Is é Stormont an t-aon áit a mbeadh cumhacht ag an DUP

Má tá bunús ar bith leis an gcaint dhearfach beidh ar Jeffrey Donaldson cinneadh mór a dhéanamh

Is é Stormont an t-aon áit a mbeadh cumhacht ag an DUP

Leide go raibh imní ar an DUP faoina bhfuil ar siúl ag rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach i dtaca leis an bprótacal iarBhreatimeachta? Comhartha go bhfuil Jeffrey Donaldson buartha faoin gcinneadh a chaithfidh sé a dhéanamh go luath? Rogha idir Stormont a chaomhnú nó déabhlóid a chaitheamh i dtraipisí ar mhaithe leis an DUP?

Mhúscail an litir ionsaitheach a sheol ceannaire an DUP @J_Donaldson_MP  chuig Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Chris Heaton-Harris go leor ceisteanna. ‘Na bí ag cur do chuid fuinnimh amú ag iarraidh brú a chur orainne, an DUP,’ arsa Donaldson le @chhcalling sa litir a dáileadh ar bhaill an pháirtí freisin. Ní ghéillfeadh an DUP do bhulaíocht ná bladar. Ní bheadh bunús ar bith le Feidhmeannas agus Tionól d’uireasa socruithe riachtanacha in ionad an phrótacail, a dúirt sé sa litir. Ba iad na coinníollacha – lánpháirtíocht Thuaisceart Éireann i margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe agus athnuachan ar an stádas bunreachtúil. Maíonn aontachtaithe go bhfuil creimeadh déanta ag an bprótacal ar stádas bunreachtúil an tuaiscirt sa Ríocht Aontaithe.

Seoladh an litir tráth a raibh an DUP ag cur claonbheart i leith rialtas na Breataine maidir le deontas £600 milliún a gealladh do phobal an Tuaiscirt chun a dhul i ngleic leis an méadú ar an gcostas maireachtála. Cé go bhfuil cúpla gála de dheontais íoctha cheana féin sa Bhreatain ní fios cathain a íocfar aon phingin abhus. Shíl an DUP go raibh geallúint acu go ndáilfí an t-airgead i mí na Samhna agus maíonn siad gur chuir an rialtas moill air chun brú a chur orthusan filleadh ar Stormont.

Dúirt Chris Heaton-Harris in agallamh gurb é an folús in Stormont faoi ndear an mhoill. Is fíor sin, gan dabht, ach bheadh sé soineanta a cheapadh nár bhain rialtas na Breataine leas as an bhfolús chun moill a chur ar an deontas le súil go gcaithfeadh an DUP lúbadh. Tá géarchéim an chostais mhaireachtála an-tromchúiseach ach tá an DUP fós ag cur cos i dtaca. Faoi mar a rinne Jeffrey ina litir chuig an Státrúnaí, bhí urlabhraithe an pháirtí ar an ionsaí an tseachtain seo caite ag cruinniú na dTeachtaí Tionóil in Stormont. Saothar in aisce ab ea é go dtí seo a bheith ag iarraidh brú a chur ar an DUP chun ceann comhairle a thoghadh ionas go bhféadfadh an Tionól feidhmiú, gan trácht ar Fheidhmeannas a bhunú.

Tá an brú ag treisiú i bhfianaise na géarchéime sa tseirbhís sláinte agus líon na ndaoine atá beo bocht ach polaitíocht Stormont fós i sáinn. Ina theannta sin, airíonn an DUP go bhfuil dúil mhór ag rialtas Rishi Sunak i margadh a dhéanamh leis an Aontas Eorpach. Is léir go bhfuil an caidreamh idir an Bhreatain agus Éirinn feabhsaithe agus is é an scéal céanna é sna cainteanna idir lucht na Breataine agus na Bruiséile. Tá ráflaí go leor i Londain go mbeidh toradh ar na cainteanna go luath san athbhliain.

Má tá bunús ar bith leis an gcaint dhearfach beidh ar Jeffrey Donaldson cinneadh mór a dhéanamh. An ndéanfaidh sé a dhícheall chun a dhul i gcion ar a pháirtí glacadh le margadh nach sásódh Jim Allister an TUV ná na daoine a raibh sé ar ardáin leo ag léirsithe in aghaidh an phrótacail? Nuair a ghéaraigh siad ar a neamhghéilliúlacht don bprótacal, ba chuma cén leasú a dhéanfaí air, rinne siad slat chun iad féin a sciúrsáil. Beidh gá le seiftiúlacht agus misneach chun éalú as an ngaiste sin.

Tá sé indéanta, áfach. Bíodh go mbeidís sa dara háit taobh thiar de Shinn Féin, is é Stormont an t-aon áit a mbeadh cumhacht ag an DUP. Cás láidir is ea é sin i bpáirtí a raibh tiomantas don déabhlóid mar mhana aige ariamh. Tá na laethanta a raibh an svae acu in Westminster thart agus ba cheart go mbeadh ceacht foghlamtha acu ó phraiseach na tréimhse sin.

Dá scriosfadh siad Stormont bheadh siad taobh leis na comhairlí áitiúla agus ochtar feisirí parlaiminte – agus prótacal de shaghas éigin i bhfeidhm dá mbuíochas. Ar leor sin mar chúiteamh as stop a chur le roinnt na cumhachta le Sinn Féin? Ní hionann institiúid Stormont a leagan agus deireadh a chur le gach gné eile den chonradh idirnáisiúnta idir Éirinn agus an Bhreatain, Comhaontú Aoine an Chéasta. Cén tairbhe a bhainfeadh siad as droim láimhe a thabhairt leis an áit a mbeadh tionchar acu ar fheidhmiú moltaí a dhéanfadh rialtas na hÉireann?

Dá bhfillfeadh siad ar Stormont in 2023 bheadh ceithre bliana acu roimh thoghchán eile. Bheadh am acu chun a thaispeáint an bhfuil sé ar a gcumas freastal ar riachtanais an phobail seachas leas an pháirtí. Bheadh dóthain ama freisin chun polasaithe agus cur chuige a aimsiú le bheith san iomaíocht chun a bheith sa chéad áit arís.

Ní ribín réidh é agus léireoidh na míonna seo romhainn mianach Jeffrey Donaldson.

 

Fág freagra ar 'Is é Stormont an t-aon áit a mbeadh cumhacht ag an DUP'