Is ait an mac an móramh sa Tuaisceart

D’fhéadfadh gur Sinn Féin a bheidh ar thús cadhnaíochta sa Tuaisceart gan mhoill ach tá athrú freisin ar an tseandeighilt thraidisiúnta

Is ait an mac an móramh sa Tuaisceart

Mhaígh an Tiarna Frost, Aire Breatimeachta na Ríochta Aontaithe, le gairid go raibh ‘móramh’ Thuaisceart Éireann in éadan an Phrótacail iarBhreatimeachta.

Is ait an mac an móramh seo.

Bhaintí leas as an téarma ar feadh na mblianta chun cur síos ar aontachtaithe; bhí na focail comhchiallach ach tá an saol athraithe.

Ligimis le David Frost gur mhíthuiscint ba chúis lena mhaíomh. Seans gur ag baint leasa as an tseantéarmaíocht a bhí sé agus nach ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ar mhaithe lena thogra polaitiúil féin é. Cé a déarfadh go raibh lucht an Bhreatimeachta (bus Boris?) spárálach leis an bhfírinne!

Tá móramh de na páirtithe aontachtacha in éadan an Phrótacail, gan dabht. Ach is mionlach iad na páirtithe aontachtacha in Stormont ó 2017. Ina theannta sin is mionlach iad I measc na bhfeisirí Parlaiminte chomh maith, 8 as 18 suíochán acu. B’fhéidir nach mbíonn sé sin soiléir in Westminster toisc nach bhfreastalaíonn seacht bhfeisire Shinn Féin ach is minic a fhógraíonn beirt ionadaithe an SDLP agus feisire Alliance nach móramh iad na haontachtaithe níos mó, má tá éinne ag éisteacht leo.

Chaill an DUP dhá shuíochán Parlaiminte in 2019, na vótóirí ag baint a ndeasca amach faoi iompar an pháirtí nuair a bhí na Tóraithe ag brath orthu chun iad a choinneáil in oifig. Áiríodh gurb é tiomantas an DUP do Bhreatimeacht crua ba mhó a rinne dochar dóibh, é sin agus an folús in Stormont ó Eanáir 2017.

Buaileadh buille síceolaíoch an-trom ar na páirtithe aontachtacha i dtoghchán an Tionóil in 2017. Ba mhionlach iad den chéad uair ó bunaíodh an stát céad bliain ó shin, na sé chontae roghnaithe chun móramh aontachtach a bhuanú. San iomlán, idir DUP, UUP, TUV agus neamhspleách toghadh 40 Teachta Tionóil.

D’fhág sin 50 suíochán ag na páirtithe eile, Sinn Féin, SDLP, Alliance, Comhaontas Glas agus Pobal Seachas Brabach. Sin é an móramh a ghlacann leis an bPrótacal fhad is go leigheasfar fadhbanna faoi chógais leighis agus a leithéidí.

Deir ceannaire nua an UUP, Doug Beattie gur aontachtaithe iad an chuid is mó de na daoine nach gcaitheann a vóta. Tá sé ag iarraidh tathant orthu sin vótáil san chéad toghchán Tionóil eile. Tá na páirtithe aontachtacha go léir ag iarraidh a stádas mar mhóramh a fháil ar ais, baint mhór ag feachtas an DUP agus Jeffrey Donaldson in aghaidh an Phrótacail le hiarracht chun an titim ar thacaíocht an pháirtí a iompú droim ar ais.

Údar imní is ea é nuair a thiteann an ráta vótála faoi bhun 60% abhus; 62% a chaith vóta i dtoghchán Westminster in 2019, 65.6% san olltoghchán roimhe sin in 2017 agus 64.8% i dtoghchán an Tionóil an bhliain sin. Bhí iomaíocht ghéar sna babhtaí sin ar fad, an toghchán Tionóil in 2017 nimhneach mar gheall ar chonspóid an chrogaill, achasán Arlene Foster ar lucht éilimh Acht Gaeilge. Bhí an tinreamh in 2016 i bhfad níos ísle – 54.9% agus ní raibh sé mórán níos fearr in 2011 – 55.7%.

Sna blianta tosaigh i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998 bhí an córas bunaithe go príomha ar an deighilt thraidisiúnta idir aontachtaithe agus náisiúnaithe. Tá trí roinn i gceist anois áfach, Alliance ag fás agus ionadaithe ag na Glasaigh agus Pobal Seachas Brabach. Mura n-éiríonn le dream éigin míorúilt a bhaint amach tá gach dealramh ar an scéal nach mbeidh móramh ag aon dream feasta.

D’ainneoin na cainte faoi na daoine nach gcaitheann vóta ní raibh an titim ar an vóta aontachtach in iomláine drámatúil; 48% in 2003 sa toghchán ina ndeachaigh an DUP chun tosaigh ar an UUP, 47.6% in 2016 agus 45% an bhliain dár gcionn. In 2007 a bhí an vóta ‘náisiúnach’ (Sinn Féin + SDLP) is mó, 41.4%. Thit sé go 36% in 2016 agus mhéadaigh sé an bhliain dár gcionn go 39.8%.

Foilseofar pobalbhreith nua de chuid Lucid Talk i gceann roinnt seachtainí: má bhí bunús maith leo sin a foilsíodh go dtí seo beidh sciar níos mó den vóta ag Alliance ná mar a bhí cheana, agus tacaíocht á tiomsú acu as gach ceard más fíor. Cé go bhféadfadh Sinn Féin a bheith ar thús cadhnaíochta leis an líon is mó suíochán meastar go bhféadfadh na trí ranna a bheith cóngarach dá chéile. Ní léir gur thug na Tóraithe, an Tiarna Frost go háirithe, aon aird ar chomhdhéanamh an Tionóil ach tá caint  i measc aicmí polaitiúla áirithe faoi phlé maidir le socruithe don ré nua, gan móramh ag aon dream.

Fág freagra ar 'Is ait an mac an móramh sa Tuaisceart'