Iontais go leor i ‘Samhlú’ álainn, Gaeilge Tommy Tiernan ina measc

Bhí draíocht is samhlaíocht agus ardú croí sa chlár is déanaí ó Fíbín

Iontais go leor i ‘Samhlú’ álainn, Gaeilge Tommy Tiernan ina measc

Tá a fhios ag an saol Fódlach gur bhuail paindéim 2020 buille tubaisteach ar earnáil na n-ealaíon in 2020. Thug an clár spleodrach, anamaúil, ealaíonta Samhlú (TG4, Dé Máirt) ardán agus ardú meanma d’ealaíontóirí. Thug sé ardú meanma don lucht féachana chomh maith.

Díolaim ealaíon a bhí sa saothar is déanaí ón gcomhlacht Fíbín agus bhí damhsa, ceol, amhránaíocht, graifítí, lúibíní agus sceitsí ann. Tharraing an scríbhneoir/stiúrthóir Philip Doherty coincheap an fhánaí chuige féin leis an meascán mearaí seo a chniotáil le chéile in aon chlár draíochtúil amháin.

Déanann fánaí, Tommy Tiernan, cuid mhaith scéalaíochta agus tráchtaireachta i gcaitheamh an uair an chloig go leith seo. Is iad a fhocla agus a thaispeántas siúd is mó a fhanann liom agus ba é Tiernan ceann de bhuaicphointí an chláir.

“Tá draíocht sa mbaile beag seo. Is neamh ar thalamh é do lucht ealaíona, ceoltóirí agus carachtéirí,” a deir sé linn agus é tagtha go baile beag osnádúrtha in Iarthar na hÉireann (Cloch na Rón) lena chip is a mheanaithe drámaíochta bailithe isteach ina chairtín beag amháin. Go deimhin ba gheall le carachtar ann féin é an baile agus cuma álainn, chluthair, dhraíochtúil air fé dhorchadas na hoíche, faoin mbáisteach agus faoi na soilse de gach sórt.   

“Déanfaimid halla ceolchoirme den phóirse, gailearaí de bhinn an tí, stáitse den gharraí cúil, amharclann den chisteanach, beidh féile rac i veain an chipper agus beidh seolta na mbád mar scáileán scannán ag léiriú ár gcuid aislingí.”

Dheineadar sin go paiteanta agus an t-iliomad ealaíontóir i mbun a cheirde:

Julie Feeney, David Geaney, Slow Moving Cloud, Robbie Blake, Tonnta, Séamus Ó Flatharta, Rossa Ó Snodaigh, Róisín Ní Mhainín agus a thuilleadh eile nach iad.

Lena chois chuir píosa ceoil spreagúil, nua-chumtha ó Bill Whelan clabhsúr ar an gclár mar a raibh montáiste de thaispeántais na n-ealaíontóirí éagsúla.

Bhaineas súp as an script bhreá Ghaeilge agus dhein Tiernan a léamh sainiúil féin air agus Gaeilge bhreá shnasta uaidh ó thús deireadh. Deir sé féin nach bhfuil mórán Gaeilge aige ach de réir dealraimh chaith sé an-dua leis an teanga. Tá ceacht anseo b’fhéidir don dream léirithe a bhíonn ag cnáimhseán go gcuireann an Ghaeilge laincis ar shaoirse léiriúcháin.

Bhí lúibín breá (cumtha ag Ray Mac Mánais) idir Tiernan agus Peadar Cox, bord breá fada ag cur leis an drámatúlacht agus ag coimeád an Chovid ó dhoras. Bhí sceitsí beaga deasa leis le Máire Ní Mháille agus Peadar Ó Cúláin is a léamh féin acu ar chúrsaí, agus bhain ruthaig orduithe chipeanna le Micheál Ó Dubhghaill gáire asam.

Fite fuaite leis seo ar fad bhí sé ghearrscannán a thug léargas ar phróiseas cruthaitheachta na n-ealaíon difriúil, ó ghraifítí ar bheanna tí i bPort Láirge go cleamairí Liatroma. Bhí a maitheasaí féin ag baint leis na gearrscannáin seo ach thosaigh an Béarla ag brú isteach níos mó ná mar ba ghá agus den draíocht ábhairín dá bharr.

De réir mar a thuigim is i mí na Samhna a chuathas i mbun taifeadta ar an saothar seo agus tá moladh mór ag dul do Fíbín as clár chomh slacmhtmhar, ealaíonta, samhlaíoch agus spreagúil a chur i dtoll a chéile.

Fág freagra ar 'Iontais go leor i ‘Samhlú’ álainn, Gaeilge Tommy Tiernan ina measc'

  • CRISTINE ui LABHRAI

    . FAIR PLAY LE CUILE DUINE A BHI PAIRTEACH .COMHGAIRDEAS LE BILL WHELAN AS UCHT AM CEOL &A MHAC BRIAN