Is beag údar dóchais atá ar fáil sa stair d’fhoireann Joe Schmidt

Mar atá a fhios ag an saol níor bhuaigh Éire cluiche ceathrú ceannais ag Corn Rugbaí an Domhain riamh agus is minic a theip glan ar a gcuid iarrachtaí

Is beag údar dóchais atá ar fáil sa stair d’fhoireann Joe Schmidt

Ócáid stairiúil a bheadh ann dá n-éireodh le foireann rugbaí na hÉireann an ceann is fearr a fháil ar an Nua-Shéalainn ag Corn Rugbaí an Domhain inniu.

Ní hamháin go mbeadh an ceann is fearr faighte acu ar an bhfoireann is fearr ar domhan, foireann a bhuaigh an dá Chorn an Domhain is deireanaí, ach dá n-éireodh le foireann Joe Schmidt i dTóiceo ar maidin, bheadh deireadh curtha acu le  teip na hÉireann sa chuid seo den chomórtas.

Faoin tráth seo tá foireann rugbaí na hÉireann gafa ar fad le cluiche ceathrú ceannais a bhuachan ag Corn an Domhain agus thuigfeá dóibh. Níor éirigh le hÉirinn riamh cluiche a bhuachan sa bhabhta ceathrú ceannais agus díbríodh iad sa bhabhta sin i sé cinn den ocht gCorn an Domhain a imríodh go dtí seo. Teip ghlan a bhí i gceist go minic.

1987 – An Astráil 33-15 Éire

Brett Papworth (An Astráil), Derek McGrath agus Hugo McNeill. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Imríodh Corn Rugbaí an Domhain den chéad uair in 1987 agus thug Éire aghaidh ar an bhfoireann bhaile sa chluiche ceathrú ceannais.

Rinne foirne na hÉireann réasúnta maith i gcoinne na nAstrálach roimhe sin ach níor chuir siad tús maith leis an gcluiche seo i Sydney. Thóg an Astráil ceannas ar an imirt agus bhí siad 24-0 chun tosaigh sular éirigh leis na hÉireannaigh scór ar bith a fháil. D’aimsigh foireann na hÉireann cúpla úd i dtreo dheireadh na himeartha ach níor éirigh leo breith ar an bhfoireann bhaile.

1991 – An Astráil 19-18 Éire

Philip Matthews agus é ag iarraidh Michael Lynagh a stopadh. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Ceithre bliana ina dhiaidh, tháinig na hAstrálaigh go Bóthar Lansdún sna babhtaí ceathrú ceannais. Briseadh croí a bhí ann d’Éirinn an uair seo.

Is iad na hAstrálaigh a bhí mar rogha na n-údar ach nuair nach raibh fágtha ach cúig nóiméad d’aimsigh Gordon Hamilton úd iontach d’Éirinn a d’fhág trí phointe chun tosaigh iad. Faraor, tháinig na hAstrálaigh ar ais agus d’aimsigh Michael Lynagh an úd na cinniúna chun Éire a chloí.

1995 – An Fhrainc 36-12 Éire

Brendan Mullin agus Gary Halpin ag fágáil na páirce i ndiaidh an chluiche i gcoinne na Fraince. Pictiúr: NPHO/Billy Stickland

Bhí na Francaigh i bhfad rómhaith d’Éirinn sa chluiche seo san Afraic Theas. D’aimsigh Philippe Saint-Andre agus Émile Ntamack úid agus scóráil Thierry Lacroix 26 pointe lena bhróg chun an lámh in uachtar a thabhairt don bhFrainc. Níor scóráil Éire aon úd sa chluiche. Ó chiceanna éirice a shlánaigh Eric Elwood a tháinig a 12 pointe.

2003 – An Fhrainc 43-21 Éire

Keith Wood in ísle brí agus a chluiche deireanach imeartha aige d’Éirinn. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Na Francaigh a bhí rompu arís nuair a d’éirigh leis na hÉireannaigh an babhta ceathrú ceannais a bhaint amach ag Corn an Domhain 2003. Faraor, bhí na Francaigh chomh maith is a bhí i 1995. Bhí siad 27-0 chun tosaigh ag leath ama agus cé gur tháinig foireann na hÉireann ar ais de bheagán sa dara leath, bhí na Francaigh róláidir.

2011 – An Bhreatain Bheag 22-10 Éire

Mike Phillips ag ceiliúradh bua na Breataine Bige. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Theip ar Éirinn dul níos faide ná babhta na ngrúpaí ag Corn an Domhain 2007 ach bhí súil acu go n-éireodh i bhfad níos fearr leo ceithre bliana ina dhiaidh sin sa Nua-Shéalainn. D’éirigh thar barr leo sa ghrúpa agus bhuaigh siad gach cluiche a bhí acu, ceann i gcoinne na hAstráile san áireamh. Ach thit an tóin astu arís sa bhabhta ceathrú ceannais.

Ní raibh ach dhá nóiméad imeartha nuair a d’aimsigh Shane Williams úd don Bhreatain Bheag agus bhí siad chun tosaigh as sin go ceann scríbe. Bhí cosaint na Breataine Bige rómhaith d’Éirinn agus d’aimsigh Jonathan Davies an t-úd cinniúnach agus beagán os cionn ceathrú uaire fágtha.

2015 – An Airgintín 43-20 Éire

Imreoirí na hAirgintíne ag ceiliúradh tar éis dóibh úd a scóráil. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Cliseadh eile d’fhoireann na hÉireann. Bhí mí-ádh ceart ar an bhfoireann an uair seo agus cuid de na himreoirí is fearr acu –  Paul O’Connell, Johnny Sexton, Peter O’Mahony agus Sean O’Brien – ar iarraidh. Mar sin údar díomá a bhí i dtaispeántas na foirne.

Scóráil na hAirgintínigh dhá úd sa chéad deich nóiméad den chluiche agus cé gur laghdaigh Éire an bhearna go dtí trí phointe, níor éirigh leo dul chun cinn. D’aimsigh an Airgintín dhá úd eile i dtreo dheireadh na himeartha chun cuma na maitheasa a chur ar chlár na scór. Díbríodh na hÉireannaigh arís sa bhabhta ceathrú ceannais.

Fág freagra ar 'Is beag údar dóchais atá ar fáil sa stair d’fhoireann Joe Schmidt'