Iontas ar Shatter gur bhac Johnny Ronan le Gaeilge a chur ar mhana na Naitsíoch

‘It is totally bizarre that he felt the need to have the statement translated into Irish’ a deir Shatter agus cáineadh á dhéanamh aige ar an úsáid a bhain an forbróir as an bhfrása ‘Arbeit Macht Frei’

File: Minister for Justice Alan Shatter Under Pres

Tá ráite ag iarAire Dlí agus Cirt, Alan Shatter, go raibh sé ‘fíor-aisteach’ gur chuir Johnny Ronan, an forbróir tithíochta, Gaeilge ar maidin ar an mana Naitsíoch ‘Arbeit Macht Frei’.

Thuill Johnny Ronan cáineadh tráthnóna as úsáid a bhaint as an bhfrása a crocadh os cionn gheataí roinnt mhaith champaí géibhinn sa Ghearmáin le linn an Dara Chogaidh Domhanda.

Scríobh Ronan ‘Arbeit macht frei’ nó, i nGaeilge, ‘Tugann saothar saoirse’” ag bun an ráitis a thug sé don fhiosrúchán baincéireachta inniu. D’áitigh sé sa ráiteas gur scrios NAMA a ghnó.

Bhí Arbeit Macht Frei le feiceáil ag Auschwitz agus Dachau i measc champaí eile géibhinn sa Ghearmáin.

Dúirt Alan Shatter (FG) go raibh sé mí-oiriúnach go ndéanfaí tagairt dá leithéid d’fhrása ar shuíomh an Oireachtais áit a mbeadh an saol mór in ann é a fheiceáil.

“It is totally bizarre that he felt the need to have the statement translated into Irish. I can only presume that he did not know the origin of the phrase or its misuse to seductively encourage people to cooperate in their own death and destruction and in that of their loved ones,” a dúirt an Teachta Dála i ráiteas a rinne sé inniu.

Fág freagra ar 'Iontas ar Shatter gur bhac Johnny Ronan le Gaeilge a chur ar mhana na Naitsíoch'