Is breá iad na foghlaimeoirí Gaeilge gur mór acu an teanga atá againne ón gcliabhán

Údar mór misnigh na ‘Laethanta Breátha’ a thagann ag foghlaim na Gaoluinne i gCorca Dhuibhne, murab ionann agus cuairteoirí eile a bhíonn ag brú Béarla gan scáth gan náire ar dhaoine uaisle

Is breá iad na foghlaimeoirí Gaeilge gur mór acu an teanga atá againne ón gcliabhán

Bheadh Corca Dhuibhne molta agus mise im’ tost, mar a deireann an cliché.

Áilleacht mhínádúrtha, cnoic, aibhnte, sléibhte, goirt, páirceanna, portaigh is móinéir. Láithreacha seandálaíochta agus staire le hanama na marbh. Gan trácht ar chuanta, tránna, cuasa, góilíní agus farraigí. Fáil ar bhia breá folláin gan trácht ar thaoscáin phórtair is Pinot Grigio.

Níl cur síos ná insint scéil ar an samhradh agus an spalpadh gréine a fuaireamar i mbliana. Bheadh mórtas ar dhuine a rá gur leo féin mar dhúthaigh í. Ní minic go deimhin a bhraitheadh duine mar sin sa phaiste seo agus an aimsir á tarrac anuas chucu.

Bhí an dúthaigh báite ag an mbraon anuas le leathbhliain mhaith roimhe sin agus ní gá domsa é sin a chur i gcuimhne d’éinne. Cheapamar ná cífimis triomach ná sámhnas go deo arís.

I ndúluachair na bliana is ea a bhíonn triail ar an misneach agus an meanma anseo. An ní a choimeádann cuid againn beo agus an ceo go bun na gcluas orainn ná cuimhneamh siar ar na daoine breátha a chas orainn ar chúrsaí teanga agus oidhreachta ar an mBuailtín i rith an tsamhraidh.

Is mór an seó iad na Laethanta Breátha a thagann inár measc. Sin é an t-ainm a bhí ag na seandaoine go léir ar chuairteoirí a thagadh anseo fadó a’ foghlaim mar ná raibh acu ach an ‘Lá breá!’ nuair a chasaidís ort. Bail orthu.

An t-ardú croí a chuireann siad ar mhuintir na háite gurbh fhiú leo teacht an  dúthaigh chun ár dteanga  a fhoghlaim, a chleachtadh agus a labhairt. Gur mór acu a bhfuil againne ón gcliabhán a bheith acu féin. Go dtagann siad thar n-ais cuid acu, bliain i ndiaidh bliana. Oilithreacht chultúrtha á déanamh acu.

Is mó duine eile a thagann an dúthaigh

ar saoire agus níos measa fós, a chuireann fúthu ann, ná léiríonn meas madra ar chultúr ná teanga na daoine. A chuireann rompu ba dhóigh leat, aon teanga ach teanga na muintire a labhairt. Ag brú Béarla gan scáth gan náire ar dhaoine uaisle.

Cloisimid fés na Sasanaigh a théann chun cónaithe sa Spáinn, ná foghlaimíonn focal Spáinnise, a mhaireann i ngeiteonna lán Sasanach agus gur cuma leo sa tsioc fé chultúr na tíre faid is féidir leo an pinsean a tharrac agus an Cervezas saor a chaitheamh siar. Tá siad ag baile againn.

Agus mé amuigh ar mo vicycle ar bhóithre an cheantair deinim taighde beag dom fhéin. Beannaím i nGaolainn d’éinne des na sluaite a bhíonn a’ rothaíocht is a’ coisíocht a chaitheann sracfhéachaint im’ threo. Má dheinim, freagra sa teanga san ní fhaighim.

‘Nár fhaighead-sa aon tor’ (toradh),’ a deireadh mo mháthair fadó agus í ag fógairt ar dhuine éigin dá clann mhac is iníne ná raibh á freagairt. Cuireann sé lagmhisneach orm. Is minic anois ná bacaim beannú dóibh, béas a théann go hiomlán i gcoinne nádúr is muintearas traidisiúnta an Éireannaigh.

Ach maireann cuimhne na Laethanta Breátha léannta cultúrtha a tháinig inár measc le linn bhiaiste léinn an tsamhraidh beo.

Agus tugann slán sinn tamaillín eile.

Fág freagra ar 'Is breá iad na foghlaimeoirí Gaeilge gur mór acu an teanga atá againne ón gcliabhán'

  • Carraig

    Ní chloisfidís thú i dteanga ar bith eile ach oiread. Adhróirí Starways, is dócha, agus iad siar ó thuaidh ar na tonnta aeir. Gach gligín ina dhúnáras leictreonach féin agus iad dall, bodhar agus balbh ag an gclisiam síoraí. Ní cloigín a theastaíonn ar do rothar ach klaxon, ceann a fhógródh ‘Fág an bealach’ as Gaoluinn orthu agus a thógfadh ó thalamh iad.