Is deas uaidh gáilleog fuisce a dhiúgairt a déarfaí faoi dhuine a mbeadh dúil aige sa bhfuisce.
Uisce beatha a thugtar ar an bhfuisce scaití. Tugtar an braon crua agus sú na heorna air freisin.
Fuisce poitín a thugtar ar an déantús Gaelach. Is éard é poitín a dúirt duine eile fuisce a dhéantar gan fhios don dlí.
Parlaimint a thugtaí ar an uisce beatha ar íocadh mál air.
Bhíodh fuisce eorna ann, fuisce coirce, fuisce cruithneachta agus fuisce fataí.
Fuisce sléibhe – fuisce a rinneadh as uisce srutháin a bhí ag rith trí shliabh; síleadh go mbíodh toradh níos fearr ar an uisce sin.
Is minic gur ar a bhlas nó ar a aghaidh a óltar an t-uisce beatha.
Dá n-ólfá iomarca fuisce bheadh póit ort ar maidin, bheadh cloigeann ramhar ort, bheadh fuíoll an óil ort, bheadh tinneas óil ort.
Fág freagra ar 'Is deas uaidh gáilleog fuisce a dhiúgairt…'