Is cuma más sa CIA, sa KGB nó sna NB (naíonáin bheaga) tú, bíodh d’obair bhaile déanta agat…

Bhí ár gcolúnaí lánchinnte de nach bhfaca sí a leithéid de slingshot riamh agus bhí sí sách cinnte de nár chaith sí amach é

Is cuma más sa CIA, sa KGB nó sna NB (naíonáin bheaga) tú, bíodh d’obair bhaile déanta agat…

‘Ar chaith tú amach mo slingshot, Mamaí?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom an chéad rud ar maidin. Ag iarraidh a theacht aniar aduaidh orm a bhí sí, sílim.

Is cuma más sa CIA, sa KGB nó sna NB (naíonáin bheaga) féin atá tú, tá a fhios ag chuile cheistitheoir gur fiú trácht orthu nár mhór duit staidéar maith a dhéanamh roimh ré ar an té a bheidh faoi ‘agallamh’ agat.

Bhí sé chomh maith agam glacadh leis go raibh a cuid ‘obair bhaile’ déanta aici orm agus go bhfuil a fhios aici anois cá bhfuil mo chuid láidreachtaí agus, níos tábhachtaí fós, mo chuid laigeachtaí.

I mo sheasamh sa gcistineach a bhí mé moch maidine, ag fanacht ar an gcaife fiuchadh is ag déanamh iontais cén sórt faeiléireachta atá ar bun againn uilig sa saol seo ar aon nós, nuair a phreab sí aníos le mo thaobh agus thosaigh do mo bhualadh le maidhm ceisteanna.

Ní fhéadfainn a rá go díreach céard é, ach bhí nod éicint sa gcaoi ar chuir sí an chéad cheist orm a thug le tuiscint dom go raibh a breithiúnas déanta aici orm cheana féin is nach raibh uaithi anois ach admháil uaimse.

Ach ní inniu ná inné a rugadh mise ach an oiread.

‘Cén rud?’ a dúirt mé ar nós cuma liom, cé go raibh mé ar mo mhíle dícheall ag iarraidh cuimhneamh an raibh an slingshot feicthe agam agus an raibh aon bhaol ann go raibh sé caite amach agam.

‘Tá’s agat,’ a dúirt sí. ‘Slingshot. Sórt maide agus píosa de lastic ceangailte dhó.’

Dá mbeadh mo chaife ólta agam, bheadh seans éicint agam. Chas mé suas an teas ar an sorn.

‘Ní hamháin nár chaith mé amach é, ach ní fhaca mé riamh é ach an oiread,’ a dúirt mé go neamhbhalbh.

Is dóigh nach gcreidfidh tú anois mé, ach ar m’anam, ní raibh a fhios agam go raibh slingshot aici, ní chuimhním é a fheiceáil riamh agus, bunaithe ar an bhfianaise sin ar fad, bhí mé siúráilte cinnte de, nó sách cinnte de ar aon chaoi, nár chaith mé amach é.

Chaolaigh sí na súile is bhreathnaigh go géar orm, ach níor dhúirt sí tada. Ceann eile de chleasanna an diancheistitheora, bí cinnte.

Ba mheasa an ciúnas ná an rabharta ceisteanna. Le bheith féaráilte di, dá mba mise ise, ní thrustfainn mé ach an oiread. Caithfidh mé a admháil go bhfuil rud nó dhó fuadaithe agam thar na blianta.

Mar a bheadh ceol na n-aingeal, chuala mé feadaíl an ghaluisce is flubarnach an chaife. Rug mé greim ar mo mhisneach arís.
‘Tá an-bhrón orm go bhfuil do slingshot imithe,’ a dúirt mé, ‘ach ní raibh aon bhaint agam leis agus sin í an fhírinne.’

‘Ní inseofá aon bhréag dom?’ a d’fhiafraigh sí díom ansin i nglóirín beag agus d’airigh mé an gad díreach isteach go lár mo chroí. Bhí mé i ngreim anois aici.

‘Bhuel,’ a dúirt mé go cúramach. ‘Ní inseoinn aon bhréag mhór duit.”’

Fág freagra ar 'Is cuma más sa CIA, sa KGB nó sna NB (naíonáin bheaga) tú, bíodh d’obair bhaile déanta agat…'

  • Carraig

    Chaith tú amach é in ‘ganfhios’ duit féin é, b’fhéidir? Maith dhuit féin an ‘dearmad’ sin agus beidh leat. Ceard sa deabhal ab áil léi den ngoireas sin ar aon chaoi? Ó mhuise is suaithní greannmhar aiteasach an teaghlach sibh bail oraibh.