Is cuma cathain a stopfar an céilí, muide a dhéanfaidh breithiúnas ar na rinceoirí i mbliain bhisigh 2020

Agus olltoghchán ag teannadh linn níl ach rud amháin cinnte – beidh gá le hathmhúscailt nósanna cleamhnais na bliana bisigh

Is cuma cathain a stopfar an céilí, muide a dhéanfaidh breithiúnas ar na rinceoirí i mbliain bhisigh 2020

Bliain bhisigh is ea 2020. Ceann de na nósanna traidisiúnta is mó cáil a bhain riamh le bliain dá leithéid go bhféadfadh bean iarraidh ar fhear ar an 29 Feabhra í a phósadh. Ba mhinic an cleamhnas á dhéanamh i rith an Charghais ainneoin rialacha eaglasta in aghaidh a leithéide.

Chuir na smaointe seo faoi ghnásanna le linn bliain bhisigh ag smaoineamh mé ar an gcleamhnas a bheidh le déanamh idir polaiteoirí sa tír seo roimh an samhradh.

Más luath nó mall é, tá olltoghchán ar an mbealach agus tá cúpla rud soiléir. Is beag atá idir Fine Gael agus Fianna Fáil sna pobalbhreitheanna.

Beidh ceann acu mar phríomhpháirtí rialtais. Ní bheidh fonn ar cheachtar acu filleadh ar shocrú muiníne agus soláthair ach ní bheidh siad sách láidir astu féin. Beidh cleamhnas le déanamh mar sin.

Is iad Sinn Féin an chéad pháirtí eile is mó de réir na n-uimhreacha agus na bpobalbhreitheanna. Tá siad faoi bhrú, tá a dtacaíocht thuaidh agus theas laghdaithe le cúpla toghchán anuas. Níl aon amhras ach go dtaitneodh leo bheith i rialtas i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste ag an am céanna.

Tá sé ráite go mion minic ag Mary Lou McDonald go mbeidís sásta dul chun cainte leis na páirtithe móra. Is beag fonn atá ar Fhianna Fáil ná Fine Gael an cleamhnas sin a dhéanamh. Tá sé ráite go neamhbhalbh ag Micheál Martin nach rachaidh Fianna Fáil i gcomhrialtas le Sinn Féin.

Ní raibh diúltú Leo Varadkar baileach chomh diongbháilte. Tá sé tábhachtach do cheannaireacht Mary Lou McDonald go mbeadh rath ar a páirtí san olltoghchán go háirithe mura ndéanfar aon dul chun cinn in Stormont.

Bhí uair ann agus ba iad Páirtí an Lucht Oibre an chéad dream go rachfaí chucu sa gcás agus go raibh comhpháirtí rialtais ag teastáil. Is ar na Lucht Oibre, mar a tharlaíonn go minic le mionpháirtí rialtais, a d’ídigh an pobal a gcuid feirge as ciorruithe na géarchéime eacnamaíochta in 2016. Chaill an Lucht Oibre deich gcinn fhichead de shuíocháin, an toradh is measa a bhí acu riamh.

Rinne siad beagán téarnaimh sna toghcháin áitiúla sa mBealtaine seo caite ach tá siad fós lagaithe go mór agus is deacair aon bhorradh mór a fheiceáil sna míonna seo romhainn. Deir a gceannaire Brendan Howlin go bhfuil siad sásta labhairt faoi chomhrialtas mar nach mbíonn tionchar dá laghad ag aon dream nach mbíonn páirteach i rialtas.

Tá caint ar chomhghuaillíocht den eite chlé idir iad féin, an Comhaontas Glas agus Daonlathaigh Shóisialta. Braithfidh sé ar fad ar an uimhríocht, ar ndóigh.

Is deacair a shamhlú go mbeadh fonn ar an gComhaontas Glas iad féin a chur i mbealach a mbasctha arís tar éis 2011 nuair a chaill siad na suíocháin ar fad a bhí acu. Arís eile fearg an phobail dírithe ar mhionpháirtí an rialtais.

Tá an saol athraithe go mór ó shin mar a léirigh toghcháin an tsamhraidh seo caite. Tá muid ar fad tosaithe ag breathnú ar an ngéarchéim aeráide agus tosaithe ag tuiscint go gcaithfear beart a dhéanamh. Is iad na Glasaigh a tharraing aird ar an scéal an chéad lá.

Tá daoine ag éisteacht leo agus dá réir ag vótáil dóibh. Ceist eile an bhfuil muid réidh go fóill le tacú le n hathruithe bunúsacha radacacha a theastaíonn a chur i gcrích. Deir Éamon Ryan go dteastaíonn uaidh a bheith páirteach in aon chomhrá a tharlóidh tar éis an olltoghcháin.

An bhfuil an ghéarchéim chomh práinneach anois agus go mbeidh ceann de na páirtithe móra sásta aird a thabhairt dáiríre ar fheidhmiú pholasaithe glasa?

Tá an chomhghuaillíocht neamhspleách ag tacú leis an rialtas seo. Is maith leo an chumhacht atá acu. Is maith leis an bpobal a chaitheann vóta dóibh a cheapadh go ndéantar cúram do na ceisteanna a bhfuil suim acu iontu mar go bhfuil glór acu ag bord an rialtais.

Ní maith le cúntóirí agus comhairleoirí polaitíochta iad. Cothaíonn siad éiginnteacht mar nach bhfuil a fhios ó lá go lá cén t-éileamh a bheidh acu. Is leo is lú a bheidh fonn ar na cumhachtaí móra cleamhnas a dhéanamh.

Caithfear, mar sin féin, an cleamhnas a dhéanamh agus tá an rince tosaithe i gceart ag Micheál Martin agus Leo Varadkar le seachtain anuas. An gcuirfear fad leis an gcéilí nó an dtiocfaidh críoch thobann leis an gceol? Níl an freagra sin againn go fóill. Beidh cruinniú eile ag Martin agus Varadkar an tseachtain seo chugainn. Tá an Dáil in ainm is a bheith ag filleadh Dé Céadaoin.

Is muidne lenár gcuid vótaí a thabharfaidh leide do na polaiteoirí faoin gcleamhnas a thaitneodh linn féin.

Is iad na figiúirí sin a bheidh cinniúnach ar deireadh, beag beann ar a ndeir na polaiteoirí céanna idir an dá linn.

Fág freagra ar 'Is cuma cathain a stopfar an céilí, muide a dhéanfaidh breithiúnas ar na rinceoirí i mbliain bhisigh 2020'