Is beag an mhaith Plean Teanga má tá polasaithe pleanála tithíochta ag teacht salach air

Is faoi na comhairleoirí contae anois é a chinntiú go dtabharfar cosaint láidir don Ghaeilge feasta sa chóras pleanála tithíochta i nGaeltacht Chonamara

Is beag an mhaith Plean Teanga má tá polasaithe pleanála tithíochta ag teacht salach air

Is cosúil go mbeidh deis ag na comhairleoirí contae ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe a gcuid a rá faoin Athrú 2(b) atá beartaithe a chur ar Phlean Forbartha an Chontae 2015-2021 i gceann coicíse, nuair a chuirfear Tuairisc an Phríomhfheidhmeannaigh os a gcomhair ar an Luan an 26 Feabhra.   Má ghlactar le hAthrú 2(b) tiocfaidh sé in áit Plean na Gaeltachta 2008 – 2018, plean a thug cosaint áirithe don Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht trí coinníollacha teanga a cheangal le 80% de na tithe in aon fhorbairt tithíochta ina mbeadh dhá aonad cónaithe nó níos mó i gCois Fharraige.

Mar a léiríodh sna haighneachtaí, tá imní ann go mbeadh lagú suntasach ar an gcosaint a bheas ag an nGaeilge as seo amach, mar nach mbainfeadh an 80% ach amháin le forbairtí tithíochta sa Spidéal agus sa gCeathrú Rua agus gan aon choinníollacha taobh amuigh den dá shráidbhaile thuasluaite, ’sé sin dá nglacfaí leis an doiciméad Athrú 2(b) a bhí réitithe ag lucht pleanála sa gComhairle Chontae, agus a foilsíodh mí na Nollag seo caite.  B’in an chúis ar iarr an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, Cumann Forbartha Chois Fharraige, Comharchumann Sailearna, Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga agus Aodhán Mac Donnacha (Comhlacht Forbartha an Spidéil) ina gcuid aighneachtaí go dtarraingeofaí siar an tAthrú 2(b) agus go ndéanfaí síneadh ama a thabhairt do Phlean Áitiúil na Gaeltachta 2008 – 2018.  Tar éis dom an scéal  a phlé le roinnt de na comhairleoirí tuigtear dom anois gur beag seans go dtarraingeofar siar Athrú 2(b) agus gurbh fhearr díriú ar leasuithe chun feabhais a chur ar an doiciméad pleanála agus tá roinnt leasuithe maithe molta.

An Coinníoll Teanga 80%

Mar a tuairiscíodh i Tuairisc.ie le deireanas tá géillte ag Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae gur cheart coinníoll Gaeilge a chur ar 80% de na tithe i bhforbairtí i gCois Fharraige, an ceantar cois cósta ó Na Forbacha siar go Ros a’ Mhíl. Má ghlacann  na comhairleoirí leis sin, agus níl aon chúis agam a cheapadh nach nglacfaidh, ar a laghad beidh an chosaint a bhíodh ann don Ghaeilge faoi Phlean Áitiúil na Gaeltachta deimhnithe i bPlean an Chontae do Chois Fharraige, an Limistéar Pleanála Teanga sa Ghaeltacht is mó atá faoi bhrú ó Chathair na Gaillimhe.   

Ar ndóigh tá dualgas reachtúil ar gach údarás pleanála, a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina chúram, ‘oidhreacht teanga agus chultúir na Gaeltachta a chosaint, ar a n-áirítear cur chun cinn na Gaeilge mar theanga an phobail’. Le bheith cothrom leis na comhairleoirí ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe ghlac siad le moladh radacach a tháinig ó Roinn na Gaeltachta gur cheart 80% de na haonaid in aon fhorbairt tithíochta i gceantar Chois Fharraige a bheith faoi cheangal ag ‘Clásal Feidhme Teanga’, mar a thugtar air go hoifigiúil, ar feadh 15 bliana. Le bheith cothrom leis na feidhmeannaigh sa gComhairle Chontae rinne siad iarracht mhacánta an Clásal Feidhme Teanga a chur i bhfeidhm trí phróiseas meastóireachta a chur ar bun, rud nach ndearna Comhairle Chontae Chiarraí. 

Fadhb le Tithe Aonair

Ach is tithe aonair is mó a thógtar i gCois Fharraige, taobh thiar den Spidéal.  Ní raibh an oifig pleanála sásta mír eile de Phlean Áitiúil na Gaeltachta a chur i bhfeidhm, a bhain le tithe aonair.  Dúradh i bPlean na Gaeltachta gur cheart a chur san áireamh iarratais ar thithe aonair a bheadh curtha isteach ag  ‘Gaeilgeoirí atá in ann a gcumas labhartha Gaeilge a léiriú’ agus ‘atá in ann a léiriú gur buntáiste fadtéarmach a bheadh iontu’ don phobal Gaeltachta. I bhfocail eile níor cheart go mbeadh aon ghá do dhuine le togha na Gaeilge riachtanas tithíochta a chruthú le cead pleanála le teach buan cónaithe a thógáil sa Ghaeltacht taobh thiar den Choirib. Ach ní mar sin a bhí na rialacha á gcur i bhfeidhm ag an oifig pleanála agus níl sé san Athrú 2(b) ach an oiread. Tá leasú ar an doiciméad molta ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga, faoina bhféadfaí cead pleanála a thabhairt  do dhaoine le Gaeilge líofa, nach as an áit iad. Bheadh an Clásal Feidhme Teanga mar choinníoll leis an gcead ar feadh 15 bliain, rud a chiallódh nach bhféadfaí an teach a dhíol ná a chur ar cíos ach le duine eile  a shásódh an coinníoll teanga. 

An Spidéal

Aithníodh i bPlean Áitiúil na Gaeltachta 2008-2018 (Mír 7.6.1) go bhfuil sé mar aidhm ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ‘cosaint a thabhairt do stádas an Spidéil mar Shráidbhaile Gaeltachta agus cur i gcoinne aon fhorbairt a dhéanfadh díobháil do theanga ná do chultúr an phobail’ agus chomh maith leis sin  dúradh gur ghá ‘An Ghaeilge a neartú tuilleadh sa Spidéal agus an baile a fhorbairt mar Bhaile Gaelach, ina mbeadh raon leathan seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge chomh maith le Béarla’.  Níl aon tagairt don aidhm thuas san Athrú 2(b) agus ní léir gur tugadh mórán airde uirthi le blianta beaga anuas agus é mar pholasaí ag an oifig pleanála gan clásal teanga a bheith mar choinníoll ar thithe aonair sa gceantar. Tugtar faoi láthair cead pleanála sa Spidéal do thithe aonair ar thailte sa gceantar atá ainmnithe mar Thailte Cónaitheacha (Céim 1) gan cúinsí teanga a chur san áireamh agus gan aon chruthú ar riachtanas tithíochta ag teastáil ach an oiread. Ciallaíonn seo gur beag duine ón áit a bheadh in acmhainn suíomh do theach aonair a cheannach taobh istigh de theorainneacha pleanála an tsráidbhaile.

Aithnítear sa Phlean Teanga do Chois Fharraige go mbeidh tionchar láidir ag polasaithe pleanála na Comhairle Contae ar a bhfuil i ndán don Ghaeilge mar theanga an phobail sa Spidéal,  mar gheall ar chomh gar is atá an sráidbhaile do chathair na Gaillimhe. Tá an baol ann go mbeadh an iomarca daoine, nach as an nGaeltacht iad nó nach bhfuil Gaeilge acu, ag lonnú sa Spidéal agus sna Forbacha chomh maith. Chruthódh an brú seo dhá fhadhb mhór don phobal: (i) bheadh sé níos deacra ar dhaoine ón gceantar – cainteoirí dúchais na háite – suíomhanna/tithe feiliúnacha a aimsiú ar phraghas a bheidís in acmhainn a íoc agus (ii) chuirfeadh rabharta daoine nach mbeadh Gaeilge acu ag bogadh isteach sa Spidéal brú mór ar an teanga sna scoileanna agus in eagraíochtaí eile pobail sa gceantar.

’Sé an toradh a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr an bhrú seo ná go ndéanfaí imeallú ar an nGaeilge i saol an phobail sa Spidéal.

Ba cheart go n-aithneofaí an tábhacht faoi leith a bhaineann leis an Spidéal i gcomhthéacs Phlean Teanga Chois Fharraige agus Phlean Forbartha an Chontae. Is é An Spidéal an t-aon sráidbhaile taobh istigh de 20km ón gCathair, ina bhféadfaí a rá go fírinneach go bhfuil an Ghaeilge á labhairt i measc sciar suntasach den  phobal. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaí é sin a aithint i bPlean Forbartha an Chontae, mar a aithníodh i bPlean Áitiúil na Gaeltachta. Tá sé riachtanach go ndéanfaí na forálacha maidir le cosaint na Gaeilge sa Spidéal a neartú, trí Chlásal Feidhme Teanga a chur i bhfeidhm, ní hamháin ar scéimeanna tithíochta ach ar thithe aonair chomh maith, fiú amháin ar thalamh atá zónáilte do thithíocht nó a bheas zónáilte amach anseo.

Conclúid

Mar a sheasann an scéal faoi láthair, déanfar an chosaint don Ghaeilge mar theanga phobail i gConamara sa gcóras pleanála a lagú, i gCois Fharraige agus sa Spidéal go háirithe, má ghlactar leis an Athrú 2(b) atá beartaithe a chur ar Phlean Forbartha na Gaillimhe 2015-2021, gan na leasuithe cuí a dhéanamh air. ’Siad na comhairleoirí contae an t-aon dream atá in ann na leasuithe a mholadh agus dúshlán an Phríomhfheidhmeannaigh a thabhairt seachtain ón Luan seo chugainn, nuair a chuirfear Tuairisc an Phríomhfheidhmeannaigh os comhair cruinniú den Chomhairle Chontae.   Is beag an mhaith a bheith ag réiteach Plean Teanga do cheantar Chois Fharraige má tá polasaithe pleanála na Comhairle Contae ag teacht salach ar chuspóirí na bpleananna teanga agus sin mar atá an scéal  faoi láthair.

Má chuirtear athruithe ábharacha ar an doiciméad Athrú Beartaithe 2(b) ar Phlean an Chontae, beidh próiseas eile comhairliúcháin ann le deis a thabhairt d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair aighneachtaí a dhéanamh faoi na hathruithe, agus ar an gcaoi sin tabharfar deis eile dúinn dul i bhfeidhm ar an bpróiseas.

Idir an dá linn tá an liathróid i gcúirt na gcomhairleoirí contae.

Fág freagra ar 'Is beag an mhaith Plean Teanga má tá polasaithe pleanála tithíochta ag teacht salach air'