‘Iontas’ agus ‘díomá’ faoi easpa tagairtí don Ghaeilge i gcáipéisí oideachais nua

Níl tagairt ar bith déanta don Ghaeilge i gcáipéisí atá foilsithe ag an Roinn Oideachais agus ag an Roinn Breisoideachais

‘Iontas’ agus ‘díomá’ faoi easpa tagairtí don Ghaeilge i gcáipéisí oideachais nua

Tá iontas agus díomá léirithe ag eagraíochta teanga agus oideachais faoin easpa tagairtí don Ghaeilge i gcáipéisí nua atá seolta ag an Roinn Oideachais agus an Roinn Breisoideachais.

Is í an chéad cháipéis nua a tharraing aird lucht na teanga ná an tuarascáil ón Roinn Oideachais, Teacher Demand and Supply in Ireland 2020-2036. Cé go bhfuil aird tarraingthe arís agus arís eile ar na fadhbanna a bhíonn ag scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le soláthar múinteoirí, níl aon tagairt dó sin sa tuarascáil nua ón Roinn.

Inné, d’fhoilsigh an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Ráiteas Straitéise nua na Roinne sin, straitéis nach bhfuil aon tagairt den Ghaeilge, a bheag ná mó a mhór, luaite ann

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur “mór an náire” í an straitéis nua.

“Níl oiread is tagairt, sprioc nó beartas amháin ann don Ghaeilge,” a dúirt de Spáinn.

Dúirt Conradh na Gaeilge go raibh neamhaird déanta ag an Roinn Breisoideachais ar gach ceann den bheagnach leathchéad moladh a bhí déanta ag an eagraíocht Ghaeilge i leith na teanga.

Maidir le tuarascáil na Roinne Oideachais ar sholáthar múinteoirí, dúirt Cathaoirleach COGG gur údar iontais dó nach bhfuil aon tagairt ann do na fadhbanna earcaíochta ar leith atá ann ag scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Déantar tuar sa tuarascáil go dtiocfaidh laghdú ar líon na ndaltaí i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna an stáit sna blianta amach romhainn agus go bhféadfadh go mbeadh barraíocht múinteoirí ann idir seo agus deireadh na 2020idí.

Tá lucht an ghaeloideachais ag rá le fada, áfach, go mbíonn deacrachtaí níos mó ina scoileanna féin ná sna gnáthscoileanna ó thaobh soláthar múinteoirí agus go bhfuil todhchaí na Gaeilge sa chóras oideachais i mbaol de bharr easpa múinteoirí cáilithe.

Cé go luaitear sa tuarascáil seo ón Roinn Oideachais go mbíonn deacrachtaí ann múinteoirí Gaeilge a fháil chun Gaeilge a theagasc ag leibhéal na n-iarbhunscoileanna, ní dhéantar aon tagairt eile don Ghaeilge ná don Ghaelscolaíocht inti.

Cé go n-aithníonn Dónal Ó hAinféin gur réamhthuairisc atá anseo agus go ndeir an Roinn Oideachais go bhfuil anailís bhreise le déanamh ar a bhfuil luaite inti, deir gur cúis iontais dó nach bhfuil aon tagairt ar leith do scoileanna Gaeilge ná Gaeltachta inti.

“Aon rud a chuireann le pleanáil soláthar múinteoirí, atá cáilithe go cuí, fáiltímid roimh, ach cuireann sé iontas orm nach bhfuil aon tagairt don earnáil lán-Ghaeilge ná Gaeltachta sa tuarascáil tosaigh seo.

“Beimid ag cur an iúl don Roinn, nuair atá comhairliúchán ar bun bunaithe ar an dtuarascáil seo, go gceapann muid gur bearna é sa tuarascáil seo nach bhfuil an scolaíocht Ghaeltachta ná lán-Ghaeilge curtha san áireamh inti.

“Táimid ag súil go bhfuil cíoradh sa bhreis agus anailís níos doimhne le déanamh ar an bhfianaise atá bailithe sa tuarascáil agus go gcuirfear an earnáil lán-Ghaeilge san áireamh san anailís sin.”

De réir na tuarascála, d’fhéadfadh laghdú 24% teacht ar líon na ndaltaí bunscoile idir 2020 -2036, ach deir Ó hAinféin, atá ina phríomhoide ar Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg in Inis, nach gá go mbeadh titim ar líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna le linn na tréimhse céanna.

“Cé go mbeidh líon na ndaltaí ag laghdú, ní chiallaíonn sé sin go mbeidh líon na ndaltaí a bheidh ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge ag laghdú. Sé ár dtuairim go mbeidh líon na ndaltaí sin fós ag fás sna blianta amach romhainn,” arsa Ó hAinféin.

“Tá taighde feicthe againn a léiríonn go roghnódh suas le 25% de thuismitheoirí rogha lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal dá mbeadh a leithéid ar fáil dóibh. 

“Is gá dúinn mar sin a chur san áireamh go bhféadfadh suas le 25% de mhúinteoirí na tíre amach anseo a bheith ag teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge má tá sé mar aidhm fós ag an stát an earnáil lán-Ghaeilge a fhorbairt agus a threisiú mar atá luaite sna polasaithe rialtais le fada.”

Deir Ó hAinféin go mbeidh deis ann an cóimheas múinteoirí is daltaí sa seomra ranga a laghdú ach nach mbeadh sé féin ag súil le titim i líon na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna san earnáil lán-Ghaeilge, go háirithe agus tuilleadh iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge le bunú agus aonaid Ghaeilge le forbairt i scoileanna.

Measann Ó hAinféin go mbeidh gá athbhreithniú a dhéanamh ar na cúrsaí oiliúna do mhúinteoirí le Gaeilge. Cuireadh tús leis an gcúrsa Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge don bhunmhúinteoireacht in Institiúid Marino in 2019 ach níl ach áit do 35 dalta sa mbliain ar an gcúrsa sin agus deir Ó hAinféin go mbeadh athruithe ag teastáil chun freastal ar an éileamh.

“Bunaithe ar an gcíoradh agus an t-anailísiú a tharlóidh, beidh orainn a bheith ag breathnú an gá cúrsa lán-Ghaeilge eile do bhunmhúinteoirí a chur ar fáil? Nó an gá, nuair a bheidh tréimhse mhaoinithe an chúrsa reatha in Institiúid Marino istigh, an mbeidh gá na huimhreacha iontrála a mhéadú faoi dhó nó faoi thrí chun freastal ar an earnáil?”

Deir Ó hAinféin chomh maith go mb’fhéidir go mbeadh cúrsa eile amhail an Máistir Gairmiúil san Oideachas atá in OÉ Gaillimh á chur ar fáil in institiúid tríú leibhéal in oirthear na tíre.

Deir Cathaoirleach COGG gur aitheantas atá sna cúrsaí nua lán-Ghaeilge go bhfuil na cáilíochtaí cuí ag teastáil don earnáil lán-Ghaeilge, agus go mb’fhéidir go bhfuiltear ag aithint “nach bhfuil an cháilíocht lán-Bhéarla go hiomlán cuí”.

Deir sé go bhfuil sé léirithe nach mbíonn múinteoirí a thagann amach as na cúrsaí lán-Bhéarla ag lorg post i nGaelscoileanna de bharr nach mothaíonn siad féin go bhfuil siad cáilithe don earnáil lán-Ghaeilge.

Fág freagra ar '‘Iontas’ agus ‘díomá’ faoi easpa tagairtí don Ghaeilge i gcáipéisí oideachais nua'

  • S. Mac Muirí

    Tá roinn an bhéarla i ndiaidh labhairt. Níl ionadh ar bith orm gur faoina ngnóthaí féin amháin a labhraíodar.

  • Bríd

    Cad é ról an Pholasaì don Oideachas Gaeltachta ag an bomaite seo? An bhfuil aon ról?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá géarghá le níos mó Gaeilge i scoltacha agus institiúidí dara agus tríú leibhéal taobh amuigh den Ghaeltacht sa tír seo. Muna dtosaítear ag cuir an Ghaeilg chun cinn taobh amuigh den Ghaeltacht chun tacú leis na Gaeltachtaí, leanfaidh an imeallú ar an Ghaeilge agus ar na Gaeltachtaí.

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!!

  • Pól Ó Braoin

    Cén fáth an ‘t-iontas’?? Iontas a bheadh ann dá ndéanfaí tagairt ar bith don Ghaeilge ná do phobal na Gaeilge sa Roinn Oideachais Bhéarla. Tá muid faoi cheannas FFFG agus a fhad agus a bheas muid faoi cheannas FFFG, ní bheidh aon ollscolaíocht Ghaeilge sa tír seo (rud a shábhálfadh an teanga agus an ghaeltacht), ná aitheantas ar bith dár dteanga ach amháin leithéidí “seachtain na gaeilge” agus seafóid den sórt céanna á cartadh inár dtreo go dtí nach mbeidh an Ghaeilge ina teanga bheo níos mó.

  • An tEisreachtach

    Cén fáth an ‘t-iontas’? a deir Pól Ó Braoin thuas.
    Mar gur dream saonta, soineanta, neamhsmaointeach iad an chuid is mó de Ghaelgeoirí, dream a chreideann fós go ndéanfaidh FF nó SF leas na Gaeilge.