Is deacair guaim a choinneáil ort féin nuair a tharlaíonn tú ar dhuine ar cuma leis faoin athrú aeráide

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Mura bhfuil meas madra ag daoine ar raon rothar féin, cén chaoi faoin spéir ar féidir a bheith ag súil go sábhálfaimid an domhan ón ollchliseadh aeráide atá ag bagairt orainn?

Is deacair guaim a choinneáil ort féin nuair a tharlaíonn tú ar dhuine ar cuma leis faoin athrú aeráide

Rinne an Saoithín Aeráide rud nár cheart dó a dhéanamh an oíche faoi dheireadh. Bhí sé ag dul thar chlub oíche ar a rothar. Bhí cóin tráchta curtha ag lucht slándála an chlub oíche sin ar an raon rothar d’fhonn spás páirceála a choinneáil do na tacsaithe agus na carranna príobháideacha a bheadh ag stopadh ansin ar ball le lucht ragairne a ligean amach. Mhoilligh an Saoithín Aeráide síos, leag ceann de na cóin le cic bhreá agus d’imigh leis ar luas lasrach.

An rud ba cheart don Saoithín Aeráide a dhéanamh, ar ndóigh, ná dul ar cuairt chuig an gclub oíche i rith an lae agus focal múinte a chur i gcluas an bhainisteora. Nó, mura n-oibreodh sé sin, glaoch a chur ar an uimhir speisialta atá ag an gcomhairle chathrach do ghearáin den chineál seo. 

Ní fear trodach é an Saoithín Aeráide, ná baol air. Go hiondúil, téann sé amach as a bhealach chun coimhlint de chineál ar bith a sheachaint. Céard ba chúis leis an iompar ionsaitheach seo a bhí air, mar sin? Sin í an cheist a bhí á cur air féin aige agus é ar a bhealach abhaile i ndiaidh na heachtra.

Tá an Saoithín Aeráide i ndeireadh na feide, sin í freagra na ceiste. Mura bhfuil meas madra ag daoine ar raon rothar féin, cén chaoi faoin spéir ar féidir a bheith ag súil go sábhálfaimid an domhan ón ollchliseadh aeráide atá ag bagairt orainn?

Níorbh é an Saoithín Aeráide amháin a bhí éadóchasach faoi chúrsaí aeráide le deireanas, ar ndóigh. Agus í ag caint lena comrádaithe i gcathair Mhaidrid, mar a bhfuil Comhdháil bhliantúil na Náisiún Aontaithe faoin Athrú Aeráide ar siúl faoi láthair, dúirt an gníomhaí aeráide iomráiteach ón tSualainn, Greta Thunberg, nach raibh ‘tada’ bainte amach ag na stailceanna scoile a spreag sí le bliain anuas. Tá fás i gcónaí ar aschur na ngásanna is cúis le téamh an domhain.

Is maith a thuigeann an Saoithín Aeráide nach iad cóin tráchta is cúis le téamh an domhain; is éard a bhí an Saoithín Aeráide ag iarraidh a dhéanamh ná dúshlán meoin a thabhairt – an meon úd gurb é an carr máistir an spáis uirbigh. Ach d’fhéadfadh sé go ndearna sé a thuilleadh dochair d’íomhá lucht rothaíochta i gcoitinne, a mbreathnaítear orthu cheana féin mar dhream cantalach agus, go deimhin, saoithíneach.

Guaim a choinneáil ort féin, sin é an rud is deacra nuair a tharlaíonn tú ar dhuine nó ar dhream ar cuma leo sa sioc faoin athrú aeráide (nó faoin gcath ina choinne, mar a tharla i gcás seo na gcón tráchta ar an raon rothair). 

An dea-shampla a thabhairt agus dea-thoil a chothú, sin é an réiteach is fearr i gcónaí. 

Ach tá rud níos measa ann ná an bloc a chailleadh: breathnú sa treo eile.

Fág freagra ar 'Is deacair guaim a choinneáil ort féin nuair a tharlaíonn tú ar dhuine ar cuma leis faoin athrú aeráide'