Is cuimhin liom an mhaidin ar thug mé a bhricfeasta do Joe Dolan

An gcailleann daoine riamh an tsuim sin a bhíonn acu sa ‘duine cáiliúil’?

Is cuimhin liom an mhaidin ar thug mé a bhricfeasta do Joe Dolan

Thug mé suntas le gairid do chomhrá ar líne faoi cérbh é nó í an duine ba cáiliúla a casadh ort ariamh.  Mo dheartháir i Meiriceá agus a chairde a bhí ag sárú ar a chéile ar Twitter. Ba í an t-údar Emer McLysaght a chuir tús leis an gcomhrá agus í ag iarraidh a fháil amach cé comh gar is a d’fhéadfadh duine a dhul do dhuine mór le rá.

An gcailleann daoine riamh an tsuim sin a bhíonn acu sa ‘duine cáiliúil’? Seans go raibh dearmad déanta ag an deartháir céanna ar an uair ar thug an craoltóir Pat Kenny cuairt ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, mar a bhí, sna hochtóidí.

Cheap sé féin agus a chairde go mbainfidís cuid den ‘éirí in airde’ de Pat, nuair a chuadar thairis agus é i mbun comhrá le grúpa beag mac léinn.

‘Is é atá ann go cinnte,’ a bhéic duine acu lena chairde. Bhí an chosúlacht ar Pat go raibh sé sásta gur aithin siad é. 

‘Charles Mitchel, is é atá ann, gan aon amhras.’ 

(Léitheoir nuachta ab ea Charles agus bhí sé de cháil air gur léigh sé an chéad fheasachán nuachta ar Theilifís Éireann – i 1961!)

Baineann daoine píosa craic as an gcineál seo sáraíochta ar Twitter anois. Go minic, is í an cheist a chuirtear ná ‘cén duine is mó cáil a casadh ort nár aithin tú?’ Gearrann sé sin amach aon teagmháil phroifisiúnta a bheadh ag duine le ‘réaltaí’ i gcúrsaí teilifíse, nó san amharclann. 

Nuair a bhí mise óg, ba bheag seans a bhí ag duine castáil le haon réalta teilifíse nó scannán. Bhí Paddy Crosbie ón raidió, le teacht go Bealach a’ Doirín leis an gclár School Around the Corner agus níl a fhios go deo cén t-áthas a bhí orainn faoi, ach nuair a tháinig an lá níor tháinig sé.

Tá sé deacair a chreidiúint anois, ach ní raibh ach stáisiún amháin raidió sa tír ag an am agus ba ‘réalta’ gach duine a raibh baint acu leis.

Déanaim amach anois gurb é an seans is fearr atá agat castáil le ‘réalta’ mór ná seal a chaitheamh ag obair in óstán.

Nuair a d’fhéach mé siar ar an gcomhrá Twitter a raibh mo dheartháir páirteach ann, chonaic mé gur casadh Chuck Berry ar ár gcara Patsy McGarry nuair a d’oibrigh sé mar ghiolla (bell boy) in Óstán an Hilton i Londain, samhradh amháin. D’iompair Patsy a chás isteach san óstán.

Thug duine eile sa gcomhrá sin cúnamh don aisteoir Jack Lemmon agus é ag iarraidh úsáid a bhaint as an ardaitheoir in óstán mór le rá i Nua-Eabhrac.

Tá Óstán an Warwick i mBóthar na Trá imithe den saol anois, Gaillimh ach bhain mise sult as a bheith ag obair ann samhradh amháin agus mé fós ar mheánscoil. An cúram a bhí orm ná seomraí a ghlanadh, leapacha a chóiriú agus (beagán) bia a thabhairt do na héisc órga. Thugadh muid bricfeasta sa leaba d’éinne a d’ordaigh a leithéid. Is cuimhin liom an mhaidin ar thug mé féin agus cara liom tráidirí troma bricfeasta isteach i seomra leapa agus cé a bhí ann ach Joe Dolan.

Bhí an seomra ab fhearr san óstán aige – an ceann a raibh na braillíní níolóin buí ‘scuabtha’ (brush nylon) ar an leaba. Sin íomhá nach ndéanfaidh mé dearmad air.

Bliain nó dhó ina dhiaidh sin, bhí post tráthnóna agam i Londain (th’éis lá oibre a chur isteach in oifig dlíodóirí). Sa Grosvenor House Hotel a bhí mé agus bhain mé an-sásamh as leaba Tony Bennett a chóiriú dó – na pluideanna a tharraingt siar agus mar sin de, an fhad is a bhí sé ag stopadh i Londain. Bhíodh sraith coirmeacha ceoil aige gach samhradh ann.

Cé go bhfuilimid báite sa bpopchultúr, ní i gcónaí a aithnímid na réalta móra. Mar a scríobh mé anseo cúpla bliain ó shin, bhí an bhean a sheas as mo bhealach i mbaile Dhún na nGall, chomh béasach sin, gur ar éigean a d’aithin mé Sarah Jessica Parker.

In aerfort Toronto, ceithre nó cúig bliana ó shin, b’éigean do na daoine a bhí tar éis teacht isteach ar eitleán, fanacht taobh amuigh ar an gcosán, go ligfí tacsaithe agus busanna isteach chucu. Bhí droch-chóras amach is amach acu san aerfort agus bhí moill uafásach á cur ar thaistealaithe.

Bhí mé féin tugtha i ndiaidh eitilte ó Calgary, sna sléibhte Rockie. Shuigh mé síos ar an gcosán coincréite agus an chéad rud eile, shuigh fear ard tanaí síos freisin agus é díreach le mo thaobh.

Rinneamar beagán comhrá faoin moill, faoin aimsir b’fhéidir, agus mar sin de. Ansin tháinig teaghlach amháin anonn chuige agus d’iarr ‘féinín’ leis. Thoiligh sé sin a dhéanamh gan aon agó.

Cheap mé gur ‘Soup’ nó a leithéid a thugadar air. An chéad rud eile, tháinig sé ar ais chuig an spota ar an gcosán, phioc suas a mhála beag aerlíne, agus dúirt liom go raibh a mhodh taistil tagtha. Tháinig bus mór millteach isteach ag an gcosán agus léim sé isteach tar éis slán a fhágáil agam.

‘Snoop Dogg’ an t-ainm a bhí greamaithe ar thaobh an bhus, na fuinneoga dorchaithe agus an chuma air go bhféadfá maireachtáil inti agus seomra nó dhó a ligean ar cíos dá mba mhaith leat é. 

Caithfidh mé níos mó staidéir a dhéanamh ar an ‘bpopchultúr’, a mheabhraigh mé dom féin. 

Fág freagra ar 'Is cuimhin liom an mhaidin ar thug mé a bhricfeasta do Joe Dolan'