Is fada an lá ó tháinig an broc go hÉirinn i dtosach

Déantar tagairt i nDlí na mBreithiúna don bhroc, don fhia agus don mhuc fhiáin mar ainmhithe seilge

Is fada an lá ó tháinig an broc go hÉirinn i dtosach

Ainmhí é an broc a bhfuil an-ghean ag an gcraoltóir cáiliúil Pat Kenny air. Sin é atá le tuiscint as an gcosaint láidir a rinne sé tamall ó shin ar na broic atá i mbrocach in aice lena theach áirgiúil i nDeilginis.

Comhlacht darb ainm Bartra Capital a bhí ag iarraidh cead pleanála le teach altranais a thógáil in aice le Pat. Chuir sin troigh cantail air. Bhí cuid de na comharsana atá aige míshásta freisin.

Bheadh 104 seomra sa teach altranais seo agus airde mhór ann.

Ní shin é féin a chuir Pat ar buile ach go raibh sé lánchinnte go bhféadfaí dochar a dhéanamh le linn na tógála don bhrocach atá in aice a thí.

Chuir Bartra Capital Plean Caomhnaithe an Bhroic i láthair ach níor shásaigh sin Pat.

Pat Kenny. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Bhí caint ann ar bhrocach bhréige a dhéanamh agus na broic a mhealladh isteach inti.

Caoirigh thar abhainn a bhí ansin, a dúirt Pat. Níor mheas sé go n-oibreodh a leithéid de phlean agus bhí eolaithe ar nósanna an bhroic ar an intinn chéanna.

Mhionnaigh Pat go raibh na broic san áit a bhfuil siad i nDeilginis le fiche bliain agus gur thóg siad broic bheaga ann in imeacht na mblianta sin.

Ba mhór an tógáil croí dó féin agus dá theaghlach a bheith ag breathnú ar na coileáin ag aoibheall.

Go deimhin bhí an rud céanna le rá ag a chuid comharsan, go mór mór ag na páistí, a dúirt sé.

Diúltaíodh an t-iarratas pleanála sa deireadh, cé go raibh cúinsí eile seachas scéal na mbroc san áireamh. Rinne an comhlacht achomharc. Beidh a thoradh sin suimiúil.

Is fada an lá ó tháinig an broc go hÉirinn i dtosach. Creideadh tráth gur ó mhuca a thug na Lochlannaigh isteach a shíolraigh sé ach ar ndóigh bhí sé ar oileán na hÉireann i bhfad roimhe sin.

Bhítí ag ithe a chuid feola i bhfad siar sa stair. Déantar tagairt i nDlí na mBreithiúna don bhroc, don fhia agus don mhuc fhiáin mar ainmhithe seilge.

Níos gaire ná sin sa stair bhíodh daoine bochta ag ithe feoil bhroic.

Ceapadh gur feoil a bhí intí a bhí thar cionn ag bean a bheadh tar éis páiste a thabhairt ar an saol. Neartódh sí go breá í a deirtí.

Tá neart scéalta sa mbéaloideas faoi na broic.

Bhí broic go fairsing san áit a raibh Naomh Ciarán lonnaithe. Lá amháin ghoid sionnach ceann dá chuid cuarán. Chuaigh broc de rite reaite i ndiaidh an tsionnaigh, rug sé i ngreim cluaise air agus chuir sé iachall air an cuarán a thabhairt ar ais chuig Ciarán.

Bhíodh Suibhne Geilt ag éisteacht le sianaíl na mbroc agus é ag imeacht roimhe tríd an bhforaois.

Tá trácht i gceann de na scéalta Fiannaíochta ar Chaoilte Mac Rónáin a bheith ag fiach broc.

Sa scéal ‘Oidheadh Chloinne hUisneach’ deir Déirdre go mbíodh sí ag ithe feoil bhroic in Albain, sin agus iasc agus fiafheoil.

Dúradh sa Leabhar Laighneach go raibh feoil bhroic sách maith le cur ar bhord an rí.

Lenár linn féin cuireadh milleán ar an mbroc faoi bheith ag scaipeadh eitinn bhólachta. Maraíodh go leor de na broic ar an gcúis sin.

Tá eolaithe a cheapadh anois gurbh fhearr agus gur dhaonna i bhfad vacsaíniú a dhéanamh ar an mbroc mar a dhéantar ar an sionnach ar Mhór-roinn na hEorpa le confadh a chosc.

Rud eile a d’fhéadfaí a dhéanamh fiach an mhada rua a chur ar an dream a chleachtann brocaireacht. Nós mídhaonna, cruálach atá ann. Tarraingítear an broc as an mbrocach agus cuirtear madraí ina éadan go stiallann siad ó chéile é.

Fág freagra ar 'Is fada an lá ó tháinig an broc go hÉirinn i dtosach'

  • Eoghan Ó Néill

    Dá gcuirfeadh siad bac ar na broic fáil isteach i dtithíocht na mbó sa gheimhridh ní bheadh scaipeadh eitinne uathu ar chor ar bith. Is ins na marts a bhfuil an deis is mó ag an eitinn bhólachta scaipeadh.