an gclár dubh aige arís is arís eile mar phionós. Ach sa deireadh, bhí radharc agam a raibh an chuma air gur shamhlaigh mé é d’aon iarraidh amháin. Bhí leanúnachas ag baint leis an aicsean cheana féin – ach anois bhí leanúnachas ag baint leis na meafair, leis an bhfriotal agus le rithim an téacs, agus thar aon rud eile, bhí leanúnachas ag baint leis an méid nach raibh á rá i bhfocail, ach idir na línte.

Bhí scríbhneoirí ficsin ann (bhí Clarice Lispector na Brasaíle agus Jan Wolkers na hÍsiltíre ar bheirt acu) a scríobhadh amach ar chlóscríobhán an saothar iomlán a bhíodh idir lámha acu mar chuid den phróiseas eagarthóireachta. As an nua. Mar chuid de gach uile bhabhta eagarthóireachta.

Thuig siad go bhfuil a leithéid de rud ann agus aonacht nó iomláine téacs. Is deacair cur chuige mar sin a shamhlú i ré seo an ‘cóipeáil agus greamú’, ach tar éis na trioblóide a thug an radharc áirithe sin dom tháinig fonn orm féin m’úrscéal a scríobh amach ar chlóscríobhán d’aon iarraidh amháin – nó le peann, fiú amháin.

Fág freagra ar 'Is fearr uaireanta athscríobh le peann ná a bheith ag útamáil le ‘cóipeáil’ agus ‘greamú’…'