Ireland’s Rising: Reacaireacht thuisceanach, dheisbhéalach agus clár taitneamhach

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Tá rian láidir de Who Do You Think You Are ar Ireland’s Rising, sraith nach bhfuil de locht uirthi ach a laghad

Jim-McGuinness

Tá comóradh RTÉ ar Éirí Amach 1916 faoi lánseol agus go leor cláracha le craoladh as seo go dtí an Cháisc. Cheana féin tá Ireland’s Rising (RTÉ 1, aréir) againn, sraith ceithre chlár ina dtéann daoine móra le rá ag tochailt sa stair le rólanna a gcontaetha dúchais san Éirí Amach a thabhairt chun solais. Más ag tochailt rólanna na gcontaetha atáid, nár cheart go mbeadh 32 clár ann? Tuigim go mbeadh sin áiféiseach ó thaobh buiséid, ach is cnusach luachmhar a bheadh ann mar sin féin.

Pé scéal é, tá na rannpháirithe scaipthe go maith go tíreolaíoch, lena cheart a thabhairt do gach cúige, agus sa tríú clár sa tsraith, ba é Jim McGuinness ó Dhún na nGall bhí ár dtabhairt siar ar bhóithrín na smaointe ( b’iad Ann Doyle agus Ryan Turbridy a bhí sa chéad dá chlár agus í agus Fiona Shaw a bheidh sa cheann deireanach). Tá rian láidir de Who Do You Think You Are le feiscint ar chúrsaí agus Jim ag tús an chláir ag cíoradh a ghinealaigh.

Cloisimid faoi theaghlach ina raibh ceithre pháiste déag agus go raibh ar dheichniúr acu, faoi mar a bhí ar mhórán de lucht a gcomhaoise sa tréimhse, aghaidh a thabhairt ar an mbád bán.

Déantar trácht ar fhear gaoil a cailleadh in Albain agus gan é ach dhá bhlian is fiche agus gan éinne muinteartha leis le hé a adhlacadh. Scéalta truamhéalach na heisimirce, agus deir Jim féin go léargasach gurb é an scéal céanna i gcónaí é agus a chontae dúchais buailte ag tragóid na heisimirce arís le blianta beaga anuas. Go deimhin, is eisimirceach é féin go pointe óir tá sé ag obair mar chuid den fhoireann tacaíochta le foireann sacair Celtic, rud a threisíonn an nasc leis an áit dhúchais, dar leis.

Ina theannta sin ar fad, nochtar gur cuireadh fear gaoil eile leis i ngéibheann i bhFrongoch.

Ní fhágtar an Ghaeltacht ná an Ghaeilge in áit na leathphingine. Luaitear an tábhacht a bhaineann le hathbheochan na Gaeilge san éirí amach agus an bhaint a bhí ag Roger Casement, Joseph Mary Plunkett agus Pádraig Mac Piarais le Coláiste Uladh i nGort a’ Choirce.

Téitear níos faide siar ná imeachtaí 1916 agus tugtar cuntas ar bheirt iascairí ó Oileán Ghabhla a bhí páirteach, i ngan fhios dóibh féin ar dtús, i smuigléireacht gunnaí ar an Asgard in 1914.

Ceann de na téamaí atá le sonrú i rith an chláir ná go bhfuil stair na tréimshe níos casta agus níos iltoisí ná mar a tugadh le fios dúinn sna leabhair staire scoile fadó.

Deir Seosamh Ó Ceallaigh ó Choláiste Uladh go mb’fhéidir go bhfuil na cuimhní agus na comórthaí róghlas agus go bhfuil dearmad déanta ar an traidisiún oráiste/Protastúnach i gcomhthéacs Bhratach na dTrí Dhath.

Luann Jim féin go raibh tuairim is 1,500 fear óg ó Dhún nan Gall ag troid ar son na Corónach i dtrínsí an Chéad Chogadh Domhanda fad is a bhí cuid de lucht a gcomhaoise sa bhaile ag dul sna hÓglaigh le héirí amach i gcoinn na Corónach. Léiríonn ballraíocht an RIC castacht agus cigilteacht na ndílseachtaí seo. Bhí an Constábla Charles Mc Gee, Caitliceach agus cainteoir Gaeilge ó Inis Bó Finne, ar dhuine de na céad daoine a maraíodh le linn an éirí amach nuair a lámhach na hÓglaigh é.

Reacaire tuisceanach, deisbhéalach é Jim agus clár taitneamhach, eolgaiseach é seo ach faoi mar a luas thuas, ní leor ceithre chlár leis an ngoile a shásamh.

Fág freagra ar 'Ireland’s Rising: Reacaireacht thuisceanach, dheisbhéalach agus clár taitneamhach'