Is beag athrú atá á thuar i dtoghlaigh Ghaeltachta Mhaigh Eo

Sa tsraith seo caitear súil chun cinn ar thoghcháin áitiúla na seachtaine seo sna ceantair Ghaeltachta. Toghlaigh Ghaeltacht Mhaigh Eo atá á scagadh againn an geábh seo…

Is beag athrú atá á thuar i dtoghlaigh Ghaeltachta Mhaigh Eo

Tóin na Sáile. Pictiúr: Micheál Ó Fhlainn

Tá 63 iarrthóir san iomaíocht do 30 suíochán ar Chomhairle Chontae Mhaigh Eo.  Tá ceantracha Gaeltachta in dhá cheann de na toghlaigh, Toghlach Bhéal an Mhuirthead ina bhfuil Iorras agus Acaill agus Caisleán an Bharraigh ina bhfuil Tuar Mhic Éadaigh. 

Is toghlach an-fhairsing é Béal an Mhuirthead a bhfuil trí  shuíochán ann agus seisear iarrthóirí sa tóir orthu. Tá triúr comhairleoirí san iomaíocht, Gerry Coyle, Fine Gael, Paul McNamara, Fianna Fáil, agus Teresa Whelan, Sinn Féin,  a comhthoghadh in áit Rose Conway Walsh in 2016. Triúr eile atá san iomaíocht, Seán Carey, Fianna Fáil, atá lonnaithe i dtuaisceart an toghlaigh ar leithinis an Mhuirthead, agus Bríd Grealis, Fine Gael, sa Mhala Raithní. Sheas an bheirt sin san toghchán deiridh. Neamhspleách amháin, Jay Heneghan, atá san iomaíocht agus é lonnaithe ar an gcósta thuaidh, lámh leis an Inbhear.

Bíonn buntáiste acu siúd ar comhairleoirí cheana iad agus dá bharr sin sílim gur mar a chéile a bheidh cúrsaí i dtoghlach Bhéal an Mhuirthead. Tá caolseans ann go mbéarfaidh Seán Carey Fhianna Fáil ar Teresa Whelan, Sinn Féin. Bhí neamhspleách seanbhunaithe Michael Holmes sa Mhala Raithní ach is beag seans go mbaileoidh Jay Heneghan an cineál céanna  tacaíochta. Beidh súil ghéar á coinneáil ar cá ngabhfaidh vótaí Holmes an iarraidh seo.

Tá Tuar Mhic Éadaigh i dtoghlach Chaisleán an Bharraigh. Tá seacht suíochán anseo agus 17 duine

san iomaíocht. Is as Caisleán an Bharraigh do 11 acusan. Níl aon duine ó cheantar Thuar Mhic Éadaigh sa rás. Is Comhairleoirí Contae cheana féin seisear de na hiarrthóirí Michael Kilcoyne, gan pháirtí, Al McDonnell, Martin McLoughlin agus Blackie Gavin ó Fhianna Fáil, Cyril Burke ó

Fhine Gael agus Joe Mc Hale a comhthoghadh do Shinn Féin nuair a d’fhág Therese Ruane. Is iad Burke agus McHale  is gaire do Thuar Mhic Éadaigh ó thaobh na tíreolaíochta de. Tá  triúr eile ag Fine Gael, cúigear gan pháirtí agus duine an ceann ag Páirtí an Lucht Oibre, Renua agus Pobal Seachas Brabús.

Gach seans go n-atoghfar an seisear comhairleoirí reatha atá ag seasamh arís. An cheist ná an féidir le Fine Gael suíochán Henry Kenny a choinneáil. Chaill said seacht suíochán sa chontae seo in 2014 agus tá tréaniarracht téarnaimh ar siúl acu.

Fág freagra ar 'Is beag athrú atá á thuar i dtoghlaigh Ghaeltachta Mhaigh Eo'