Is fada ó bhí aontachtaithe chomh trína chéile ná chomh mór ar easpa físe

Tá aontachtaithe coimeádacha agus liobrálacha ar fad i bhfostú i bhfeachtas in aghaidh an Phrótacail iar-Bhreatimeachta

Is fada ó bhí aontachtaithe chomh trína chéile ná chomh mór ar easpa físe

‘Athrú cúrsa de chineál éigin. Soiléire, ar a laghad, faoi phlean difriúil an té a bheidh ar an stiúir.’

Coimriú is ea iad sin ar na tuairimí a nocht daoine ar an tsráid agus Cois Lagáin leis an gcolún seo faoin méid is lú a bheadh uathu ó cheannaire nua an DUP, Edwin Poots.

Bhí idir an magadh, an tarcaisne agus an díomá le clos uathu sin a bhí toilteanach aon rud a rá ach focal amháin ag gach duine acu – ‘praiseach’. An bhfuil rud ar bith eile sa saol ach an Prótacal? arsa roinnt, mearbhall orthu faoi thost an cheannaire i dtaca le fís nó rud ar bith a dhéanfadh Edwin Poots ar dhóigh dhifriúil ó Arlene Foster.

Ní éileamh as cuimse é ar cheannaire nua ar pháirtí polaitíochta a chuid polasaithe a leagan amach. Nuair a chuirtear san áireamh go raibh ceannairc in aghaidh Arlene Foster á beartú le tamall cheapfá go mbeadh an buaiteoir ar tinneall chun an t-athrú treo, malairt cur chuige a nochtadh don bhallraíocht. Tá an t-eolas sin dlite don bpobal ar fad nuair is páirtí rialtais é agus duine nua le ceapadh mar Chéad-Aire.

Seachtain ó shin bhí an colún seo ag tuar go bhféadfadh saol corrach a bheith i ndán d’Edwin Poots ach ní raibh coinne ag éinne le léiriú poiblí ar an scoilt san DUP. Bhí cogarnaíl agus sioscadh le fada faoin naimhdeas inmheánach sa pháirtí ach bhrúcht sé amach ina shruth nimhe os comhair an phobail Déardaoin seo caite.

Mheabhraigh sé dá lán an t-achrann san UUP i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta nuair a bhí Jeffrey Donaldson agus Arlene Foster chun tosaigh sa bhfeachtas in aghaidh chinneadh an cheannaire David Trimble tacú leis an gcomhaontú. D’fhág an bheirt an UUP ag deireadh 2003 agus d’aistrigh go dtí an DUP.

Chaithfeadh Edwin Poots a bheith imníoch faoi thacaíocht na vótóirí a thug siad leo go dtí an DUP, daoine gur dóigh nach mbeadh luí acu le páirtí atá ag filleadh ar na seascaidí.

Ag an gcruinniú príobháideach chun Edwin Poots a dhearbhú ina cheannaire – faomhadh nach mbíonn ann de ghnáth ach foirmiúlacht – tugadh fogha fíochmhar faoi. Beagán le cois 100 a bhí i láthair agus dhearbhaigh móramh an ceannaire nua ach dúirt roinnt go raibh siad ag smaoineamh ar an DUP a fhágáil. Bhí a fhios le tamall go raibh rún ag Foster an DUP a fhágáil.

Bhí an dá bharúil faoi Donaldson, go bhfágfaidh sé an DUP nó go bhfanfaidh sé má cheapann sé nach fada a mhairfidh ceannaireacht Poots.

Rinneadh líomhaintí gur deineadh bulaíocht le linn fheachtas an toghcháin.

Tá fiosrú ar bun ag an PSNI faoi thuairiscí go ndearna an UDA iarracht imeaglaithe ar champa Jeffrey Donaldson; má tá bonn leis na tuairiscí sin is cor tromchúiseach é, eagraíocht thoirmiscthe ag iarraidh tionchar míchuí a imirt ar phróiseas daonlathach.

Chomh maith leis an nguagacht a bhí follasach nuair a shiúil Arlene, Jeffrey agus pearsana sinsearacha eile amach roimh óráid an cheannaire nua, agus nuair a d’éirigh oifigeach ón bpáirtí i bhFear Manach as an DUP go poiblí, os comhair na gceamaraí threisigh Foster a thuilleadh ar an mbrú ar Poots.

Bhí sé deacair i gcónaí brí a bhaint as réasúnaíocht na n-oifigeach a d’aontaigh go bhfanfadh Arlene Foster ina Céad-Aire go dtí deireadh an Mheithimh; conas a cheapfadh ceannaire nua a fhoireann sa gcás sin?

Ach ba dhúshlán é nuair a d’fhógair sí Dé Máirt go n-éireodh sí as an gCéad-Aireacht nuair a d’fhógródh Edwin Poots a chomharba.

De réir na rialacha, sin deireadh freisin le ré Michelle O’Neill mar Leas-Chéad Aire agus tús le seisiún margántaíochta eile faoi chomhlíonadh na ngealltanas a rinneadh anuraidh sa réiteach Ré Nua, Cur Chuige Nua.

An bhfuil Stormont i mbaol? Ní léir go dteastaíonn toghchán ó pháirtí ar bith go luath. Má cheap éinne i gcampa Poots go mbeadh buntáiste le baint i measc vótóirí as an bpoiblíocht faoi cheannaire nua is cinnte nach gceapann siad a thuilleadh é.

Deir Sinn Féin nach dteastaíonn toghchán uathu ach tá bail mhaith orthu más fíor do na pobalbhreitheanna. Mar sin féin chaithfidís a bheith cáiréiseach – nil an phaindéim glanta agus ní mhaithfeadh vótóirí do dhream a tharraingeodh toghchán gan cúis an-mhaith a bheith leis.

Chuir ceannaire nua an UUP, Doug Beattie fainic ar an DUP agus Sinn Féin a bheith freagrach. Bhí an t-ádh airsean a theacht i gcumhacht san UUP tráth a bhfuil an DUP á alpadh féin.

Tá dóchas le brath sa pháirtí sin den chéad uair le fada, Beattie ag tarraingt airde, daoine ag caint ar vótóirí a mhealladh ar ais ó Alliance, ón DUP agus ón dream a d’éirigh as vótáil scun scan.

Casadh na taoide? B’fhéidir.

Ach bheadh toghchán tobann róluath dó, nó tá iarrthóirí nua de dhíth air agus athchóiriú le déanamh ar an bpáirtí.

Ach, murab ionann agus ceannaire nua an DUP tá Doug Beattie ag caint ar fhís aontachtach agus ní dhéanann sé neamhshuim de náisiúnaithe.

Ní minic a labhraíonn ceannairí aontachtacha faoi fhís ach ba é seo a leanas cur chuige Beattie, “Ní ceannteideal teibí é aontas an phobail. Fís is ea é, fís don aontachtachas agus don todhchaí, aidhm a bhfuilim tiomanta di.”

An mbéarfaidh sé a pháirtí leis?

Chífimid.

Is fada ó bhí aontachtaithe chomh trína chéile. Cé gur cosúil go bhfuil an DUP bogtha níos faide i dtreo an choimeádachais agus an UUP – a gceannaire ar aon nós – níos measartha is níos liobrálaí ar cheisteanna sóisialta, tá siad ar fad i bhfostú i bhfeachtas in aghaidh an Phrótacail iarBhreatimeachta agus is fíorbheagán atá soiléir faoina gcur chuige.

Fág freagra ar 'Is fada ó bhí aontachtaithe chomh trína chéile ná chomh mór ar easpa físe'