‘Is breá liom triail a bhaint as rudaí nua’ – súil ar 2019 le Muireann Nic Amhlaoibh

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2019 le Muireann Nic Amhlaoibh

‘Is breá liom triail a bhaint as rudaí nua’ – súil ar 2019 le Muireann Nic Amhlaoibh

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2019?

Clann, ceol is cairdeas. Agus spás a dhéanamh le bheith díomhaoin ó am go ham!

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2019?

Laethanta saoire clainne a don gcéad uair le stáir.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2019?

Brexit.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2019?

Pósadh mo chairde, Síle Denvir agus Barry Kerr!

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2019?

Fás is forbairt mo leanaí, spreagann siad mé gach lá leis an dul chun cinn a dhéanann siad.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2019?

Táim tosnaithe ag cuimhneamh fé albam nua aonair agus tá cúpla rud suimiúil ag teacht aníos chomh maith maidir le bheith ag comhoibriú le ceoltóirí eile. Is breá liom triail a bhaint as rudaí nua.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2019, céard a d’athrófá?

D’athróinn an drochmheas atá thaispeáint dár dtimpeallacht is dár n-oidhreacht.

Fág freagra ar '‘Is breá liom triail a bhaint as rudaí nua’ – súil ar 2019 le Muireann Nic Amhlaoibh'