Is gá áiseanna atá ar fáil i mBéarla sna bailte móra a fhreastalaíonn ar an nGaeltacht a chur ar fáil sa nGaeltacht i nGaeilge, dar leis an Oifigeach Pleanála Teanga nua i dTuar Mhic Éadaigh, Róisín Seoighe.
Dúirt Seoighe le Tuairisc go gcruthaíonn sé “deacrachtaí” don phleanáil teanga i “go leor Gaeltachtaí” go gcaithfidh muintir na Gaeltachta taisteal go bailte móra Béarla taobh amuigh den Ghaeltacht le teacht ar áiseanna.
“Cruthaíonn sé deacrachtaí thuas i dTuar Mhic Éadaigh go cinnte. Tá bailte móra timpeall air a bhfuil an Béarla in uachtar iontu. Cuirtear na gasúir go scoileanna sna bailte atá níos mó. Is dúshlán mór an easpa daonra freisin.
“Cé go bhfuil sé mór mar Ghaeltacht tá easpa daonra ann. Sílim gur ceist í sin atá deacair a thabhairt fúithi agus go bhfuil sé fíor i gcás go leor Gaeltachtaí ó cheann ceann na tíre. Bíonn níos mó áiseanna ar fáil taobh amuigh den Ghaeltacht agus is gá dúinn na háiseanna sin a chur ar fáil sa nGaeltacht féin, i nGaeilge,” a dúirt sí.
Is í an t-amhránaí Róisín Seoighe, as Ros an Mhíl, atá ceaptha ina hOifigeach Pleanála Teanga i nDúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh. Chuir Seoighe tús lena cuid oibre Dé Luain seo caite agus í lonnaithe san oifig pleanála teanga i gCorr na Móna ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo.
Beidh ceantar fairsing Gaeltachta faoina cúram, ceantar a shíneann ó Chonga i Maigh Eo siar beagnach chomh fada leis an gClochán i nGaillimh agus ó thuaidh chomh fada le Partraí taobh amuigh de Bhaile an Róba i Maigh Eo.
“Tá sé dúshlánach ar bhealach, caithfidh tú díriú ar na háiteacha uilig mar áiteacha difriúla agus is aon limistéar pleanála teanga amháin é. Tá oifig i gCorr na Móna agus oifig eile i dTuar Mhic Éadaigh agus beidh mé idir an dá áit,” a dúirt Seoighe le Tuairisc.
Dúirt sí go bhfuil an Ghaeilge le fáil sa cheantar ach go gcreideann sí go bhfuil “deacrachtaí” ann le meon na ndaoine ina leith. Dúirt sí go mbeidh an deacracht sin ar cheann de na dúshláin a bheidh roimpi mar OPT sa cheantar.
“Tá Gaeilge sa cheantar ach tá deacrachtaí ann leis an meon i dtaobh na teanga. An fhadhb is mó ná an dearcadh atá ag daoine ina leith agus beidh mé ag iarraidh an meon sin a athrú. Tá [an Ghaeilge] ann ach b’fhéidir nach bhfuil an cleachtadh acu í a labhairt i spásanna difriúla.
“Beidh mé ag iarraidh cur leis an méid atá déanta ag Stiofán [Seoighe] romham agus cur leis na spásanna sóisialta atá san LPT ina bhféadfar an Ghaeilge a labhairt,” a dúirt sí.
Is amhránaí, ceoltóir, agus scríbhneoir amhrán í Róisín Seoighe a bhfuil gradaim bainte amach aici dá hobair phearsanta agus don cheol a chruthaíonn sí leis an mbanna ceoil IMLÉ. Dúirt sí le Tuairisc go bhfuil sé i gceist aici tarraingt ar an taithí ealaíne atá aici agus í i mbun na pleanála teanga i nDúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh.
“Is ealaíontóir mé agus is ceoltóir mé. Tá taithí mhaith agam ag eagrú imeachtaí timpeall na tíre, ach ó thaobh cúrsaí pleanála teanga seo an chéad rud mar seo atá déanta agam. Tá mé ag iarraidh an ceol agus na healaíona a tharraingt isteach san obair sin agus iad a úsáid leis an teanga a chur chun cinn anseo.
“Tá mé ag iarraidh cur leis an méid atá déanta ag Stiofán ó thaobh na ranganna Gaeilge agus na spásanna sóisialta taobh amuigh den scoil. Tá a fhios agam go bhfuil na scoltracha an-tábhachtach go deo sa bplean agus ba mhaith liom coinneáil leis sin agus díriú ar an óige sa gceantar,” a dúirt sí.
Tá sé i gceist aici an ceantar Gaeltachta, nach bhfuil leath chomh haitheanta céanna is atá áiteanna eile i nGaeltacht na Gaillimhe, a chur os comhair an tsaoil mhóir ar na meáin shóisialta agus ar na meáin chumarsáide.
“Ba mhaith liom breathnú ar na rudaí nua-aimseartha atá i saol na Gaeilge inniu agus iad sin a chur san áireamh sa bpleanáil teanga. Ba mhaith liom go gcuirfeadh daoine taobh amuigh den cheantar aithne agus eolas ar na daoine agus ar an áit trí na meáin shóisialta,” a dúirt sí.
Rinne a réamhtheachtaí Stiofán Seoighe nasc le heagraíochtaí dála Thuismitheoirí na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta agus tá sé i gceist ag Róisín Seoighe na naisc sin a choinneáil agus a fhorbairt. Dúirt sí gur mhaith léi naisc a chothú le LPTanna eile i gcontae na Gaillimhe agus i gcontae Mhaigh Eo freisin.
“Tá Oifigeach Pleanála Teanga i mBéal an Mhuirthead agus ba mhaith liom a bheith ag obair leo sin le Gaeltacht Mhaigh Eo a neartú agus ar ndóigh beidh mé ag obair le OPTanna eile ó cheann ceann na tíre. Tá [LPT] Cois Fharraige an-mhaith le cúpla bliain anuas agus ba mhaith liom foghlaim óna leithéid agus féachaint ar na rudaí atá ag obair dóibhsean agus do LPTanna eile a bhfuil ag éirí go maith leo,” a dúirt sí.
Is í Róisín an dara Seoigheach atá tar éis a bheith ceaptha ina hOifigeach Pleanála Teanga i ndúiche a sinsear. Ba é Stiofán Seoighe an chéad OPT a ceapadh le plean teanga Dhúiche Sheoigheach agus Thuar Mhic Éadaigh a chur i bhfeidhm. Dúirt sí le Tuairisc nach eol di go bhfuil aon ghaol aici leis an bhfear a chuaigh roimpi ach go bhfuil ceangal “i bhfad siar” aici leis an gceantar a bhfuil sí ag obair anois ann.
“Tá sé ráite gur tháinig na Seoighigh s’againn as Dúiche Sheoigheach na céadta blianta ó shin. Deirtear go ndeachaigh siad siar go Carna ar dtús agus as sin go hInis Bearachain. Is san oileán sin a rugadh m’athair, beannacht Dé leis. Tháinig seisean go Ros an Mhíl ansin. Ach tá muid ag caint ar na céadta bliain anseo, bhí ceangal níos gaire ag Stiofán ná mar atá agam féin,” a dúirt sí.
Michael val
Go néirí go geal leat a Róisín