Is annamh a chuirtear athchló ar chlasaicí na Gaeilge, cé go raibh riamh iarracht ann as ina dtaobh.
Ach is mó sin leabhar a raibh éileamh agus ráchairt mhór air tráth a bhfuil ciúnas chanúint na Tiarachta anois air. An mó leabhar de chuid Shéamuis Uí Ghrianna a bhfuil teacht go furasta orthu anois, gan trácht ar an Athair Peadar féin in ainneoin na n-ainneoin?
Ina dhiaidh sin is iontach go bhfuil athchló ar Fonn a Níos Fiach le Pádraig Ua Maoileoin (Leabhar Breac €16), duine de na scríbhneoirí sin a bhíodh i mbéal an phobail ach atá ag imeacht uainn diaidh ar ndiaidh.
Ba chlasaic riamh iad na haistí in Na hAird ó Thuaidh, go háirithe na haistí tosaigh ina raibh níos mó Gaelainne ná mar a gheofá i gclocha scáil na reilige a bhfuil a haghaidh leis an mBlascaod Mór.
Agus ba é a chruthaigh carachtair nárbh fhurasta dearmad a dhéanamh orthu, Bríde Bhán í féin, agus a Stail Aduaidh, fág gur dócha nár dhuine é Bod Bod go mbeadh aon ghlacadh leis inniu, má bhí riamh.
Ach tá cead ag scríbhneoir réim a ligean lena shamhlaíocht féin, agus sin é atá déanta aige anseo. Is carachtair lán-phaidímhaoileonacha iad Seán agus Braoiní agus Freáilí agus Maidhcí agus Miní an róid agus gach duine eile san insint dhiamhair eachtrúil seo.
Aimsir an drochshaoil am an scéil, nó go gairid ina dhiaidh. An t-ocras ar chách.
Feiceann Seán an seibineach mór giorria seo agus gabhann á fhiach. Ní hamháin go mbeadh le n-ithe mar mhalairt agus mar riachtanas in aghaidh an phráta ach bheadh ‘súp go cluasa’ ag a theaghlach go ceann i bhfad.
Aimsir gheimhridh atá ann agus is fuar fuar an mhá leathan agus an cnoc ar a bhfuil an lorg. Mar sin, ar barra, is scéal seilge atá ann ach fásann níos leithne ná sin go samhlaíonn Seán gur ‘oilithreacht’ atá ann, oilithreacht faoina anam. Maidir leis an bhfuacht céanna, níorbh fholáir duit cóta mór a chaitheamh á léamh ar eagla go dtitfeadh do chuid foirceann díot mar a tharla domsa nuair a léigh mé One Day in the Life of Ivan Denisovich le Solzhenitsyn den chéad uair – agus den uair dheireanach.
Ach tá an fuacht seo fileata, mar atá an trácht ar an nádúr, ar an dúlra, agus mar atá an ghearrchaint idir na daoine.
Cé gur i leataoibh na slí atá cuid de na carachtair aige ó thaobh phríomhchúram an scéil de, is cuid bhlasta den phota iad ina gcuirfí an Cailín Rua de ghiorria dá mbéarfaí uirthi. Fútsa atá sé an méid sin a fhionnachtain duit féin.
B’fhéidir gurb é seo an saothar is ealaíonta a scríobh Pádraig Ua Maoileoin, agus más mian leat é a léamh b’fhearr a dhéanamh sa tsamhradh agus gan aon chuimhneamh a bheith agat ar ghiorria ná ar choinín féin a bheith agat i gcomhair an dinnéir.
Fág freagra ar 'Is annamh a chuirtear athchló ar chlasaicí na Gaeilge, ach seo chugainn ceann acu'