‘Is cuimhin liom oíche amháin taibhreamh an-bheoga gurbh mé Anna Parnell!’

Tá an-mheas ag an bhfile Áine Uí Fhoghlú, a deir sí, ar dhaoine a ghlacann seasamh misniúil ar mhaithe le rudaí a gcreideann siad iontu. Labhair sí le Tuairisc faoina cnuasach nua

‘Is cuimhin liom oíche amháin taibhreamh an-bheoga gurbh mé Anna Parnell!’

Pictiúr: portraidi.ie/

Tá 49 dán i gcnuasach nua filíochta Áine Uí Fhoghlú, Mná dar mhair, agus rianaíonn an 49 dán beatha tuairim is seasca bean ar fad, mná anuas trí na céadta bliain agus ó thíortha éagsúla ar fud an domhain.

Deir Áine Uí Fhoghlú, ón Rinn i nGaeltacht Phort Láirge, go raibh cuid de na dánta seo “ag snámh thimpeall im intinn leis na blianta” agus dréachta de chuid acu “scríofa le fada”.

“Ach nuair a bhronn An Chomhairle Ealaíon Sparánacht Litríocht na Gaeilge orm sa mbliain 2020 thug sé sin an deis dom cur chuige go dáiríre agus m’intinn agus mo chuid fuinnimh a dhíriú air go hiomlán,” ar sí. “Thóg sé dhá bhliain d’obair dhíograiseach, laethúil. D’oibrigh mé ar a laghad cúig lá agus go minic sé lá sa tseachtain, uaireanta óna seacht a chlog ar maidin.”

Nuair a thosnaigh sí ar an gcnuasach áirithe seo in 2020, bhí naoi mbliana ann ó d’fhoilsigh sí a cnuasach deireanach filíochta, Ar an Imeall.

“Cé go raibh dánta scríofa agus foilsithe agam ina dhiaidh san, bhí formhór na mblianta sin caite agam ag luí isteach ar fhoilsiú scéalta ficsin do dhéagóirí agus do dhaoine fásta, mar aon le saothar mór béaloidis ó Ghaeltacht na nDéise a d’fhoilsigh mé in 2019.”

Deir sí gur bhraith sí uaithi go mór próiseas na filíochta agus theastaigh uaithi le fada tosú ag obair ar chnuasach nua.

“Dar ndóigh, bhí ceardlanna filíochta tugtha agam i scoileanna agus eile ach ní mar a chéile a bheith ag plé le léiriú na filíochta do dhaoine eile is a bheith ag cruthú do chuid saothair féin,” ar sí.

Cén fáth ar shocraigh sí dánta a scríobh faoin 60 bean seo?

“Bhuel, deirtear go minic gur as a dtaithí saoil féin a scríobhann mórán scríbhneoirí a saothar agus is dócha go bhfuil gráinne éigin den bhfírinne ansin,” a deir sí. “D’fhéadfainn a rá gur shiúil mé tamall den mbóthar le cuid de na mná atá fé chaibidil agam sa chnuasach seo. Bhí aithne agam ar Nan Joyce agus ar Mháiréad Farrell, mar shampla, agus as an aithne sin a tháinig na dánta ‘Seachbhóthar’ agus ‘Ardtráthnóna’.

“Is as an aithne mhaith a bhí agam ar mhná ar deineadh cuardach lomnocht orthu agus iad i bpríosún a d’eascair an dán ‘Cuardach craicinn’. Chonaic mé an chreach sláinte, idir chorp agus intinn, a dhein an cleachtas sin ar mhná óga a bhí ar comhaois liom féin agus d’fhás an dán sin (agus dánta neamhfhoilsithe eile) as an eispéireas áirithe sin.”

Sna blianta a raibh lucht an cheardchumainn IDATU i siopa Dunne’s ar Shráid Anraí ar stailc (1984-1987) in aghaidh na cinedheighilte san Afraic Theas, bhí Áine ina cónaí i mBaile Átha Cliath. Tá dán faoin scéal sin sa chnuasach leis.

“Chuir mé suim ar leith ina gcás, agus is as sin a tháinig an dá dhán ‘Coiscéimeanna’ agus ‘Míthuiscint’,” ar sí.

“Bean eile a raibh sé d’ádh orm bualadh léi agus mé im dhéagóir ná Máire Comerford. Ghlac Máire páirt in Éirí Amach 1916, i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh na gCarad. D’fhág an aithne bheag a chuir mé uirthi ag an am a rian orm gur chum mé an dán Rothaí i gcuimhne uirthi féin agus ar mhná eile Chumann na mBan, blianta fada tar éis a báis.”

“Ach thairis sin ar fad, tá an-mheas agam riamh ar dhaoine, pé acu fir nó mná iad, a ghlacann seasamh neamhspleách, misniúil ar mhaithe le rudaí a gcreideann siad iontu, cuma an aontaím féin leo nó nach n-aontaím. Is é an rud is fusa d’éinne ná gabháil leis an zeitgeist is déanaí dá bhfuil ann – beidh compord agus tacaíocht acu – ach rud eile ar fad é seasamh sa bhfuacht id chadhan aonair agus labhairt amach nuair nach n-aontaíonn éinne leat.”

Deir sí go raibh sé ina ceann le fada go raibh an t-uafás ban dar mhair a raibh misneach thar an ngnáth léirithe acu san iliomad réimse éagsúil den saol.

“Mar shampla, comhaimsearaigh eile liom ba ea daoine ar nós Eileen Flynn, Joanne Hayes, agus Bríd Nic Dhomhnaill, daoine a léirigh crógacht agus a d’fhulaing dá dheasca,” ar sí.

Ach ní hiad na mná sin amháin atá mar ábhar sa chnuasach seo, a deir Uí Fhoghlú.

“Tá an-éagsúlacht sa leabhar ó thaobh na ndaoine atá faoi chaibidil – mná ón bpobal Inuit a chuireann a mbeatha i mbaol ar mhaithe le bia a bhailiú do phobal a sráidbhailte, mná nár ceadaíodh dóibh an phaitinn a bheith acu ar aireagáin a chumadar féin, file ón seachtú céad déag ar bhean rialta phósta í, bantaoiseach Lochlannach ón deichiú céad, amhránaí ó Chorcaigh, an feachtasóir Ifrah Ahmed, Violet Gibson, na sufraigéidí agus go leor eile,” ar sí.

Is é atá sa chnuasach dáiríre, a deir Uí Fhoghlú, ná a freagairt phearsanta féin mar ealaíontóir ar scéalta scata ban a chuaigh i bhfeidhm uirthi ar chúis amháin nó eile, agus míníonn sí raison d’etre na ndánta sa réamhrá agus sna nótaí comhthéacsa.

Ní i gcónaí a bhíonn ceangal idir dánta i gcnuasach filíochta, ach sa chás seo tá ceangal agus nasc an-láidir eatarthu.

“Bhuel, bhí oiread san ban a raibh suim agam ina gcuid scéalta nárbh fhada gur nocht an téama é féin dom,” a deir Uí Fhoghlú. “Is é an snáithín coitianta a bhí á gceangailt go léir lena chéile ná gur dhaoine iad seo a bhí sásta seasamh neamhspleách a dhéanamh ar mhaithe le rudaí inar chreideadar, agus glacadh leis an imeallú a tharraing sé sin orthu sa tsochaí nó i measc a muintire. Agus is dócha gurb í an chúis gur dhírigh mé ar mhná ná go raibh orthu (go háirithe san am atá thart) bac a n-inscne a shárú chomh maith le bacanna eile na sochaí. Is mó fear i stair an domhain a bhfuil meas agam ar a gcuid éachtaí, dar ndóigh, ach éacht dúbailte é dar liom nuair a sheasann bean amach as an ról a cheap an tsochaí di.”

Conas a dhéanfadh sí féin cur síos ar an gcnuasach filíochta seo?

“Déarfainn gur sraith dánta iad atá bunaithe ar thréimhse taighde móide taithí phearsanta, agus iad cumtha ar mhaithe le scata ban a raibh meas agam orthu a chur in aithne do léitheoirí,” ar sí. “Theastaigh uaim fianaise ealaíne a fhágaint i gcuimhne ar na mná seo, mar léiriú ar an ról caimeo a bhí ag gach duine acu ina slí bheag féin i stair an chine dhaonna. Níl mé ag iarraidh urraim ná ómós ar a son, níl mé ag iarraidh aon rud a chur ina luí ar an léitheoir, is díreach gur mhaith liom go mbeadh a fhios ag daoine gur mhaireadar na mná seo, agus go raibh misneach acu. Sin é an méid.”

Deir Uí Fhoghlú go bhfuil an cnuasach seo dírithe ar an ngnáthléitheoir filíochta Gaeilge.

“Tá súil agam go dtaitneoidh na dánta le daoine a bhfuil súil ghéar agus cluas ghéar chun filíochta acu,” ar sí. “Agus mar a theastódh ó aon fhile, tá mé ag súil go bhfágfaidh cuid acu a rian féin ar lucht a léite.”

Maidir lena próiseas scríbhneoireachta féin, deir Áine go ndéanann sí ‘an t-uafás léitheoireachta’ agus gur ‘cuid lárnach den chruthaitheacht’ é seo di.

“Agus an cnuasach áirithe seo á ullmhú agam, ba ar mhaithe le taighde an-chuid den léitheoireacht a dhein mé,” ar sí. “Léigh mé leabhair a bhí scríte ag na daoine ab ábhar do na dánta, nó a raibh a gcuid scéalta inste iontu.”

D’úsáid sí leabhar nótaí chun an t-eolas a bheadh ag teastáil uaithi a bhreacadh síos.

“Déanaim iarracht mé féin a chur go huile is go hiomlán i mbróga an duine nó an tsuímh faoina bhfuil mé ag scríobh i gcónaí, pé an dán nó scéal ficsin é, bím ag iarraidh a gcuid pianta agus a gcuid sonais a mhothú dom féin. Uaireanta agus mé i mbun taighde bíonn brionglóidí aite agam inar mise an duine a bhfuil mé ag scríobh fúithi. Is cuimhin liom oíche amháin go raibh taibhreamh an-bheoga agam gurbh mé Anna Parnell, agus go raibh mé dom bhá sa bhfarraige mar a bádh ise … báite san obair a bhí mé is dócha!” ar sí.

Ar leibhéal praiticiúil, deir sí gur chaith sí ‘laethanta oibre iomlána’ leis an saothar.

“D’éirigh mé ar a seacht a chlog agus de ghnáth bhínn suite ag an ríomhaire faoina hocht a chlog agus d’oibrínn liom go ham lóin ag dréachtadh agus ag athdhréachtadh. Tar éis lóin chaithinn an tráthnóna ag léamh agus ag glacadh nótaí,” ar sí. “Dar ndóigh, thug mé cead dom féin sosanna a ghlacadh nuair ba ghá. Ach, is geall le handúil dom é nuair a thosnaím ag scríobh na filíochta, d’fhéadfadh cúig uaire an chloig sciorradh tharam agus ba chosúla le cúig nóiméad dom iad!”

“Gheobhadh suas le fiche dréacht de dhánta áirithe a bheith agam sula mbeinn sásta leo ach leanaim orm de bheith ag gearradh, ag athdhréachtadh is ag cur snasa go dtí go bhfuil mé sásta. Is minic a chaith mé tréimhsí fada ag machnamh ar fhocal amháin, ag filleadh air arís is arís go dtí go mbeadh an focal ‘ceart’ don gcomhthéacs aimsithe agam.”

Deir Uí Fhoghlú go bhfuil sí an-sásta go bhfuil an leabhar curtha i gcrích aici.

“Ós rud é gur saothar taighde é ar shlí, chomh maith le bheith ina shaothar cruthaitheach, tá an t-uafás foghlamtha agam as an obair,” ar sí. “Measaim gur mór an mhaise ar an saothar an pictiúr álainn Female wolf and friend, a phéinteáil an t-ealaíontóir Margo Banks go speisialta do chlúdach an leabhair.”

Deir sí go bhfuil ‘sos beag’ ón scríbhneoireacht á ghlacadh aici faoi láthair toisc go bhfuil a céad gharmhac (a bhfuil an cnuasach tiomnaithe dó) sa mbaile ón Astráil.

“Ach tá sraith eile dánta ar an ríomhaire ag fuireach le cruth agus beatha agus tá sé ar intinn agam filleadh orthu sa bhfómhar,” ar sí. “Ní bhím riamh gan togra scríbhneoireachta éigin, is í an fhadhb is mó atá agam ná na mianta go léir a chomhlíonadh!”

Fág freagra ar '‘Is cuimhin liom oíche amháin taibhreamh an-bheoga gurbh mé Anna Parnell!’'