Is fánach an pá lae a fhaigheann an marcach ar an gcruatan agus an féindiúltú

Ach, má bhaineann tú an deichniúr léim-mharcach is fearr atá ag déanamh i Sasana as an áireamh is bocht an saol a bhíonn ag an gcuid eile

Bryan Cooper ag titim de Real Steel. INPHO/Cathal Noonan
Bryan Cooper ag titim de Real Steel. INPHO/Cathal Noonan

Éirí as Kieren Fallon an lá faoi dheireadh a mheabhraigh an cruatan agus an féindiúltú a bhaineann le saol an mharcaigh dom.

Bíonn a thoradh le feiceáil ar chlár a n-éadain nuair a fheictear ar an teilifís iad – gan iontu ach na cnámha agus iad sin féin amach trína gcraiceann. Marcanna timpeall a mbéil agus ar chlár a n-éadain, áit a bhfuaireadar cic ó chapall a bhí ag déanamh tríocha míle san uair.

Bhí an lá ann nuair a bhíodh a bhformhór mantach, ach tá deireadh curtha leis sin ag an bhfeabhas atá tagtha ar chúrsaí fiaclóireachta agus ag na deiseanna cosanta a chaitheann mórán chuile pheileadóir agus iománaí fiú, na laethanta seo.

Clúdaíonn na léinteáin chrithlonracha agus brístí bána colainne marcaigh a bhíonn chomh tanaí le béal scine. Is iondúil go mbíonn na léim-mharcaigh beagán níos airde ná iad siúd a shaothraíonn ar an talamh réidh – fós féin, ní féidir lena mbunáite a bheith mórán níos troime ná 10 gclocha (63.5K).

Is beag cnámh ina gcolainn nach mbriseann siad ag tráth éicint. I gcás Ruby Walsh briseadh a dhá chos cúpla babhta (an péire le chéile i nDún Ríoga in 2010). Ar na gortuithe eile atá bainte dó tá a rosta a bheith briste, a chorróg a bheith amuigh agus uair eile briste, a ghualainn amuigh, veirteabraí briste brúite go minic agus ar ndóigh maireann sé gan liathán (spleen) ó thit sé de chapall i Cheltenham ocht mbliana ó shin.

Is é Ruby is túisce a déarfadh leat gur beag sin i gcomparáid lena chara J. T McNamara atá fágtha i gcathaoir rotha ag titim ar an gcúrsa céanna, an deireadh céanna a bhí i ndán do Shane Broderick agus gan é ach 22 bliain d’aois, ní áirím iad siúd a maraíodh.

Tá oiread aithne ar an gcuid is cáiliúla de na marcaigh agus atá ar aon lúthchleasaí eile ach is mór a bhíonn idir an cineál saoil a mhaireann siad. Ní hé an t-ocras a thugann lucht na gcapall dóibh féin amháin atá i gceist agam.

Uair sa tseachtain ar an meán a imríonn réalta na bhfoirne an spórt. Caitheann siad an chuid eile den am ag ullmhú don sprioc sin. Tá comhairle agus cúnamh ar fáil dóibh maidir le cothú agus scíth agus nuair a thagann an lá mór taistealaíonn siad chuig láthair am chomhraic ar bhus galánta – tharlódh fiú go gcaithfeadh siad an oíche roimh ré in óstán 5 réalt, ach an t-aistear a bheith fada go leor.

Ar an taobh eile den scéal bíonn an marcach sa gcoimhlint cúig nó sé de laethanta in aghaidh na seachtaine. I ngluaisteán a dhéanann sé a chuid taistil ar fad, cuid mhaith acu a chuireann os cionn 100,000 ar an gclog. Déanann siad féin an tiomáint, nó roinneann siad eatarthu é. Filleann siad ar an mbaile chuile oíche, mar gur dóigh gur ar cheann eile na tíre a bheas a dtriall lá arna mhárach.

Agus an cúiteamh? I Sasana, áit ar chaith Kieren Fallon formhór a shaoil iomaíochta, £118.29 an táille a bhíonn as capall a mharcaíocht i rás ar an talamh réidh, £161.50 sna léimrásaí. Ní mór don mharcach 10% dó sin a thabhairt don ghníomhaire a fuair an jab dó agus 10% eile don ghiolla a thugann aire dá fheisteas. Má bhuann a chapall faigheann sé tuairim 9% den duaischiste (7% ar an talamh réidh), 3.5% ach a bheith sa dara nó sa tríú háit.

Má thaistealaíonn marcach chuig rásaí, áit a bhfaigheann sé amach go bhfuil a chapall tarraingthe as an iomaíocht ar chúis éicint, ní bhíonn tada ag dul dó.

Níl aon amhras ann ach go ndéanann marcaigh áirithe maireachtáil mhaith as a gceird, go háirithe iad siúd a bhíonn ag obair do na traenálaithe móra a bhfuil plúr na gcapall acu agus a mbíonn iomaitheoir dá gcuid i bhformhór na rásaí.

Ach, má bhaineann tú an deichniúr léim-mharcach is fearr atá ag déanamh i Sasana as an áireamh, tuairim £20,000 sa mbliain a shaothraíonn an chuid eile acu. Ar an talamh réidh, tá fear óg 21 bliain d’aois darbh ainm Robert Hornby ag iarradh slí bheatha a bhaint as a cheird. Bhí sé san iomaíocht in 82 rás anuraidh, trí cinn acu a bhuaigh sé.

Agus mé i mbun an cholúin seo, bhreathnaigh mé ar chárta rásaí a bhí ar siúl i Uttoxoter i Sasana i lár na seachtaine seo caite, áit a raibh duaischiste £36,000. Fágann sin go bhfuair an t-ochtar marcach a bhuaigh £2,500 eatarthu, móide an táille marcaíochta a bhí ag dul dóibh.

Ach bhí 42 marcach ar fad sa gcoimhlint ansiúd an tráthnóna sin, cuid den dream is cáiliúla ina measc – Paddy Brennan, Richard Johnson, Noel Fehilly, Sam Twiston Davis agus Richie McLernon. Bhí a mbunáite sin san iomaíocht i bpéire de na rásaí, ach bhí 29 marcach ar an gcárta a bhí taobh le haon rás amháin.

Is fánach an pá lae a bhí acu siúd.

Fág freagra ar 'Is fánach an pá lae a fhaigheann an marcach ar an gcruatan agus an féindiúltú'