Is barrúil an rud í an aimsir bhreá. Bhí muid ag faire le míonna ar laethanta breátha agus nuair a thagann siad bíonn sé fós ina chogadh gach duine a chur amach an doras. Tá an oiread siúlóidí tógtha againn in aice leis an trá le bliain anuas go bhfuil siad bréan tuirseach den trá.
Níl aon neart againn air is ainmhí é an duine a dtaitníonn nuálaíocht leis agus is deacair é a shásamh.
Chuimhnigh mé an lá cheana ar shiúlóid thuas timpeall le cladach nach raibh déanta againn le fada. “Seo libh,” a dúirt mé, “gabhfaidh muid amach ag siúl.”
Bhreathnaigh an Cailín Mór Beag go grinn orm anuas óna fara ar bharr an tí spraoi. “Cá bhfuil tú ag iarraidh a ghabháil?” a d’fhiafraigh sí díom. “Níl a fhios agam,” a dúirt mé, is mé ar mo dhícheall diúltú don idirbheartaíocht le gníomhaí sceimhlitheoireachta.
Is geall le braonacha beaga uisce iad na ceisteanna is iad ag ídiú na carraige. Ba mhaith liom a rá gur mise an charraig sa sampla sin, ach seans gurb í an Cailín Mór Beag an charraig agus gur mise na braonacha uisce. Éireoidh leis na braonacha uisce ar deireadh, ach tógann sé na mílte bliain.
B’fhearr liom i bhfad córas deachtóireachta a chur i bhfeidhm, murach go bhfuil an coincheap ag teacht salach ar mo bhunluachanna saoil.
“Cén áit go díreach a bhfuil tú ag iarraidh a ghabháil?” a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag. “Tá mé ag iarraidh a ghabháil chomh fada leis an bhfarraige ó tá an lá go breá.” a d’impigh mé.
“Hmmm,” a deir sí. “Tá mé bréan den tsiúlóid sin.”
“An gcaithfidh muid imeacht?” a d’fhiafraigh a crann taca, an Babaí agus é thall ar bharr an tseid.
“Caithfidh!” a dúirt mé agus rith mé isteach sa teach arís sula mbeadh deis acu mé a chur ar bhóthar m’aimhleasa.
Nuair a tháinig muid chomh fada leis an bhfarraige bhí dearmad déanta ar an díospóireacht mhór. Síos leo ar an trá agus thosaigh ag cartadh poll sa ngaineamh. Seans nach n-admhódh éinne é, ach sílim gur fearr an spraoi a bhaineann gasúir as poll a chartadh sa ngaineamh ná mórán gach caitheamh aimsire eile.
Bhreathnaigh mé thart ar na daoine a bhí amuigh inár dtimpeall is iad ag baint sásamh as an saol. Chonaic mé fear amháin agus mionchúrsa gailf cruthaithe aige ar an ngaineamh, é réitithe amach sna héadaí gailf agus ag cleachtadh seatanna. Bhí a ghadhairín lena thaobh ag ‘cabhrú’ leis is ag rith i ndiaidh gach liathróid a bhuail sé.
Níos faide uainn bhí fear agus a mhac in éineacht leis agus eitleog mhór á seoladh acu is í ag damhsa sa ngaoth. Chonaic mé máthair ina suí ar an ngaineamh ag cothú linbh agus an chuid eile den chlann ag rith thart is gáire agus gleo acu. Chonaic mé grúpa ban ag tabhairt aghaidh ar an bhfuacht agus iad amuigh ag snámh sa bhfarraige.
Is muide ina lár ag cartadh poll sa ngaineamh. Is fánach an áit a dtiocfá ar shaibhreas an tsaoil.
Niall na Naoi bPiontaí
An-mhaith an rud é dul go dtí áit álainn mar an mbeidh “saibhreas” le fáil cé fánach é! Is amhlaidh don tsár-scríbhneoireacht, dar liom :-) .