Is dúshlán dosheachanta í an ghéarchéim tithíochta don rialtas, don fhreasúra agus dúinn uilig

beidh brú mór ar bheirt chúlbhinseoirí rialtais nuair a vótálfaidh an Dáil tar éis sos sheachtain na féile Pádraig

Is dúshlán dosheachanta í an ghéarchéim tithíochta don rialtas, don fhreasúra agus dúinn uilig

Cuirfidh Sinn Féin brú láidir ar bheirt chúlbhinseoirí rialtais nuair a vótálfaidh an Dáil tar éis sos sheachtain na féile Pádraig ar rún ina gcáinfear an cinneadh gan an cosc ar dhíshealbhú tionóntaí príobháideacha a choinneáil i bhfeidhm.

Ní bheidh móramh an chomhrialtais i mbaol fiú má vótálann na Glasaigh Neasa Hourigan agus Patrick Costello in aghaidh an rialtais – bheadh móramh cúig vóta ag an rialtas dá n-uireasa.

Mar sin féin, léireoidh an díospóireacht agus an vótáil ar rún Shinn Féin arís eile an míshásamh as cuimse le cúrsaí tithíochta atá forleathan i dTeach Laighean agus ar fud na tíre. Tá an ráta tógála ag ardú i gcónaí: mar shampla dúirt an Taoiseach sa Dáil Dé Céadaoin gur tógadh 8,000 teach/árasán sóisialta anuraidh go dtógfaí deich míle ar a laghad i mbliana. Ach is mó an riachtanas ná an soláthar i gcónaí.

Tuigeann Teachtaí Dála an rialtais agus an fhreasúra araon nach féidir a thuar cén uair a bheidh an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach (idir ionaid chónaithe nua-thógtha agus cinn ar cíos) ábalta freastal ar an éileamh iomlán.

Thug an cuntas is deireanaí ar dhaoine gan dídean a d’eisigh an Roinn Tithíochta an mhí seo caite léargas ar an ngné is géire den fhadhb. De réir an chuntais, bhí lóistín éigeandála á chur ar fáil do 11,753 duine agus 3,431 páiste ina measc. Tá méadú thart ar thríocha faoin gcéad tagtha ar an dá fhigiúr le bliain anuas.

Ní ón bhfreasúra ach ó thaobh an rialtais den Dáil a tháinig an cáineadh ba dhéine tar éis don Taoiseach a fhógairt Dé Céadaoin nach mbeadh an cosc ar dhíshealbhú i bhfeidhm ón gcéad lá d’Aibreán.

Dúirt Neasa Hourigan ón gComhaontas Glas go dtiocfadh méadú eile ar líon na ndaoine gan dídean mar gheall ar chinneadh an rialtais. Dar léi nár moladh beartais mar ba chóir chun tionóntaí a chosaint ná chun cabhrú le tiarnaí talún, agus gur deacair cinneadh an rialtais a chosaint mar chur chuige réasúnta.

Ba dhíol suntais é, dála an scéil, gur ar éigean a pléadh bunfhadhb le cúpla lá anuas a bhaineann le gach polasaí a chuirtear i bhfeidhm nó a mholtar maidir le lóistín príobháideach: de réir dlí agus de réir an Bhunreachta, ní féidir buan-iachall a chur ar dhaoine tithe nó árasáin a ligean ar cíos. Seachnaíodh freisin plé ar bhunfhadhb pholaitiúil eile: ní chuireann easpa tithíochta isteach ar an móramh – i dTeach Laighean ná lasmuigh de.

Bhí leasú ar ábhar níos simplí sa Bhunreacht á fhógairt ag an rialtas ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, cé nach bhfuil an fhoclaíocht ná fiú aidhm ghinearálta an leasaithe socraithe fós. Dúirt an Taoiseach go mbainfeadh an leasú amach as an mBunreacht an fhoclaíocht “sheanfhaiseanta” ina dtagraíonn airteagal 41.2 “go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais”.

Gheall Leo Varadkar go mbeadh foclaíocht an leasaithe a mholfaidh an rialtas ar fáil mí an Mheithimh ar a dheireanaí. Thabharfaí aitheantas sa leasú a dúirt sé (a) do chothromaíocht idir fir agus mná agus (b) do theaghlaigh de gach cineál. Ní foláir fanacht féachaint an mbeadh toradh suntasach dáiríre ar an leasú dá vótálfaí ina fhabhar.

Ní léir fós cén uair a fhógrófar an “leasú ar thithíocht” atá geallta i gclár an rialtais. Níl dáta geallta ach oiread, dála an scéil, don reifreann ar leasú a thabharfadh ceart vótála do shaoránaigh atá ina gcónaí taobh amuigh den stát, cé go ndearnadh cinneadh rialtais in 2019 go vótálfaí air.

Sna míonna atá romhainn áfach is cúrsaí tithíochta a bheidh ina bpríomhchnámh spairne idir páirtithe an rialtais agus an freasúra.

Deirtear uaireanta gur contúirt a bhaineann le reifrinn do gach rialtas go dtabharfaí freagra mícheart ar cheist nár cuireadh. Deimhneoidh an ghéarchéim tithíochta nach mbeidh an rialtas slán ó bhuairt dá leithéid go dtí go bhfógrófar toradh an reifrinn.

Fág freagra ar 'Is dúshlán dosheachanta í an ghéarchéim tithíochta don rialtas, don fhreasúra agus dúinn uilig'