Is fearr gur amárach a chrochfaí thú ná inniu – May sásta feall a imirt ar an DUP

Beidh ar an Sasanaigh cinneadh críochnúil a dhéanamh faoi theorainn na hÉireann i ndiaidh an Bhreatimeachta uair éigin, ach tá na comharthaí ann anois nach mbeidh an oiread sin drogaill ar rialtas na Breataine feall a imirt ar na haontachtóirí

Is fearr gur amárach a chrochfaí thú ná inniu – May sásta feall a imirt ar an DUP

Tá uair na cinniúna ag druidim linn, agus comharthaí ann go mbeidh rialtas na Breataine sásta feall a dhéanamh ar an DUP maidir le ceist riaradh na teorann agus géilleadh, go sealadach ar aon nós, don Aontas Custaim ar mhaithe le socrú a dhéanamh le hAontas na hEorpa i dtaobh an Bhreatimeachta.

Ní teorainn ar an bhfarraige a bheadh ann ach rialú seiceálacha, ach cén difear é sin don DUP?

Ba léir go raibh Arlene Foster, ceannaire an DUP, trína céile ag Comhdháil na gCaomhach in Birmingham nuair a soiléiríodh di nach raibh an chumhacht aici a cheap sí a bheith. Stuacacht leanbaí a bhí sa tuairim go bhféadfaí Comhaontú Aoine an Chéasta a athscríobh, agus ba mheasa fós an bhagairt lom gur dearg na fola atá ar a cuid línte dearga.

Níor dhein mórmheáin na hÉireann mórán plé ar an gcaint sin, ach samhlaigh na sceamhaíola a bheadh ann dá mbeadh rud ar bith dá leithéid ráite ag urlabhraí de chuid Shinn Féin!

Níl an margadh déanta, ámh, ná baol air. Sea, tá an rialtas i mBaile Átha Cliath ag tabhairt tacaíochta don phlean leasaithe ó Phríomh-Aire na Breataine, Theresa May, ach ní shin le rá go nglacfaidh an tAontas féin leis.

Go bunúsach tá May ag moladh go bhfanfadh an Bhreatain ar fad taobh istigh de rialacha an Aontais Chustaim go dtí go dtiocfaí ar réiteach níos sásúla ar fhadhb na teorann.

Oireann a leithéid don rialtas abhus ar ndóigh, mar d’fhágfadh sé nach mbeadh teorainn chrua ar oileán na hÉireann agus nach mbeadh bacanna trádála eadrainn féin agus an Bhreatain ach an oiread. Ar bhonn sealadach, sea, ach is fearr gur amárach a chrochfaí thú ná inniu.

Cuireann sé scaoll ar an DUP, ámh, agus ar aontachtóirí i gcoitinne, go bhfuil May ag tabhairt le fios go nglacfadh sí le rialú seiceálacha idir an Tuaisceart agus an Bhreatain.

Tá foláireamh tugtha ag Sammy Wilson thar ceann an DUP do rialtas Westminster, agus é ráite aige nach aon chur i gcéill atá ar bun ag an DUP agus iad ag tabhairt le fios go mbeidís sásta an rialtas a chur as oifig dá mba ghá.

Ach tuigim gurb é an freagra príobháideach air sin ná go bhfuil an baol ann gurbh é Corbyn, cara Shinn Féin, a ghnóthódh an toghchán. Sa chás go n-éireodh le May teacht ar ais, is ar éigean go mbeadh sí buíoch don DUP ná báúil leo.

Go deimhin, tá an foláireamh céanna ag May dóibh siúd ina páirtí féin nach dtacaíonn lena plean, ach is léir ón gComhdháil go bhfuil an lá léi – go fóilleach ar aon chuma.

Ar ndóigh ní nós leis na haontachtóirí i gcoitinne, nó an DUP  go háirithe, smaoineamh faoin bhfadtéarma ná straitéis fhadtéarmach a chur le chéile. D’éirigh leo cumhacht a fháil maidir le seasmhacht an rialtais, ach níor thuig siad go bhféadfaí iad a bhrú ar leataobh dá mba ghá.

Mar a mhínigh May don Chomhdháil, ní ‘Fuck Business’, mar a mhol Boris Johnson, ach ‘Back Business’ a cur chuige.

Ach céard faoin Aontas? Thug Michel Barnier, príomh-idirbheartaí an Aontais maidir leis an ábhar seo, droim láimhe cheana féin leis an tuairim go bhféadfadh an Bhreatain ar fad fanacht san Aontas Custaim go sealadach gan tiomantas fadtéarmach don aontas sin a ghealladh.

Oireann plean May don rialtas abhus, ach an é go raibh muid ag baint leas as an Aontas nó an raibh an tAontas ag baint leas asainne?

Seans maith go ngéillfidh May níos mó fós, ach fiú dá mbeadh ciall ag an DUP bheadh sé deacair acu glacadh le tréigean iomlán.

Tá chuile rud ag brath mar sin ar an gcruinniú mullaigh a bheas ag an Aontas ar an 17ú lá den mhí seo. Mura mbeidh an Coimisiún agus Uachtarán na Comhairle Donald Tusk den tuairim ansin go bhfuil margadh nach mór déanta ní reáchtálfar an cruinniú cinniúnach i mi na Samhna.

Is mura reáchtálfar an cruinniú sin ní bheidh am ann an Breatimeacht-gan-margadh a sheachaint.

Cibé rud, níl i gceist le plean May ach am a cheannach; mar ní féidir teorainn chrua a sheachaint sa bhfadtéarma ach trí stádas faoi leith a bheith ag an Tuaisceart, an Bhreatain ar fad a bheith san Aontas Custaim, nó trí rialú a chur i bhfeidhm idir Éirinn ar fad agus an Eoraip.

Míorúilt teicneolaíochta a bheadh ag teastáil le teacht ar réiteach ar bith eile.

Beidh ar an Sasanaigh cinneadh críochnúil a dhéanamh uair éigin, ach tá na comharthaí ann anois nach mbeidh an oiread sin drogaill ar rialtas na Breataine feall a imirt ar na haontachtóirí.

Ní haon ionadh go bhfuil Arlene bhocht trína céile.

Fág freagra ar 'Is fearr gur amárach a chrochfaí thú ná inniu – May sásta feall a imirt ar an DUP'