Beidh sé ceithre mhí an tseachtain seo chugainn ó reáchtáladh an t-olltoghchán agus cé go raibh saoire na Nollag agus imeachtaí na Féile Pádraig gan trácht ar shaoire nua na Féile Bríde againn ó shin is díol suntais i gcónaí a laghad dul chun cinn agus atá déanta ó thaobh feidhmiú na Dála nua agus an chláir rialtais a aontaíodh sciobtha go maith tar éis an toghcháin.
Cantalach agus coilgneach go maith a bhí an Taoiseach agus ceannaire an fhreasúra ag iad ag caint le chéile sa Dáil an tseachtain seo. Tá an mhoill ar chur i gcrích aon phróiseas reachtúil ná aon obair coistí ag cur fearg ar an bhfreasúra. Ar ndóigh, baineann cuid mhaith den mhoilleadóireacht sin leis an gconspóid leanúnach faoi chearta cainte sa Dáil do theachtaí neamhspleácha atá ag tacú leis an rialtas ach gur mhaith leo cead a bheith acu an Taoiseach a cheistiú le linn thráth ceisteanna na gceannairí. Dhiúltaigh an Ceann Comhairle dá n-iarratas go mbeidís aitheanta mar Ghrúpa Teicniúil agus is cuimhin linn ar fad an t-achrann a tarraingíodh nuair a d’fhill an Dáil i mí Eanáir nuair nach raibh socrú críochnúil ar an gceist.
Tá réiteach molta anois ag Príomh-Aoire an Rialtais Mary Butler nach bhfuil aon ghlacadh ag an bhfreasúra leis ach a deir an rialtas go mbeidh vóta faoi an tseachtain seo chugainn. Tá coiste gnó na Dála ag cur in aghaidh mholadh an rialtais an vóta a reáchtáil, ach tá an móramh acu agus beag beann ar fhearg pháirtithe an fhreasúra glacfar leis an athrú ar na rialacha seasta.
An cheist ansin ná céard a dhéanfaidh an freasúra le cur as d’obair na Dála, mar atá geallta acu a dhéanfaidh siad. Clamhsánach go maith atá siad le cúpla lá nach mbeidh an Dáil ag suí ach ar feadh aon lá dhéag idir seo agus an Cháisc. Ní féidir tabhairt faoin obair nuair nach bhfuil an Pharlaimint náisiúnta ag suí, a deir Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre agus Aontú. Ar ndóigh, ní féidir tabhairt faoin obair ach an oiread mura mbíonn coistí ceaptha le hiniúchadh a dhéanamh ar reachtaíocht agus má chuirtear bac ar an obair chomh minic agus is féidir mar gheall ar chás na neamhspleách atá ag tacú leis an rialtas.
Idir an dá linn tá an ghéarchéim tithíochta fós ina neart agus caint ann go bhfuil an rialtas ag brath ar tháillí uisce a chur ar ais ar an gclár oibre. Tá na mílte post i mbaol ag taraifí agus cogadh trádála Donald Trump ar an Aontas Eorpach agus é ag bagairt freisin comhlachtaí Meiriceánacha a mhealladh ar ais trasna an Atlantaigh.
Sin iad na hábhair a bhíonn ar intinn an phobail gach lá anois, go háirithe an baol go mbeidh praghsanna ag ardú go leanúnach mar thoradh ar chogadh trádála leis na Stáit Aontaithe. Is beag imní atá orthu faoi cé aige a bhfuil cead cainte os comhair na Dála. Nuair a fhillfear ar an gconspóid sin sa Dáil an tseachtain seo chugainn, tá gach uile sheans nach mbunófar aon choiste roimh mhí na Bealtaine agus is gearr uainn ansin briseadh an tsamhraidh. An éireoidh leis an Dáil seo aon obair a chur gcrích roimh an bhfómhar seo chugainn?
Seán Mag Leannáin
‘Is beag imní atá orthu faoi cé aige a bhfuil cead cainte os comhair na Dála’ – ní dóigh liom gur fíor é sin. Níor chóir go ligfí do Lowry agus a leathbhádóirí an craiceann agus a luach a bheith acu. Níor chóir go ligfí dóibh dalamullóg a chur ar an bpobal. Níor chóir gur ligfí i ndearmad Binse Fiosrúcháin Moriarty a chosain an cáiníocóir lear mór airgid agus a chruthaigh go raibh Lowry sáite sa scannal airgeadais is mó i stair an stáit. Tá an ceart ar fad ag an bhfreasúra gan ligean don rialtas beag is fiú a dhéanamh de na cúrsaí seo ar fad.
JP
Dochreidte agus domhaite go bhfuil agus go mbeidh an briatharchath bréige seafóideach seo ag leanúint ar aghaidh mar atá i nDáil na hÉireann.
Polaiteoirí a bhfuil tuarastal, costaisí agus coinníollacha oibre iontach maith ar fad acu suite ar phlaic a dtóna ag caitheamh tharstu agus ag diomailt ama ar an gcuma sin.
Is iontu atá an dánaíocht, an buaileam sciath agus an chuing mhuiníl go paiteanta agus go deimhin ach ceard faoi ‘coinsias’ , ‘dualgas’, ‘comhar’ agus ‘ceart’ ??