Tuairimí
An obair a chruthaíonn dlíodóirí dá chéile! Is sagairt sibh go léir agus an dia céanna á adhradh agaibh. JOYCE CAROL OATES
Ní scanraíonn rialacha an dlíodóir faoi mar nach scanródh fuil an máinlia. JETHRO LIEBERMAN
DLÍTHE AGUS REACHTANNA AISTEACHA
Wyoming: Caithfidh mná seasamh cúig troithe siar ón gcuntar agus iad ag ól i mbeár.
Compton, California: Cosc ar dhamhsa leiceann le leiceann.
Halethorp, Maryland: Soicind amháin a mhaireann póg ann; bheadh póga níos faide ná sin in aghaidh an dlí.
Chicago: Tá sé in aghaidh an dlí a bheith ag ithe in áit atá trí thine.
Scéalta grinn
Cathaoir Leictreach
Leathchéad bliain a bhí caite ag Tadhg i Meiriceá ach níor fíoraíodh an aisling Mheiriceánach dó agus, go deimhin, ní fhíorófar anois go deo í mar tar éis a shaothair go léir ní raibh ag Uncail Sam dó ach an chathaoir leictreach.
Bhí an tAthair Ó Gallchobhair – seanchara le Tadhg – i láthair.
“Bhuel, a Thaidhg, is gearr uait anois é. An bhféadfainn aon rud eile a dhéanamh duit?”
“Tá eagla mo chraicinn orm, a Athair,” arsa Tadhg. “Beir greim láimhe orm.”
Fág freagra ar 'Is fearr focal sa chúirt ná punt sa sparán…'