I mbaile beag a raibh flúirse Breatnaise le cloisteáil ar an tsráid ann a bhí mé ag fanacht Oíche Chinn Bliana seo caite nuair a léigh mé an leabhar Drámaíocht na Gaeilge ón Dara Cogadh Domhanda Ar Aghaidh (eag. Philip O’Leary agus Brian Ó Conchubhair, Cló Iar-Chonnacht).
Oscailt súl a bhí sa leabhar faoi stair cheilte na drámaíochta Gaeilge – ceilte sa gcaoi is gur deacair rian dráma a fheiceáil nuair a imíonn sé den stáitse. I gcás na leabhar, agus fiú na scannán, is féidir leagan fisiciúil den saothar ealaíne a fháil blianta i ndiaidh a dhéanta. Cé is moite den script, nach bhfoilsítear, nó póstaeir agus cláracha, nach gcaomhnaítear, ní mhaireann an dráma ach i gcuimhne lucht a léirithe agus an líon beag daoine a chonaic é.
Rith sé liom go raibh faillí á déanamh agam i ndrámaíocht na Gaeilge le fada an lá. Théadh mé go corrdhráma Gaeilge, nuair a d’fheilfeadh am agus láthair a léirithe dom, ach d’fhéadfainn líon na ndrámaí a chonaic mé le deich mbliana anuas a áireamh ar mo mhéaracha.
Rinne mé ‘dea-rún’ an mhaidin dár gcionn go ndéanfainn iarracht níos mó freastal ar dhrámaí Gaeilge in 2024. Cheana féin tá ceithre cinn feicthe agam agus gan an bhliain ach leathchaite. Ba é Ar An Dé Deiridh an ceann is deireanaí acu sin a chonaic mé, léiriú de chuid an chomharghrúpa nua Gliogar atá lonnaithe i gConamara.
Is é Harry Hennessy a scríobh agus a stiúir an dráma aonfhir agus ba é Caoimhghín Ó hEoghusa an t-aonfhear sin. Leagan Gaelaithe de scéal Chath Mharatóin atá in Ar An Dé Deiridh agus imeachtaí na traigéide aistrithe 1,746 bliain chun cinn agus 3,000km siar ó thuaidh ó Mharatón 490BC go Maigh Cuilinn 1256AD.
Agus Clann Uí Fhlaithbheartaigh cloíte ag na Normannaigh ar bhruacha Loch Coirib (nó Loch nOirbsean), imíonn Éamon Choséadrom cosa in airde go Inis Mhic Ádhaimh (nó an Cheathrú Rua) le scéala an bhriste a thabhairt dá mhuintir.
Níl aon amhras ann ach gur aisteoir den scoth é Ó hEoghusa, aisteoir nach bhfaca mé ar an ardán riamh cheana ach ar mhaith liom é a fheiceáil arís amach anseo. Ba í aisteoireacht cholainne Uí Eoghusa is mó a dtug mé suntas dó, an chaoi ar lúb, shín, chrom, agus leath sé a ghéaga agus a straois le cliar leathan carachtar a chur in iúl dá lucht féachana – é ina fhear anseo agus ina iasc ansiúd.
Níl a fhios agam ar ghlac Ó hEoghusa seilbh ar na carachtair éagsúla a bhí a léiriú aige nó ar ghlac na carachtair seilbh air féin, ach chreid an t-aisteoir go láidir sa ról a bhí idir lámha aige chuile nóiméad den dráma, rud a chuir go mór leis.
Chum Risteárd Ó hAodha, ball eile den chomharghrúpa, ceol an dráma as an nua agus ba í Méabh McKenna a chas ar an gcláirseach é. Seit an-simplí a bhí taobh thiar de Ó hEoghusa ach d’airigh mé gurb é an ceol an t-aisteoir tacaíochta sa dráma aonfhir seo, agus aisteoir cumasach a bhí ann.
Má bhí locht ar bith ar an léiriú ba é a dheacra is a bhí sé cuid den chaint a thuiscint. Níl a fhios arb é castacht na scripte, urlabhra an aisteora, nó easpa Gaeilge an léirmheastóra, ach bhí orm dul i muinín na bhfortheideal Béarla anois is arís le brí na bhfocal a thabhairt liom. Nuair a bhí Ó hEoghusa ag cur canúna air féin ba mhó a tharla sé sin.
Ní raibh ach trí oíche i gceist leis an gcamchuairt a thug Gliogar an mhí seo – Inis Oírr, Cois Fharraige, agus Corr na Móna. Ta gealladh faoin gcompántas nua seo agus is breá an rud é idir aisteoirí, scríbhneoirí, léiritheoirí, agus stiúrthóirí óga a fheiceáil i mbun na drámaíochta arís in Iar-Chonnachta.
Fág freagra ar 'Is breá an rud é daoine óga a fheiceáil i mbun na drámaíochta arís in Iar-Chonnachta'